Page:Leabhar na Polainne.djvu/23

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
19
LEABHAR NA PÓLAINNE.

nOilithreach bPolannach díreach le linn Mes prisons do chur amach do Silvio Pellico agus níorbh fhada ina dhiaig do Paroles d’un Croyant ó láimh Lamennais. Siné fé ndeár do Maurice de Guérin a rádh: “An eol duit gur trílóg scanrúil i gcoinnibh an lucht úd na gcoróinn gurb ea Leabhar na nOilithreach bPolannach, agus Prisons Phellico, agus Paroles d’un Croyant: trí bhuille ’chleith i ndiadh a chéile ó dhaoine Caithlicidhe, ó dhaoine geanmnaidhe, ó dhaoine beannuithe.” (Letreacha chun M. H. de La Morvonnais, Páras, 10 Bealtaine, 1838).

De bhárr Leabhar an Náisiúin Pholannaig agus na nOilithreach bPolannach do scrí, do saothruigheadh imeasc na bPolannach roinnt sár-oibreacha go bhfull meanmna an leabhair sin ionta: Le Message de la terre d’oppression aux fréres exilés, ó láimh Chasimir Brodzinski; agus Aube, ó láimh Sigismund Krasinski, dhá leabhar a bhí i bhfad gan ainm údair leo fé mar a bhí leabhar Adam Mickiewicz ar dtúis.

O thárla íde na Polainne do bheith dá bhagairt ar an uile náisiún, do réir dheallraimh, mara bhfaghaid siad de neart ionta féin pláig na tíorántachta do dhíbirt as an ndomhan, tá Leabhar na nOilithreach lán de theagosc don Eoraip go léir. Ní hiad na Polannaig amháin dféadfadh machtnamh a dhéanamh ar talamh iasachta ach daoine eile chó maith, go mór mór na hEireannaig, atá nios líonmhaire cheana féin ar an dtalamh iasachta ná ar thalamh na hEireann, agus fiú amháin a lán Francach a ruaigeadar Gearmáinig óna dteinteáin féin agus atá chó fada i gcéin le hAmericá agus le hAstraoile agus cumha orra i ndiaig a n-athardha.