D’fhág sé a chairde ag ceathrú chun a deich agus chuaigh suas Sráid Sheoirse Mhór Theas. Chas ar chlé ag Stuara Shráid Sheoirse agus shiúl ar aghaidh go Sráid Grafton. Bhí an slua cailíní is fear dulta i dteirce agus chuala sé go leor grúpaí is lánúineacha ag fágáil sláin ar a chéile don oíche ar a bhealach suas an tsráid. Stop sé ag clog Choláiste Ríoga na Máinlianna: bhí sé ar bhuille a deich a chlog. Shiúl sé leis go géar gasta ar feadh an taoibh ó thuaidh den Fhaiche ar fhaitíos go bhfilleadh Corley róluath. Nuair a shroich sé coirnéal Shráid Meirfean, sheas sé a fhuireach faoi scáth lampa agus tharraing amach ceann de na toitíní a choinnigh sé agus las é. Bhain sé taca as an chuaille lampa agus choinnigh a shúil ar an treo a raibh sé ag súil le Corley agus leis an bhean óg.
Bheoigh a inchinn arís. Ní fheadar ar éirigh le Corley. Ar chuir sé an cheist uirthi fós nó an bhfágfadh sé sin don nóiméad deireanach. D’airigh sé gach deann imní agus scleondair dar bhain le dála a charad, chomh maith le deanna a dhála féin. An chuimhne ar cheann Corley ag imrothlú timpeall go mall, thug sé sin iarracht éigin suaimhnis dó: bhí sé cinnte go mbéarfadh Corley an lá ceart go leor. Bhuail sé ina cheann go mb’fhéidir gur thionlaic Corley abhaile í ar bhealach eile agus gur thug cor dó. Ghrinnigh sé an tsráid: ní raibh tásc ná tuairisc orthu. Ach caithfear go raibh leathuair an chloig caite ó chonaic sé clog Choláiste na Máinlianna. An ndéanfadh Corley a leithéid de rud? Las sé a thoitín deiridh agus thosaigh dá chaitheamh go himníoch.