Page:Leabhar na Polainne.djvu/19

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
RÉAMHRÁDH
LADISLAIS MICKIEWICZ
MAC AN ÚDAIR.

Is mó an clú atá ar Leabhar an Náisúin Pholannaig agus na nOilithreach bPolannach ná ar aon leabhar eile desna leabhraibh go léir do scríbh Adam Mickiewicz. Tháinig sé amach díreach nuair a bhí lucht machtnaimh ad iarraidh creideamh agus saoirse do cheangal dá chéile. Tháinig taithneamh mór ag an ab De Lamennais don leabhar so, agus do chuir duine desna deisciobail ba dhíograisighe da raibh aige, .i. an piara óg úd de phiaraíbh na Fraince, Séarlas comte de Montalembert, do chuir sé i bhFraincis é.

Sa réamhradh do chuir Montalembert leis an aistriú san aige (21 Abrán, 1833), taréis dó a rádh: “ní heol dúinn éinní i letríocht na haimsire seo is aoirde ná an dráma uasal úd na nDziady,” deir sé: “Agus a dhólás agus a ghrádh dá thír ghá stiúrú i gcomhnuí, níorbh eagail le hAdam Mickiewicz tabhairt fésna hadhbana ba mhó dár bhain leis an atharú a mheas sé a thiocfadh ar chreideamh agus ar chor na cine daona, agus ba mhaith an sás na hadhbana san do réiteach é. Do chuarduigh sé duibheagán na gcréacht atá i grcorp an tsaoil san aimsir seo agus is dó linne gur nocht sé an leigheas .... Leabhar na nOilithreach bPolannach an chéad thora bhí ar an gcuaird nua san do thug a aigne .... Níor nochtadh riamh le láimh ba dháine ná ba dhaingine, dar linne, na nithe atá i ndán d’órdú pholaiticeach aguus d’órdú shóisialta na haimsire seo.”