Page:Leabhar na Polainne.djvu/30

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
26
LEABHAR NA PÓLAINNE.

fadh chun na Tíre Beannuithe sibh agus a fhaid i gcéin atá sí? Nárbh fhearr dhaoibh bheith ag troid lena chéile? Agus siúd lucht feallsamhnachta ghá thespeáint dóibh goir bhaoth an obair dóibh troid a dhćanamih ar son an chredimh.

36. Agus taréis dóibh druim láimhe do thabhairt 1e Críost ar an gcuma san, do dhein na ríthe déthe nua, íodhail, dóibh féin, agus do chuireadar os comhair na náisiún iad. Agus dubhradar leis na náisiúin sléachtadh dosna híodhail sin agus troid a dhéanamh ar a son.

37. Is mar sin a dhein na ríthe íodhal do mhuintir na Fraince agus do thugadar onóir mar ainm air, agus siné an t-íodhal dá ngairtí an ghamhain óir in aimsir na bpágánach.

38. Agus do chúm rí na Spáinne do mhuintir na Spáinne íodhal ar ar thug sé mar ainm Mórthruime na PolaitíochtaComhacht Pholaiticeach, sé sin le rádh neart agus forlamhas: agus ba chuma é nó Baal do mhuintir Asuiria, agus Dagon dosna Filistínig, agus Iúpiter dosna Rómhánaig.

39. Agus do chúm rí Shasana íodhal ar ar thug sé Ceannus Mara is Ceannuiachta; agus siné an t-íodhal dá ngairtí Mammon anallód.

40. Agus do mhuintir na Gearmáine do deineadh íodhal darb ainm Brodsinn nó rathúlacht; agus siné an t-íodhal dá ngairtí Moloch agus Cómus.

41. Agus d'umlhluig na cineacha roimis na híodhalaibh.

42. Agus dubhairt ri na Fraince leis na Francaig: Eirighidh agus troididh ar son onóra.

43. Agus d'éirighdar agus bhiodar ag troid ar feadh chúig céad blian.