50. Do chas an fear san le deire do chur le cogadh
sa bhaile agus le tuama an Tiarna agus tír na hAise
do ghabháil arís, mar bhi an tír sin ina fásach, geall
leis, ach dféadfadh tír áluinn, lán de dhaoine, a dhéanamh
di dá mbeadh sí ar seilbh ag Críoistuithe. Ach do
chrom gachéinne ar bheith ag gáirí uime, ghá rádh gur
speabhraoidí a bhí air agus gur ar éadtroimaclht a
bhi sé.
51. Agus do ghluais an fear diadha san ina aonar chun an chogaidh; agus ó thárla gan cara gan saibhreas a bheith aige, ba mhian leis an tír a bheirean uaithi an t-ór dfáil amach ar dtúis agus saibhreas do tharrang aisti chun tuarastal airm do dhíol agus an Tír Bheannuithe do ghabháil arís. Ach nuair a cloiseadh é sin do liúig gachéinne: Ar buile atá sé.
52. Ach do chonaic Dia an intinn mhaith do bhí ar aigne aige agus do chuir Sé an, rath air: agus do shrois sé Americá, tír d’iompuig chun bheith ina tír shaoirse agus ina Tír Bheannuithe. Criostóir Columbus ainm an fhir sin: agus do bhi sé ar an gcuradh deiridh de churaíbh na croise san Eoraip, an curadh deiridh a chuaidh ar eachtra, ni har a shon féin ach ar son ainm Dé.
53. Ach bhí ag méadú i gcomhnuí ar an iodhaladbradh san Eoraip. Agus, díreach mar a dhein na Págánaig ar dtúis na sobhailcí d’adhradh i bhfuirm íodhal, agus ansan na dobhailcí, agus ansan daoine agus beithíg, agus ansan crainn agus clocha agus íomhána iolartha, is mar sin, leis, a deineadh san Eoraip é.
54. Dá chomhartha san, do cheapadar na hIodáilig dóibh féin íodhal ar ar thugadar Có-throm Polaiticeach.