Leabhar na Polainne/3

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Leabhar na Polainne
Ladislais Mickiewicz
RÉAMHRÁDH LADISLÁIS MICKIEWICZ
[ 15 ]
RÉAMHRÁDH
LADISLAIS MICKIEWICZ
MAC AN ÚDAIR.

Is mó an clú atá ar Leabhar an Náisúin Pholannaig agus na nOilithreach bPolannach ná ar aon leabhar eile desna leabhraibh go léir do scríbh Adam Mickiewicz. Tháinig sé amach díreach nuair a bhí lucht machtnaimh ad iarraidh creideamh agus saoirse do cheangal dá chéile. Tháinig taithneamh mór ag an ab De Lamennais don leabhar so, agus do chuir duine desna deisciobail ba dhíograisighe da raibh aige, .i. an piara óg úd de phiaraíbh na Fraince, Séarlas comte de Montalembert, do chuir sé i bhFraincis é.

Sa réamhradh do chuir Montalembert leis an aistriú san aige (21 Abrán, 1833), taréis dó a rádh: “ní heol dúinn éinní i letríocht na haimsire seo is aoirde ná an dráma uasal úd na nDziady,” deir sé: “Agus a dhólás agus a ghrádh dá thír ghá stiúrú i gcomhnuí, níorbh eagail le hAdam Mickiewicz tabhairt fésna hadhbana ba mhó dár bhain leis an atharú a mheas sé a thiocfadh ar chreideamh agus ar chor na cine daona, agus ba mhaith an sás na hadhbana san do réiteach é. Do chuarduigh sé duibheagán na gcréacht atá i grcorp an tsaoil san aimsir seo agus is dó linne gur nocht sé an leigheas .... Leabhar na nOilithreach bPolannach an chéad thora bhí ar an gcuaird nua san do thug a aigne .... Níor nochtadh riamh le láimh ba dháine ná ba dhaingine, dar linne, na nithe atá i ndán d’órdú pholaiticeach aguus d’órdú shóisialta na haimsire seo.” [ 16 ] Sa bhliain 1864, nuair a tháinig aistriú nua (an ceann atá agam sa leabhar so) in ionad an chéad aiscrithe (a tharaing Montalembert as an margadh nuair a chúb sé chuige sa bhliain 1849), do thespeáin Emile Deschanel, sa Journal des Debats, ná raibh clú an leabhair imithe i luighead le himeacht aimsire: “Másé tuairim choitian na hEorpa,” ar seisean, “gan cló séala an oirdhearcais do bheitih go soiléir ar éirim aigne dhuine ar bith gan triail do sheasaimh ó bhrethúntas phoblidhe na Fraince, ní atá ar phríbhléid desna phríbhléidí is onóraighe dá bhfuil ag ár dtir-na, bíon cúis mhórtais againn gachaon uair dá n-innsean an aimsir gur fíor-bhreith breith ár n-árdchoiste náisiúnta.”[1]

Ní hobair letríochta, ní hobair ealadhan,[2] Leabhar an Náisiúin Pholannaig agus na nOilithreach bPolannach. Isé rud é ná éamh ó chroidhe bhrúite i lár oíche an long-bhrise náisiúnta, croidhe a aithnighean, le solus na splaince agus le grásta ó neamh, cá dtánathas agus ca bhfuiltar ag dul, agus thespeánan dá chompánachaibh an t-aon tslí amháin atá aca chun iad féin do shábháil.

Ní lú dfáilte a bhi ag náisiúin iasachta roimis ná ag an bPolainn féin. Deir Lamennais, an lá ba dhiograisighe do Chríostuidhe e, nár chuid ba lú ná a fhonn a bhíodh air Leabhar na nOilithreach hPolannach do chur i gcomórtas áilleachta leis an Soíscéal. Dá mb’iad na hIsraelítig féin iad, do bhrathadar ann mar bheadh an anál a shéidean tré Exodus agus foghar gotha Isáiais maraon léi; agus, da chomhartha san, ta sé

curtha in Eabhrais ag rabbi áirithe. [ 17 ]


Ní heol dúinn náisiún ar bith go bhfuil úrnuithe aici is féidir dá clainn go léir do rádh gan scrupal. Ach dféadfadh gach Polannach, pe aca Criostuidhe nó Israelíteach é, pe aca Caitlicidhe nó Protastúnach nó Gréagach é, dféadfadh sé “Guidhe an Oilithrig” do rádh.

Agus, ar an dtaobh eile den scéal, i Liodán na nOilithreach, deinean an ghuidhe úd chun nua-mhartar na Saoirse, agus chun na naomh do thug saibhreas a gcuid fola do Républic na Polainne, deinean sé gach sliocht Pholannach do cheangal dá chéile le slabhra do-bhriste.

Mar sin de, más arc connartha an leabhar so idir Pholainn na sean-aimsire agus Polann na haimsire seo, is arc connartha é, leis, idir an seana-thiomna agus an tiomna nua.

Do chas daoine neamh-aireacha le hAdam Mickiewicz gur dhein sé dia den Pholainn. Ach isé a mhalairt sin díreach adubhairt sé. Feic bhérsa a 6 de bhrollach Leahhar na nOilithreach bPolannach: “Ach ní dia, dáltha Chríost, an náisiún Polannach; fágan san gur féidir d’anam na Polainne bheith ar fán i Limbó agus moill do dhéanamh gan filleadh ar an gcorp, gan éirghe ó mharbhaíbh.” Isé brí na scríbhinne go léir ná nách foláir don Pholainn, mar náisiún, bheith ar a dícheall i gcomhnuí, nísa mhó in aghaidh an lae, ad iarraidh a beatha do chaitheamh chó glan, chó naofa, agus chaith Iosa a bheatha mar shompla don duine, agus fós gurb ionann cás dosna hoilithrig Pholannacha sa tír iasachta agus do phobul Dé san uaigneas, agus nách mór dóibh gearán agus gluaireán agus dith creidimh do sheachaint [ 18 ]mar gur peacaí a lithéidí (caib. a XVII., bhérsaí a 1-3); ach ní dubhairt Adam Mickiewicz i dtaobh na Polainne gur chuma í nó pobal Dé ná gur chuma í nó Críost. Dubhairt sé go humhal gur Lasarus imeasc na náisiún í (caib. a II., bhérsa a 13).

Do bronnadh an leabhar so ar na Polannaig díreach nuair is mó bhí gá acu le sólás. Na daoine bfearr ar an gcine sin, taréis a ndíbeartha as a dtalamh dúchais, do scaipeadh ar fuaid an domhain iad. Níorbh fhada go mbeadh anródh an tsaoil agus draoidheacht na smaointe iasachta agus an neamh-fhoidhne bhíon ar lucht fáin i gcomhnuí, níorbh fhada go mbeadh na nithe sin ag imirt orra. Tháinig Adam Mickiewicz in am chun misnig a chur ar a chó-náisiúnachaibh tré n-a mheabhrú dhóibh cad ba bhrí don Pholainn in aigne Dé agus tré n-a thespeáint dóibh conus ba chóir dóibh iad féin d’iompar imeasc na stróinséaruithe agus cad ba ghá dhóibh a dhéanamh chun exodus do thuilleamh. Ach an sliocht úd gur tugadh na comhairleacha dhóibh agus gur bás san uaigneas do ráinig dóibh go léir, faríor! ni leo san amháin a bhainean na comhairleacha; beid siad dá léamh ag lucht imirce ón bPolainn, le tairbhe dhóibh féin, godí go mbeidh an Pholann ar a bonnaibh arís.

Níl ach trí bliana déag ar fhichid ó cuireadh leabhar m’athar i gcló ar dtúis agus táimse ghá chur i gcló arís cheana féin do shliocht nua oilithreach a tháinig ón bPolainn ag lorg tearmainn san larthar taréis dóibh gleic chalma dhéanamh mar a dhein a n-aithreacha rómpa agus taréis don Eoraip iad do thréigean mar do thréig sí a n-aithreacha rómpa, leis.

Do foillsigheadh an chéad chló de Leabhar na [ 19 ]nOilithreach bPolannach díreach le linn Mes prisons do chur amach do Silvio Pellico agus níorbh fhada ina dhiaig do Paroles d’un Croyant ó láimh Lamennais. Siné fé ndeár do Maurice de Guérin a rádh: “An eol duit gur trílóg scanrúil i gcoinnibh an lucht úd na gcoróinn gurb ea Leabhar na nOilithreach bPolannach, agus Prisons Phellico, agus Paroles d’un Croyant: trí bhuille ’chleith i ndiadh a chéile ó dhaoine Caithlicidhe, ó dhaoine geanmnaidhe, ó dhaoine beannuithe.” (Letreacha chun M. H. de La Morvonnais, Páras, 10 Bealtaine, 1838).

De bhárr Leabhar an Náisiúin Pholannaig agus na nOilithreach bPolannach do scrí, do saothruigheadh imeasc na bPolannach roinnt sár-oibreacha go bhfull meanmna an leabhair sin ionta: Le Message de la terre d’oppression aux fréres exilés, ó láimh Chasimir Brodzinski; agus Aube, ó láimh Sigismund Krasinski, dhá leabhar a bhí i bhfad gan ainm údair leo fé mar a bhí leabhar Adam Mickiewicz ar dtúis.

O thárla íde na Polainne do bheith dá bhagairt ar an uile náisiún, do réir dheallraimh, mara bhfaghaid siad de neart ionta féin pláig na tíorántachta do dhíbirt as an ndomhan, tá Leabhar na nOilithreach lán de theagosc don Eoraip go léir. Ní hiad na Polannaig amháin dféadfadh machtnamh a dhéanamh ar talamh iasachta ach daoine eile chó maith, go mór mór na hEireannaig, atá nios líonmhaire cheana féin ar an dtalamh iasachta ná ar thalamh na hEireann, agus fiú amháin a lán Francach a ruaigeadar Gearmáinig óna dteinteáin féin agus atá chó fada i gcéin le hAmericá agus le hAstraoile agus cumha orra i ndiaig a n-athardha. [ 20 ]


Isé cúis gur leabhar don domhan go léir an leabhar so ná go n-iarrtar ar Dhia ann nea-spleáchais a thabhairt don uile chine chó maith le nea-spleáchas agus aondacht agiis saoirse do thabhairt don Pholainn.

L. M.

29 Márta, 1881.

References[edit]

  1. notre grand jury national.
  2. une œuvre d’art.