Jump to content

Leabhar na Polainne/4

From Wikisource
119427Leabhar na Polainne — LEABHAR AN NÁISIÚIN PHOLANNAIGAdam Mickiewicz
[ 21 ]
LEABHAR AN NAISIUIN PHOLANNAIG
O THOSACH AN DOMHAIN GODI MARTRA AN NAISIUIN PHOLANNAIG.

1. Ar dtúis do chreideadh daoine in aon Dia amháin agus do bhí an tsaoirse fé réim sa domhan. Ní raibh aon dlí acu ach dlí thoile Dé; agus ní raibh máistrí ná daoir ann: ní raibh ann ach árd-aithreacha agus a gclann.

2. Ach ar ball do shéan na daoine an t-aon Dia amháin agus do chumadar mórán íodhal dóibh féin agus d’adhradar iad: do dheinidís íbeartha fuilteacha chun na n-íodhal agus do throididís thar ceann onóra na n-íodhal.

3. Agus is uime sin do chuir Dia lucht na n-íodhal d’adhradh fen leattrom ba mhó, sé sin, an daoirse.

4. Agus do dhein daoir de leath na ndaoine agus do cuireadh fé smacht na coda eile iad, cé gur shliocht aon athar iad go léir. Oir do bhíodar taréis céad-cheap a sinsear do shéanadh agus aithreacha iolartha do cheapadh dhóibh féin: an duine seo á rádh gur ón dtalamh do shíolruigh sé, agus an duine ud gur ón muir do shíolruigh sé, agus duine eile gur ó dhúil éigin eile do shíolruigh sé.

5. Ansan, taréis daor a dhéanamh dá cheile tré chogadh, do thuiteadar go léir i ndaoirse fén Impire Rómhánach.

6. Do dhein an tImpire Rómhánach Dia dhe féin [ 22 ]agus d’órduigh sé gan a bheith de dhlí sa domhan ach dlí a thoile féin: gach ní do mholfadh sé do bheith go maith agus gach ní do cháinfadh sé do bheith ina choir.

7. Agus do bhí lucht feallsamhnachta láimih leis agus iad ullamh ar a áiteamh ar chách gur mhaith an rud a dhein an tImpire nuair a dhein sé amhlaidh.

8. Mar sin ní raibh urraim ag Impire na Róimhe do ní ar bith thuas ná do ní ar bith thíos.

9. Agus do leath an daoirse ar fuaid an domhain go léir; agus ní raibh a lithéid de dhaoirse sa domhan roime sin ná riamh ó shin ach amháin sa Rúis inár n-aimsir féin.

10. Oir, imeasc na dTúrcach féin, ni foláir don tSultánach umhlú do dhlí Mhahmúda: níl cead aige an dlí sin do mhíniú do réir a thoile féin—táid sagairt Mhíslemeacha ann chuige sin.

11. Ach, sa Rúis, isé an tImpire ceann an chreidimh agus pé ní órduighean sé a chreidiúint ni foláir géilleadh don ní sin.

12. Agus do mhéaduig ar an ndaoirse ar fuaid an domhain agus do dhein daoirse chriochnuithe dhi: ní duibhe an doircheacht i lár na hoíche is sia sa mbliain ná an daoirse ba thruime in aimsir dhaorsmacht na Róimhe.

13. San am san do tháinig Iosa Criost, Mac Dé, ar an saol, ghá mhúine do dhaoine gur ina mbráithribh do rugadh iad agus gur chlann d’aon Dia amháin iad,

14. Agus gurb é is mó imeasc daoine ná an té dheinean fónamh dóibh agus a thugan a anam ar a son. Dá fheabhas a bheadh duine isea ba chóra dhó íbirt a dhéanamh de féin. Uime sin níorbh fholáir do Chríost, don té do bfearr ar bith, a chuid fola do thabhairt ar

son na ndaoine sa pháis ba ghéar-dhólásaighe. [ 23 ]


15. Is mar sin do mhúin Críost dúinn gan brí ar bith do dhéanamh d’eagna dhaoine, ná de chomhacht, ná de shaibhreais, ná de choróinn, ná de ní air bith ach amháin d’íbirt a dhéanamh dínn féin chun leasa don chine daona.

16. Agus an té a thugan suas é féin ar son cách, gheo sé eaqna agus comhacht, saibhreas agfus coróinn, ar talamh agus ar neamh agus san uile áit.

17. Ach an té dheinean íbirt de chách dhó féin chun go mbeadh eagna agois comhacht agus saibhreas aige, ní bheidh aige ach baois agus dealbhas aqus damnú ar talamh agus in ifrionn agus san uile áit.

18. Agus deir Críost sa deire: An té a leanfidh Mise slánófar é óir is Mise an Fhírinne agus an Ceart.

19. Agus nuair a bhí Críost ag múine na nithe sin do ghaibh scanradh na breitheamhain do bheireadh brethúntas in ainm Impire na Róimbe agus dubhradar: Do scriosamair an Ceart as aghaidh na talmhan agus seo chugainn tharnais arís é; marbhuighmís é agus cuirimís é.

20. Agus do chuiredar chun báis an té ba naofa ao'us ba nea-chiontaighe ar bith, agus do chuireadar sa tuama é agus do ghlaodar: Ní mhairean Fírinne ná Ceart ar an dtalamh feasta. Cé éireoidh chun Impire na Róimihe anois?

21. Ach ba chaint bhaoth an chaint sin acu, mar ní raibh ifhios acu, nuair a dheineadar an choir sin thar corthaibh, gur líon si tomhas a n-éagcórtha dhóibh agus gur chuir sí a gcomhacht ar neamhní nuair ba mhó a n-áthas uimpe.

22. D’éirig Críost ó mharbhaíbh agus do ruaig chun siúil roimis na himpirí agus do chuir an chros os cionn [ 24 ]a bpríomh-chathracha; agus thug na tiarnaí saoirse dá ndaoraibh agus d’admihuighdar gur bhráithre dhóibh féin iad; agus na ríthe do hungadh in ainm an Tiarna d’admihuighdar dlí Dé do bheith os a gcionn; agus dfill an Ceart ar an dtalamlh arís.

23. Gach treabhchas daoine do ghlac an creideamh— Gearmáinig, Iodáilig, Francaig, Polannaig—d’admhuighdar go léir gurbh aon chine amháin iad agus do tugadh an Chriostuiacht mar ainm ar an gcine sin.

24. D’admhuig ríthe na gcineacha go léir gur bhráithre dá chéile iad agus do ghluaisidís fén aon chomhartha amháin, fé chomhartha na croise.

25. Do théidís na curaí uile ag comhrac le págánaig na hAise chun Críoistuithe na hAise do chosaint orra aguS chun tuama an tSlánathóra bhaint díobh.

26. Agus crosáid an ainm a tugadh ar an gcogadh san na hAise.

27. Agus, bíodh nách chun glóire do thuilleamh dóibh féin do throideadh na Criostuithe, ná fós chun talamh ná saibhreas do bhaint amach dóibh féin, ach chun na Tíre Beannuithe do shaoradh, thug Dia dhóibh, mar thuarastal as an gcogadh san glóire agus tíortha agus ollamhathas agus eagna. Agus tháinig glóire agus órdú agus saibhreas chun na hEorpa. Chuir Dia an rath uirri óir do dhein sí íbirt di féin ar mhaithe leis an gcomhursain.

28. Agus bhí an tsaoirse agf leathadh ar fuaid na hEorpa go righin réidh rialta gan stad: ó ríthibh anuas do tháinig si godí na móruaisle, agus ar bheith saor dóibh sin do leigedar uatha chun na mionuasal i agus uatha san do tháinig si chun na gcathrach; agus níorbh fhada go mbeadh sí chun na coitiantachta anuas agus [ 25 ]go mbeadh an Chríostuiacht go léir saor agus na Críostuithe go íéir ar aon dul le chéile mar bheadh bráithre.

29. Ach do loit na ríthe an uile ní.

30. Oir do chuadar in olcas; do chuaidh Sátan isteach ionta agus dubhradar ina n-aigne: Féadh go bhfuilid na náisiúin ag teaoht chun céille agus cúmpóird. Mairid siad chó macánta san nách féidir dúinn pionós do chur orra agus tá meirg ag teacht ar an gclaidheamh inár láimh; táid siad-san ag teacht chun saoirse agus tá ár gcomhaoht-na ag dul i luighead; nuair a bheid siad éirithe suas agus saor ar fad beidli deire lenár gcomhacht.

31. Machtnamh baoth an machtnamh san acu, óir, más aithreacha dá náisiúnaibh na ríthe, nuair a neartuigihid na náisiúin eirighid siad saor ó fhaire agus ó smacht ar nós na leanbh.

32. Ach mar sin féin, nuair a bhíd na haithreacha ina n-aithreachaibh fónta ni threigid a gclann iad nuair a bhid éirithe suas agus saor ar fad. Ni hea, ach dá shine iad na haithreacha isea is mó grádh agus urraim na clainne dhóibh.

33. Ach ba mhian leis na ríthe bheith ar nós na ndaoine bhfiain insna coillte, a ghabhan a gclann fé charbadaibh mar bheithíg iompair agus a dhíolan ina ndaoraibh le ceannuithibh iad.

34. Dubhradar na ríthe da bhrí sin: Féachaimís chuige go mbeidh na náisiúin i gcomhnuí gan chiall, i dtreo ná haithneoid siad a gcomhacht féin; adhnaimís achrann eatorra i dtreo ná cuirfid siad le chéile inár gcainnibh.

35. Ansan dubhradar leną gcuraíbh: Cad a [ 26 ]bhéarfadh chun na Tíre Beannuithe sibh agus a fhaid i gcéin atá sí? Nárbh fhearr dhaoibh bheith ag troid lena chéile? Agus siúd lucht feallsamhnachta ghá thespeáint dóibh goir bhaoth an obair dóibh troid a dhćanamih ar son an chredimh.

36. Agus taréis dóibh druim láimhe do thabhairt 1e Críost ar an gcuma san, do dhein na ríthe déthe nua, íodhail, dóibh féin, agus do chuireadar os comhair na náisiún iad. Agus dubhradar leis na náisiúin sléachtadh dosna híodhail sin agus troid a dhéanamh ar a son.

37. Is mar sin a dhein na ríthe íodhal do mhuintir na Fraince agus do thugadar onóir mar ainm air, agus siné an t-íodhal dá ngairtí an ghamhain óir in aimsir na bpágánach.

38. Agus do chúm rí na Spáinne do mhuintir na Spáinne íodhal ar ar thug sé mar ainm Mórthruime na PolaitíochtaComhacht Pholaiticeach, sé sin le rádh neart agus forlamhas: agus ba chuma é nó Baal do mhuintir Asuiria, agus Dagon dosna Filistínig, agus Iúpiter dosna Rómhánaig.

39. Agus do chúm rí Shasana íodhal ar ar thug sé Ceannus Mara is Ceannuiachta; agus siné an t-íodhal dá ngairtí Mammon anallód.

40. Agus do mhuintir na Gearmáine do deineadh íodhal darb ainm Brodsinn nó rathúlacht; agus siné an t-íodhal dá ngairtí Moloch agus Cómus.

41. Agus d'umlhluig na cineacha roimis na híodhalaibh.

42. Agus dubhairt ri na Fraince leis na Francaig: Eirighidh agus troididh ar son onóra.

43. Agus d'éirighdar agus bhiodar ag troid ar feadh chúig céad blian. [ 27 ]44. Agus dubhairt rí Shasana le muintir Shasana: Eirighidh agus deinidh cath ar son Mhammoin.

45. Agus d’éirighdar agus bhíodar ag comhrac ar feadh chúig céad blian. Agus do dhein gach náisiún eile comhrac ar son a n-íodhail féin ar an gcuma gcéadna.

46. Agus do dhearmhaid na náisiúin gurbh éinne amháin dob athir dóibh. Agus dubhairt an Sasanach: Arthach is athir domhsa agais Gal is máthir dom. Agus dubhairt an Francach: Roinn na hEorpa is athir domhsa agus Margadh an Airgid is máthir dom. Agus dubhairt an Gearmáineach: Muileann is athir domhsa agrus Tigh Tábhairne is máthir dom.

47. Agus an mhuintir chéadna úd adeireadh gurbh obair gan chiall bheith ag troid ar son an chreidimh i gcoinnibh na bpágánach, siúd ag troid iad ar son blúire pápéir ar a dtugtar connradh; do throideadar mar gheall ar chaladh-phort, mar gheall ar chathir, fé mar a throidid daoine tuatha, le bataí, mar gheall ar theorantaibh, teoranta nách leo féin ach lena máistríbh.

48. Agus an mhuintir adeireadh gur leamh an obair dul i gcéin chun na comhursan do chosaint, do dheinedar-san, le hórdú na ríthe, na faraigí do shiúl chun cogaidh a dhéanamh ar son muilinn, agus ar son builcín cadáis, agus ar son mála piobair. Agus, mar bharra donais, do dhíol na ríthe na daoine féin, ar airgead, i gcríochaibh thar lear.

49. Agus d’éirig na náisiúin chó cuirpthe sin ná raibh le fáil imeasc Gearmáineach ná Iodáileach, imeasc Francach ná Spáinneach, ach aon Chríostuidhe amháin, fear eagnaidhe agus curadh cródha, agruis is i nGenóa

do rugadh é sin. [ 28 ]


50. Do chas an fear san le deire do chur le cogadh sa bhaile agus le tuama an Tiarna agus tír na hAise do ghabháil arís, mar bhi an tír sin ina fásach, geall leis, ach dféadfadh tír áluinn, lán de dhaoine, a dhéanamh di dá mbeadh sí ar seilbh ag Críoistuithe. Ach do chrom gachéinne ar bheith ag gáirí uime, ghá rádh gur speabhraoidí a bhí air agus gur ar éadtroimaclht a bhi sé.

51. Agus do ghluais an fear diadha san ina aonar chun an chogaidh; agus ó thárla gan cara gan saibhreas a bheith aige, ba mhian leis an tír a bheirean uaithi an t-ór dfáil amach ar dtúis agus saibhreas do tharrang aisti chun tuarastal airm do dhíol agus an Tír Bheannuithe do ghabháil arís. Ach nuair a cloiseadh é sin do liúig gachéinne: Ar buile atá sé.

52. Ach do chonaic Dia an intinn mhaith do bhí ar aigne aige agus do chuir Sé an, rath air: agus do shrois sé Americá, tír d’iompuig chun bheith ina tír shaoirse agus ina Tír Bheannuithe. Criostóir Columbus ainm an fhir sin: agus do bhi sé ar an gcuradh deiridh de churaíbh na croise san Eoraip, an curadh deiridh a chuaidh ar eachtra, ni har a shon féin ach ar son ainm Dé.

53. Ach bhí ag méadú i gcomhnuí ar an iodhaladbradh san Eoraip. Agus, díreach mar a dhein na Págánaig ar dtúis na sobhailcí d’adhradh i bhfuirm íodhal, agus ansan na dobhailcí, agus ansan daoine agus beithíg, agus ansan crainn agus clocha agus íomhána iolartha, is mar sin, leis, a deineadh san Eoraip é.

54. Dá chomhartha san, do cheapadar na hIodáilig dóibh féin íodhal ar ar thugadar Có-throm Polaiticeach. [ 29 ] Iodhal é sin, ámh, nárbh eol do phágánaig na sean-aimsire; ach na hIodáilig, an chéad aicme riamh do dhein é, do chuireadar adhradh an íodhail sin ar siúl ina measc féin agus, ag comhrac ar a shon dóibh, do lagadh agus do dalladh iad agus do thuitedar i gcomhachtaibh tíoránach.

55. Ansan, nuair a chonacadar ríthe na hEorpa go raibh adhradh an íodhail sin taréis an náisiúin Iodáilig do lagú, do thugadar isteach ina ríochtaibh féin é: do chuireadar adhradh an íodhail ar siúl agus d’órduighdar comhrac a dhéanamh thar a cheann;

56. I dtreo gur dhein rí na Prúise fáinne do tharrang agus go ndubhairt: Sin dia nua agaibh. Do sléachtadh don fháinne agus do tugadh Críochnú an Fháinne[1] mar ainm ar adhradh an fháinne.

57. Agus na náisiúin do cruthuigheadh i gcosúlacht Dé, do hórduigheadh iad do mheas mar chloch charraige nó mharmair agus iad do ghearradh i dtreo go mbeidis ar aon mheáchan le chéile. An Stát, an Athardha, na daoine, do hórduigheadh gan iad a mheas ach mar phíosa airgid a líomhfí chun é dhéanamh có-chruinn.

58. Agus bhí feallsúin le fáil chun gach a gceapadh na ríthe do mholadh.

59. Agus bhí beirt desna feallsúnaibh bréige sin, desna sagartaibh sin Bhaal agus Mholoch agus Chóthruim, beirt ba mhó clú ná an chuid eile. [ 30 ]60. Machiavel ab ainm do dhuine acu, focal Gréigise a chialluighean sanntach chun cogaidh; óir do bhrotuigheadh a theagosc chun síor-chogaidh, fé mar a bhíodh imeasc págánach na Gréige.

61. Agus an tarna duine, tá seisean ina bheathidh fós agus Ancillon is ainm dó, ainm a chialluighean sa Laidin mac an daoir, óir seolan a theagosc chun daoirse, mar an ndaoirse úd na Rómhánach.

62. Tháinig san Eoraip íodhal-adharthach sa deire triúr rialtóirí; an dara Frederic, rí na Prúise, an chéad duine acu; an dara Caitríona, ban-impire na Rúise, an dara duine; Máire Threasa na hAustria an treas duine.

63. B’é sin an Tríonóid Shátanda, contrárdha na Tríonóide ró-naofa, agus is mar mhagadh féna bhfuil ann de nithibh naofa, agus mar thuathú orra, do ceapadh an tríonóid sin.

64. Frederic, ’na gcialluighean a ainm Síochánta, ar chogaíbh agus ar fhoghlaibh do mhair sé i gcaitheamh a shaoil go léir; dáltha Shátain a bhí ag síor-shéideadh cogaidh agus a thugadh Críost, Dia na Síochána, mar ainm air féin chun magaidh.

65. Agus an Frederic seo, mar mhagadh fé shean-órdaibh na gcuraí, do chuir sé órd malluitlhe ar bun agus do thug sé mar fhocal suaitheantais don órd san, chun magaidh, an focal suum cuique, sé sin le rádh: do chách a chuid féin; ach, fé shuaitheantas an úird sin, do bhíodh a chuid seirbihiseach ag déanamh slaid agus foghla ar chuid an fhir thall.

66. Agus, mar mhagadh fén eagna, do scríbh sé leabhar agus do thug mar ainm air Anti-Machiavel, nó, in aghaidh Mhachiavel; ach do dheineadh sé féin beart

do réir teagaisc Mhachiavel. [ 31 ]


67. Caitríona, geanmnaidhe a bhrí sin sa Ghréigis; ach b’í siúd an bhean ba mhí-gheanmnaidhe ar bith; agus ba chuma an ainm sin do thabhairt uirri nó maighdean gheanmnaidhe do thabhairt ar Vénus gan náire.

68. Agus do ghairm an Caitríona san comhairle le chéile chun reacht do dhéanamh, mar mhagadh fé reachtaibh do cheart-órdú, óir do mhill sí agus do chuir sí ar neamh-ní reachta an fhir thall.

69. Agus dfógair sí go mbeadh saoirse chredimh ar a comaraighe féin feasta, sé sin, foidhne chách le credeamh cách, agus is mar mhagadh fén ní sin do dhein sí amhlaidh mar do chuir sí fhiachaint ar na mílte míle duine a gcredeamh do thrégean.

70. Mar mhagadh fén umhluiacht agus fén naofacht, do choimeád Máire Threasa an ainm a bhí ar mháthir ró-umhal ró-gheanmnaidhe an tSlánathóra.

71. Oir ba bhandiabhal uaibhreach í agus do dheineadh sí cogadh chun cuid an fhir thall dfuadach.

72. Agus ba bhean mhí-chráifeach í óir, ag déanamh úrnuithe agus faoistine féin di, do thug sí chun daoirse na mílte míle dá comhursanaibh.

73. Bhí mac di gurbh ainm do Seosamh, ainm an árdahar úd nár leig do mhnaoí Phutiphar é mhealladbh agus a thug saor ó bhraighdineas a dhritháireacha do dhíol i mbraighdineas roime sin é.

74. Ach an Seosamh Austrianach so, do ohuir sé a mháthir féin ar a haimhleas, agus a bhráithre Polannacha, dfuascail a impireacht a daoirse na dTúrcach roime sin, do' dhein sé daor-chlann díobh.

75. Trí dhiamhasla ainmneacha an triúir sin, Fréderic, Caitríona, Máire Threasa; tri cortha a

mbeatha; trí eascaine a gcuimhne. [ 32 ]


76. Nuair a chonaic an tríonóid sin ná raibh na náisiúin dall a ndóthin ná truaillithe a ndóthin, do chumadar íodhal nua, an t-íodhal ba grhráinniúla dá raibh riamh ann, agus thugadar Tairbhe mar ainm air; agus ní raibh aithne ar bith ar an íodhal san in aimslr na bpágánach.

77. Agus bhíodar na náisiúin cho caillte sin ná raibh le fáil ina measc ach éinne amháin a bhí ina dheigh-mhac dá athardha agus ina dhea-laoch.

78. Do chomhairligh seisean gan cogadh dhéanamh ar son Tairbhe feasta ach, ina ionad san, saoirse na coimhursan do chosaint; agus do ghluais sé ina aonar chun an chogaidh, go tír na saoirse, go hAmericá. Lafayette ab ainm don fhear san. Agus bhí se ar an nduine deiridh de dhaoine sean-aimseardha na hEorpa, na daoine go raibh ionta fós an sprid úd chun íbeartha dhéanamh díobh féin, iarsma den sprid Chríostuidhe.

79. Ach do shléachtadar na náisiúin uile don íodhal úd Tairbhe. Agus dubhradar na ríthe: Má dhuirimíd adhradh an íohail seo ar siúl san uile áit, éireoidh cathir in aghaidh cathrach agus duine in aghaidh duine díreach mar éirighean cine in aghaidh cine fé láthir.

80. Agus déanfidh daoine fiaine desna daoine arís agus beidh forlamhas againn arís fé mar a bhí ag na ríthe fiaine íodhal-adharthacha anallód agus fé mar atá anois ag na ríthe úd gur féidir dóibh a ndaoine d’ithe.

81. An náisiún Polannach an t-aon náisiún amháin nár umhluig don íodhal nua: agus ní raibh aon ainm ina gcaint a thabharfaidis air ná fós aon ainm ar lucht an íodhail d’adhradh, ar a dtugtar sa bhFraincis égoïstes.

82. Agus do lean na Polannaig ag adhradh Dé, mar [ 33 ]bhí’s acu, an té adhran Dia, go dtugran sé omós don mhaith.

83. Is mar sin dfan an náisiún Polannach dílis do Dhia a sinsear ó thúis deire.

84. Ríthe agus laochra na Polainne, níor thugadar fogha fé náisiún Chríostuidhe riamh, aoh do chosnaidís an Chríostuiacht ar phágánachaibh agus ar bhanbarachaibh do thugfadh leo an daoirse.

85. Agus do chuadar ríthe na Polainne i gcéin ag cosaint na Críostuiachta, Ladastás go Varna, agus Seán go Vienna, chun an taobh thoir agus an taobh thiar do shaoradh.

86. Riamh níor ghabhdar ríthe ná laochra na Polainne seilbh ar éigin i dtailtibh a gfcomhursan; ach do ghabhdar cineacha chúcha mar bhráithre ghá gceangal leo tré chredeamh agus saoirse do bhronnadh orra.

87. Agus thug Dia luacht saothir dóibh: óir do cheangail pobal mór uasal, muintir na Lituáine, leo, mar a cheanglóch céile lena mhnaoi, dhá anam in aon chorp amháin. Agus ní raibh riamh roime sin a lithéid de cheangal idir dhá phobal, ach beidh sa deire.

88. Oir an ceangal so, an pósa so na Lituáine leis an bPolainn, is samhaileas é don aondacht a bheidih idir na puibleacha Críostuidhe fós in ainm an chredimh agus na saoirse.

89. Agus thug Dia dá ghrasaibh do ríthibh na Polainne agus do laochra na saoirse go dtugadar go léir bráithre ar a chéile, ar bhocht agus ar shaibhir díobh. Agus ni raibh a lithéid de shaoirse ann riamh roime sin ach beidh fós san am atá le teacht.

90. Agus bhí ni ba mhó in aghaidh an lae dfearaibih an domhain ag an rí agus ag an laoahra dá [ 34 ]ghlacadh chúca i gcómbráithreachas. Bhíodar acu dá ghlacadh chúca ina légiónaibh agus ina dtreabhaibh iomlána. D’eirig na bráithre sin cho líonmhar leis iui náisiún; agus ní raibh ag náisiún ar bith saorchlann chó líoinmhar, agfus “bráithre” acu dá thabhairt orra féin, agus a bhí ag an bPólainn.

91. Fé dheire (an 3adh lá de Bhealtaine), do mheas an rí agus an laochra cómbráithre do dhéanamh de mhuintir na Pólainne uile; de mhuintir. na gcathrach ar dtúis agus ansan de mhiuintir na tuatha.

92. Agus tugadh bráithre Szlachta ar an muintir do lachuigheadh, sé sin le rádh, ar an muiníir gur dhein bráithre dosna Lechaibh díobh, daoine saora có-ionanna.

93. Ba mhian leo go ndéanfí gach Críostuidhe sa Pholainn d’uaisliú agus Szlachcic do ghairm de, mar chomhartha nárbh fholáir dó an anam uasal a bheith ann agus bheith ullamh i gcomhnuí ar thuitim thar ceann na saoirse,

94. Díreach! mar a goirtí Críostuidhe den té do ghlacadh an Soiscéal, mar chomhartha ar a bheith ullamh ar a chuid fola do dhortadh ar son Chríost.

95. Bhí an uaisleacht le bheith mar bhaiste ar an Saoirse an uair sin, agus pe duine bhí ullamh ar thuitim thar ceann na Saoirse, bheadh sé baistithe ó dhlí agus ó chlaidheamh.

96. Agus dubhairt an Pholann fé dheire: An mhuintir a thiocfidh chugam beid siad saor agus có-ionann, óir is mise an tSaoirse.

97. Ach nuair airighdair na ríthe é sin tháinig eagla ar a gcroidhe agus dubhradar: Do scriosamair an tSaoirse den talamh agus seo chugainn tharnais arís [ 35 ]í, i bpearsain Náisiúin fhíoraonta ná sléachtan dár n-íodhalaibh. Téanaimís agus. marbhuighmís an Náisiún so. Agus do bheartuighdar an feall eatorra.

98. Do dhruid rí ria Prúise leis an Náisiún Polannach agus d’umhluig agus do bheannuig di, ghá rádh: A chara liom. Ach bhí sí díolta aige cheana féin ar thríochad baile den Pholainn Mhóir, fé mar a bhí déanta ag Iúdás ar thríochad píosa airgid.

99. Agus do rug an bheirt eile greim ar an Náisiún Polannach agus do cheangladar í; agus bhí an Francach ina bhretheamh acu agus thug sé a bhreith: Go deimhin féin, ní bhfaighim aon choir sa Náisiún so; mo bhean chéile, an Fhrainc, bean imeaglach, tá sí céasta ag droch-aislingíbh; mar sin féin, beíridh greim ar an Náisiún so agus cuiridh chun báis í. Agus do nig sé a lámha.

100. Dubhairt an ministir Francach: Ní féidir dúinne ár gcouid fola agus ár gcuid airgid a thabhairt chun na nea-chiontaighe seo dfuascailt; óir is liomsa mo chuid fola agus mo chuid airgid, agus is lem thír fuil agus airgead mo thire.

101. Is amhlaidh sin a dhein an ministir sin an diamhasla deirineach in aghaidh Chríost; óir do mhúineadh Críost gur leis an gcine daona go léir, lena bhráithribh féin, fuil Mhic an Duine.

102. Agnis nuair adubhairt an ministir an focal san, do thuitedar na crosa ée thúraibh na príomh-chathradh anuas; óir, cheana féin, níorbh fhéidir do Chríost an pobal do ghlac Tairbhe chúcha mar íodhal do shoillsiú a thuille.

103. Casimiir Périer ab ainm don mhinistir sin, .i. réamh-ainm Shlábhach agus sloinne Laidne. On dá fhocal Kazic agus mir a réamh-ainm, sé sin le rádh, [ 36 ]fear na síochána do thruailliú nó do mihilleadih. Agus a shloinne, ón bhfocal perire, cialluighean sé an té fé ndeár díthú nó an mac mallachtain. Agus isiad ainm agus sloinne Antichríost an ainm agus an sloinne sin. Agus beidh seisean malluithe mar a chéile sa chine Shlábhach agus sa chine Laidneach.

104. Agus do réab an fear san ceangal na bpuibleacha mar a dhein on t-árdshagart ludach a bhrat do réabadh nuair a chuala sé guth Chríost.

105. Is amhlaidh sin a chuiredar an Náisiún Polannaoh chun báis agus a chuiredar sa tuama í agus do ghlaoidh na ríthe: Ta an tSaoirse curtha chun báis agus adhlactha againn.

106. Ach ba bhaoth an glaoch acu é; óir, ag déanamh na coire deiridh sin dóibh, bhí tomhas a gcortha acu á líonadh, agois nuair a bhíodar ag déanamh áthis uimpi bhí deire á chur leną gcomhacht.

107. Oir níl an Náisiún Polannach marbh: tá a corp ina luighe sa tuama; ach ta a hanam, imithe síos d’uachtar na talmhan, sé sin le rádh, ón saol poblidhe go Limbo, sé isin, godí gnáth-shaol na bpuibleacha atá ag fulang na daoirse ina dtír féin, ionnus go mbe sí ina fínné ar a bhfuil acu dá fhulang.

108. Ach fillfidh an t-anam ar an gcorp an treas lá: aiséireoidh an Náisiún, agus fuascló si a’ daoirse puibleacha uile na hEorpa.

109. Agus tá dhá dá imithe cheana féin: do chriocnuig an chéad lá ar chéad-ghabháil Bharsá; agus an tarna lá ar ath-ghabháil Bharsá; agus tiocfidh an treas lá, agus ní bheidh deire leis choíche.

110. Agus fé mar a stad na híbeartha fola ar fuaid an domhain go léir nuair aisérig Críost, sin mar a stadfid na cogaí ar fuaid na Críostuiachta nuair aiséireoidh an Náisiún Polannach.

References

[edit]
  1. Arrondissement. Dar liom fein, isé brí atá leis ná tíortha. nó coda de thíortha, do chur leis an bPrúis féin chun gach bearna i dteorainn na Prúise (nó i gcomhacht na Prúise) do dhúnadh, fé mar a dheinid lucht estáití móra in Eirinn páirc anso agus páirc ansúd do clieannach chun na n-estáití do chríochnú.—L. O R.