Sa bhliain 1864, nuair a tháinig aistriú nua (an ceann
atá agam sa leabhar so) in ionad an chéad aiscrithe
(a tharaing Montalembert as an margadh nuair a chúb
sé chuige sa bhliain 1849), do thespeáin Emile
Deschanel, sa Journal des Debats, ná raibh clú an
leabhair imithe i luighead le himeacht aimsire: “Másé
tuairim choitian na hEorpa,” ar seisean, “gan cló
séala an oirdhearcais do bheitih go soiléir ar éirim
aigne dhuine ar bith gan triail do sheasaimh ó
bhrethúntas phoblidhe na Fraince, ní atá ar phríbhléid
desna phríbhléidí is onóraighe dá bhfuil ag ár dtir-na,
bíon cúis mhórtais againn gachaon uair dá n-innsean
an aimsir gur fíor-bhreith breith ár n-árdchoiste
náisiúnta.”[1]
Ní hobair letríochta, ní hobair ealadhan,[2] Leabhar an Náisiúin Pholannaig agus na nOilithreach bPolannach. Isé rud é ná éamh ó chroidhe bhrúite i lár oíche an long-bhrise náisiúnta, croidhe a aithnighean, le solus na splaince agus le grásta ó neamh, cá dtánathas agus ca bhfuiltar ag dul, agus thespeánan dá chompánachaibh an t-aon tslí amháin atá aca chun iad féin do shábháil.
Ní lú dfáilte a bhi ag náisiúin iasachta roimis ná ag an bPolainn féin. Deir Lamennais, an lá ba dhiograisighe do Chríostuidhe e, nár chuid ba lú ná a fhonn a bhíodh air Leabhar na nOilithreach hPolannach do chur i gcomórtas áilleachta leis an Soíscéal. Dá mb’iad na hIsraelítig féin iad, do bhrathadar ann mar bheadh an anál a shéidean tré Exodus agus foghar gotha Isáiais maraon léi; agus, da chomhartha san, ta sé curtha in Eabhrais ag rabbi áirithe.