Page:Leabhar na Polainne.djvu/38

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
34
LEABHAR NA PÓLAINNE.

ghlacadh chúca i gcómbráithreachas. Bhíodar acu dá ghlacadh chúca ina légiónaibh agus ina dtreabhaibh iomlána. D’eirig na bráithre sin cho líonmhar leis iui náisiún; agus ní raibh ag náisiún ar bith saorchlann chó líoinmhar, agfus “bráithre” acu dá thabhairt orra féin, agus a bhí ag an bPólainn.

91. Fé dheire (an 3adh lá de Bhealtaine), do mheas an rí agus an laochra cómbráithre do dhéanamh de mhuintir na Pólainne uile; de mhuintir. na gcathrach ar dtúis agus ansan de mhiuintir na tuatha.

92. Agus tugadh bráithre Szlachta ar an muintir do lachuigheadh, sé sin le rádh, ar an muiníir gur dhein bráithre dosna Lechaibh díobh, daoine saora có-ionanna.

93. Ba mhian leo go ndéanfí gach Críostuidhe sa Pholainn d’uaisliú agus Szlachcic do ghairm de, mar chomhartha nárbh fholáir dó an anam uasal a bheith ann agus bheith ullamh i gcomhnuí ar thuitim thar ceann na saoirse,

94. Díreach! mar a goirtí Críostuidhe den té do ghlacadh an Soiscéal, mar chomhartha ar a bheith ullamh ar a chuid fola do dhortadh ar son Chríost.

95. Bhí an uaisleacht le bheith mar bhaiste ar an Saoirse an uair sin, agus pe duine bhí ullamh ar thuitim thar ceann na Saoirse, bheadh sé baistithe ó dhlí agus ó chlaidheamh.

96. Agus dubhairt an Pholann fé dheire: An mhuintir a thiocfidh chugam beid siad saor agus có-ionann, óir is mise an tSaoirse.

97. Ach nuair airighdair na ríthe é sin tháinig eagla ar a gcroidhe agus dubhradar: Do scriosamair an tSaoirse den talamh agus seo chugainn tharnais arís