Page:Leabhar na Polainne.djvu/22

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
18
LEABHAR NA PÓLAINNE.

mar gur peacaí a lithéidí (caib. a XVII., bhérsaí a 1-3); ach ní dubhairt Adam Mickiewicz i dtaobh na Polainne gur chuma í nó pobal Dé ná gur chuma í nó Críost. Dubhairt sé go humhal gur Lasarus imeasc na náisiún í (caib. a II., bhérsa a 13).

Do bronnadh an leabhar so ar na Polannaig díreach nuair is mó bhí gá acu le sólás. Na daoine bfearr ar an gcine sin, taréis a ndíbeartha as a dtalamh dúchais, do scaipeadh ar fuaid an domhain iad. Níorbh fhada go mbeadh anródh an tsaoil agus draoidheacht na smaointe iasachta agus an neamh-fhoidhne bhíon ar lucht fáin i gcomhnuí, níorbh fhada go mbeadh na nithe sin ag imirt orra. Tháinig Adam Mickiewicz in am chun misnig a chur ar a chó-náisiúnachaibh tré n-a mheabhrú dhóibh cad ba bhrí don Pholainn in aigne Dé agus tré n-a thespeáint dóibh conus ba chóir dóibh iad féin d’iompar imeasc na stróinséaruithe agus cad ba ghá dhóibh a dhéanamh chun exodus do thuilleamh. Ach an sliocht úd gur tugadh na comhairleacha dhóibh agus gur bás san uaigneas do ráinig dóibh go léir, faríor! ni leo san amháin a bhainean na comhairleacha; beid siad dá léamh ag lucht imirce ón bPolainn, le tairbhe dhóibh féin, godí go mbeidh an Pholann ar a bonnaibh arís.

Níl ach trí bliana déag ar fhichid ó cuireadh leabhar m’athar i gcló ar dtúis agus táimse ghá chur i gcló arís cheana féin do shliocht nua oilithreach a tháinig ón bPolainn ag lorg tearmainn san larthar taréis dóibh gleic chalma dhéanamh mar a dhein a n-aithreacha rómpa agus taréis don Eoraip iad do thréigean mar do thréig sí a n-aithreacha rómpa, leis.

Do foillsigheadh an chéad chló de Leabhar na