Jump to content

Page:Leabhar na Polainne.djvu/33

From Wikisource
This page has not been proofread.
29
LEABHAR NA PÓLAINNE.


Iodhal é sin, ámh, nárbh eol do phágánaig na sean-aimsire; ach na hIodáilig, an chéad aicme riamh do dhein é, do chuireadar adhradh an íodhail sin ar siúl ina measc féin agus, ag comhrac ar a shon dóibh, do lagadh agus do dalladh iad agus do thuitedar i gcomhachtaibh tíoránach.

55. Ansan, nuair a chonacadar ríthe na hEorpa go raibh adhradh an íodhail sin taréis an náisiúin Iodáilig do lagú, do thugadar isteach ina ríochtaibh féin é: do chuireadar adhradh an íodhail ar siúl agus d’órduighdar comhrac a dhéanamh thar a cheann;

56. I dtreo gur dhein rí na Prúise fáinne do tharrang agus go ndubhairt: Sin dia nua agaibh. Do sléachtadh don fháinne agus do tugadh Críochnú an Fháinne[1] mar ainm ar adhradh an fháinne.

57. Agus na náisiúin do cruthuigheadh i gcosúlacht Dé, do hórduigheadh iad do mheas mar chloch charraige nó mharmair agus iad do ghearradh i dtreo go mbeidis ar aon mheáchan le chéile. An Stát, an Athardha, na daoine, do hórduigheadh gan iad a mheas ach mar phíosa airgid a líomhfí chun é dhéanamh có-chruinn.

58. Agus bhí feallsúin le fáil chun gach a gceapadh na ríthe do mholadh.

59. Agus bhí beirt desna feallsúnaibh bréige sin, desna sagartaibh sin Bhaal agus Mholoch agus Chóthruim, beirt ba mhó clú ná an chuid eile.


  1. Arrondissement. Dar liom fein, isé brí atá leis ná tíortha. nó coda de thíortha, do chur leis an bPrúis féin chun gach bearna i dteorainn na Prúise (nó i gcomhacht na Prúise) do dhúnadh, fé mar a dheinid lucht estáití móra in Eirinn páirc anso agus páirc ansúd do clieannach chun na n-estáití do chríochnú.—L. O R.