Page:Leabhar na Polainne.djvu/34

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
30
LEABHAR NA PÓLAINNE.

60. Machiavel ab ainm do dhuine acu, focal Gréigise a chialluighean sanntach chun cogaidh; óir do bhrotuigheadh a theagosc chun síor-chogaidh, fé mar a bhíodh imeasc págánach na Gréige.

61. Agus an tarna duine, tá seisean ina bheathidh fós agus Ancillon is ainm dó, ainm a chialluighean sa Laidin mac an daoir, óir seolan a theagosc chun daoirse, mar an ndaoirse úd na Rómhánach.

62. Tháinig san Eoraip íodhal-adharthach sa deire triúr rialtóirí; an dara Frederic, rí na Prúise, an chéad duine acu; an dara Caitríona, ban-impire na Rúise, an dara duine; Máire Threasa na hAustria an treas duine.

63. B’é sin an Tríonóid Shátanda, contrárdha na Tríonóide ró-naofa, agus is mar mhagadh féna bhfuil ann de nithibh naofa, agus mar thuathú orra, do ceapadh an tríonóid sin.

64. Frederic, ’na gcialluighean a ainm Síochánta, ar chogaíbh agus ar fhoghlaibh do mhair sé i gcaitheamh a shaoil go léir; dáltha Shátain a bhí ag síor-shéideadh cogaidh agus a thugadh Críost, Dia na Síochána, mar ainm air féin chun magaidh.

65. Agus an Frederic seo, mar mhagadh fé shean-órdaibh na gcuraí, do chuir sé órd malluitlhe ar bun agus do thug sé mar fhocal suaitheantais don órd san, chun magaidh, an focal suum cuique, sé sin le rádh: do chách a chuid féin; ach, fé shuaitheantas an úird sin, do bhíodh a chuid seirbihiseach ag déanamh slaid agus foghla ar chuid an fhir thall.

66. Agus, mar mhagadh fén eagna, do scríbh sé leabhar agus do thug mar ainm air Anti-Machiavel, nó, in aghaidh Mhachiavel; ach do dheineadh sé féin beart do réir teagaisc Mhachiavel.