Page:Leabhar na Polainne.djvu/25

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
LEABHAR AN NAISIUIN PHOLANNAIG
O THOSACH AN DOMHAIN GODI MARTRA AN NAISIUIN PHOLANNAIG.

1. Ar dtúis do chreideadh daoine in aon Dia amháin agus do bhí an tsaoirse fé réim sa domhan. Ní raibh aon dlí acu ach dlí thoile Dé; agus ní raibh máistrí ná daoir ann: ní raibh ann ach árd-aithreacha agus a gclann.

2. Ach ar ball do shéan na daoine an t-aon Dia amháin agus do chumadar mórán íodhal dóibh féin agus d’adhradar iad: do dheinidís íbeartha fuilteacha chun na n-íodhal agus do throididís thar ceann onóra na n-íodhal.

3. Agus is uime sin do chuir Dia lucht na n-íodhal d’adhradh fen leattrom ba mhó, sé sin, an daoirse.

4. Agus do dhein daoir de leath na ndaoine agus do cuireadh fé smacht na coda eile iad, cé gur shliocht aon athar iad go léir. Oir do bhíodar taréis céad-cheap a sinsear do shéanadh agus aithreacha iolartha do cheapadh dhóibh féin: an duine seo á rádh gur ón dtalamh do shíolruigh sé, agus an duine ud gur ón muir do shíolruigh sé, agus duine eile gur ó dhúil éigin eile do shíolruigh sé.

5. Ansan, taréis daor a dhéanamh dá cheile tré chogadh, do thuiteadar go léir i ndaoirse fén Impire Rómhánach.

6. Do dhein an tImpire Rómhánach Dia dhe féin