Page:Leabhar na Polainne.djvu/31

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
27
LEABHAR NA PÓLAINNE.

44. Agus dubhairt rí Shasana le muintir Shasana: Eirighidh agus deinidh cath ar son Mhammoin.

45. Agus d’éirighdar agus bhíodar ag comhrac ar feadh chúig céad blian. Agus do dhein gach náisiún eile comhrac ar son a n-íodhail féin ar an gcuma gcéadna.

46. Agus do dhearmhaid na náisiúin gurbh éinne amháin dob athir dóibh. Agus dubhairt an Sasanach: Arthach is athir domhsa agais Gal is máthir dom. Agus dubhairt an Francach: Roinn na hEorpa is athir domhsa agus Margadh an Airgid is máthir dom. Agus dubhairt an Gearmáineach: Muileann is athir domhsa agrus Tigh Tábhairne is máthir dom.

47. Agus an mhuintir chéadna úd adeireadh gurbh obair gan chiall bheith ag troid ar son an chreidimh i gcoinnibh na bpágánach, siúd ag troid iad ar son blúire pápéir ar a dtugtar connradh; do throideadar mar gheall ar chaladh-phort, mar gheall ar chathir, fé mar a throidid daoine tuatha, le bataí, mar gheall ar theorantaibh, teoranta nách leo féin ach lena máistríbh.

48. Agus an mhuintir adeireadh gur leamh an obair dul i gcéin chun na comhursan do chosaint, do dheinedar-san, le hórdú na ríthe, na faraigí do shiúl chun cogaidh a dhéanamh ar son muilinn, agus ar son builcín cadáis, agus ar son mála piobair. Agus, mar bharra donais, do dhíol na ríthe na daoine féin, ar airgead, i gcríochaibh thar lear.

49. Agus d’éirig na náisiúin chó cuirpthe sin ná raibh le fáil imeasc Gearmáineach ná Iodáileach, imeasc Francach ná Spáinneach, ach aon Chríostuidhe amháin, fear eagnaidhe agus curadh cródha, agruis is i nGenóa do rugadh é sin.