Page:Leabhar na Polainne.djvu/36

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
32
LEABHAR NA PÓLAINNE.


76. Nuair a chonaic an tríonóid sin ná raibh na náisiúin dall a ndóthin ná truaillithe a ndóthin, do chumadar íodhal nua, an t-íodhal ba grhráinniúla dá raibh riamh ann, agus thugadar Tairbhe mar ainm air; agus ní raibh aithne ar bith ar an íodhal san in aimslr na bpágánach.

77. Agus bhíodar na náisiúin cho caillte sin ná raibh le fáil ina measc ach éinne amháin a bhí ina dheigh-mhac dá athardha agus ina dhea-laoch.

78. Do chomhairligh seisean gan cogadh dhéanamh ar son Tairbhe feasta ach, ina ionad san, saoirse na coimhursan do chosaint; agus do ghluais sé ina aonar chun an chogaidh, go tír na saoirse, go hAmericá. Lafayette ab ainm don fhear san. Agus bhí se ar an nduine deiridh de dhaoine sean-aimseardha na hEorpa, na daoine go raibh ionta fós an sprid úd chun íbeartha dhéanamh díobh féin, iarsma den sprid Chríostuidhe.

79. Ach do shléachtadar na náisiúin uile don íodhal úd Tairbhe. Agus dubhradar na ríthe: Má dhuirimíd adhradh an íohail seo ar siúl san uile áit, éireoidh cathir in aghaidh cathrach agus duine in aghaidh duine díreach mar éirighean cine in aghaidh cine fé láthir.

80. Agus déanfidh daoine fiaine desna daoine arís agus beidh forlamhas againn arís fé mar a bhí ag na ríthe fiaine íodhal-adharthacha anallód agus fé mar atá anois ag na ríthe úd gur féidir dóibh a ndaoine d’ithe.

81. An náisiún Polannach an t-aon náisiún amháin nár umhluig don íodhal nua: agus ní raibh aon ainm ina gcaint a thabharfaidis air ná fós aon ainm ar lucht an íodhail d’adhradh, ar a dtugtar sa bhFraincis égoïstes.

82. Agus do lean na Polannaig ag adhradh Dé, mar