Eachtradh Eibhlís i dTír na nIongantas/VI

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Eachtradh Eibhlís i dTír na nIongantas by Lewis Carroll, translated by Pádraig Ó Cadhla
AN CAT CLÁRACH

[ 64 ]CAIBIDIL A VI

AN CAT CLÁRAĊ

D’ḟan sí scaiṫeaṁ beag ag feuċaint ar an tiġ, agus ná feadar sí cad ba ċeart dí a ḋeunaṁ, nuair do rioṫ giolla beag amaċ as an gcoill (ḃí a ḟios aici gur giolla é mar ḃí a ċulaiṫ sin air, aċt le feuċaint suas ’san aġaiḋ air níor ḋóiġ leat naċ iasc é), agus ċrom sé ag bualaḋ ag an doras le n-a ḋóirne. D’oscail giolla eile an dorus dó — fear a raiḃ aġaiḋ mar an ġealaċ air agus súile frog aige; agus ṫug Eiḃlís fé ndeara go raiḃ mórán den ṗúdar bán ar ġruaig ċas gaċ giolla ḋíoḃ. B’ait léi cad ċuige an gnó go léir, agus ċuaiḋ sí ar a cromada agus ċuir sí cluas uirre féin ag éisteaċt.

Ṫarraing an giolla-iasc amaċ leitir ṁór ḃí fé n-a oscail aige — leitir ḃí geall leis ċoṁ mór leis féin — agus ṡín sé ċum an ġiolla eile í, agus aduḃairt san am ċeudna:

“Don Ḃaintiġearna. Cuireaḋ ón mBain- ríoġain ċum dul ag imirt cróicé léi.”

Do ḟreagair an giolla-ḟrog é as an gcaint ċeudna aċt gan na focail a ḃeiṫ ar an ḃfuitinn ċeudna ar fad aige: “Ón mBainríoġain. Cuireaḋ don Ḃaintiġearna ċum dul ag imirt cróicé léi.”

Annsin d’uṁlaiġeadar araon dá ċéile agus ’san uṁluġaḋ ḋóiḃ ċuaiḋ a gcuid gruaige in aċrann in a ċéile.

Ṫáinig a leiṫéid sin de reaċtaí gáire ar [ 65 ]Eiḃlís nuair a ċonnaic sí cad a ḃain dóiḃ gur ċaiṫ sí rioṫ siar ṫar n-ais ’sa ċoill ar eagla go n-aireoċṫaí í. Nuair d’ḟeuċ sí amaċ in a ḋiaiḋ sin ḃí an giolla-iasc imṫiġṫe agus ḃí an fear eile in a ṡuiḋe ar an talaṁ le hais an duiris agus é ag feuċaint mar a ḃeaḋ amadán in áirde ’sa spéir.

Ċuaiḋ Eiḃlís suas agus roinnt scáṫa uirre agus ḃuail sí ag an dorus.

“An deaḃas pioc maiṫeasa ḋuit-sa a ḃeiṫ ag bualaḋ ag an dorus sin,” arsaiġ an giolla, “agus tá ḋá ċúis leis. Insan ċeud dul síos táim-se ar an dtaoḃ ċeudna den dorus leat-sa, agus insan dara háit tá an oiread sin gleo agus cibeal istiġ aca ná fuiġfidís tú a aireaċtain.” Agus go deiṁin agus go dearḃṫa ḃí coṁráḋ-bó agus cibeal istiġ — screuċaḋ agus sraoṫartġail gan stad gan staonaḋ, agus anois agus arís foṫram mar a ḋeunfaí bloḋanna ḋe ṁias nó ḋe ċiotal.

“Agus, má’s é do ṫoil é, a ḋuine uasail,” arsaiġ Eiḃlís, “conus is féidir liom-sa dul isteaċ?”

“Ḃeaḋ ciall éigin a ḃeiṫ ag bualaḋ ag an dorus sin,” arsaiġ an giolla agus gan suim aige dá ċur i gceist Eiḃlís, “dá mbaḋ rud é go mbeaḋ an dorus eadrainn. Cuirim i gcás tusa a ḃeiṫ istiġ agus mise amuiġ, dob’ ḟéidir leat-sa bualaḋ ag an dorus agus ġeoḃainn-se tú leigint amaċ.” Ḃí sé ag feuċaint in áirde ’sa spéir i gcoṁnuiḋe an ḟaid is a ḃí sé ag caint le hEiḃlís, agus duḃairt sí léi féin go raiḃ sé an-ḋroċṁúinte. “Aċt béidir, dar ndóiġ, ná fuil leiġeas aige air,” ar sí sin, “tá a ṡúile ċoṁ gairid sin do ṁullaiġ a ċinn. [ 66 ]Aċt dar ndóiġ ná fuiġfeaḋ sé freagra ṫaḃairt orm. — Conus is féidir liom dul isteaċ?” ar sí sin arís, ag laḃairt go hárd.

“Fanfa mise im’ ṡuiḋe annso go dtí i mbáireaċ,” arsaiġ an giolla.

Díreaċ le n-a linn sin d’osclaḋ an dorus agus do teilgeaḋ de ḟuinneaṁ amaċ i leiṫ cinn an ġiolla pláta mór; d’imṫiġ sí díreaċ de ḃarr a ċaincín amaċ agus deineaḋ píosaí ḋe i gcoinne crainn ḃí taoḃ ṫiar de.

“… nó go dtí anurṫar béidir,” arsaiġ an giolla, gan aon tsuim dá ċur aige insan urċar a caiṫeaḋ leis.

“Conus is féidir liom dul isteaċ?” arsaiġ Eiḃlís arís ċoṁ árd agus ab’ ḟéidir léi.

“Is eaḋ,” arsaiġ an giolla, “aċt an leig- fear isteaċ in aon ċor tú? Sin, í an ṗríoṁ- ċeist, maran ḃfuil a ḟios agat é.”

Ba í, dar ndóiġ, aċt níor ṫaiṫniġ le hEiḃlís é sin á ráḋ léi. “Naċ é an scannraḋ,” arsaiġ Eiḃlís fé n-a fiacla, “naċ é an scannraḋ mar a ṫagann na hainṁiḋṫe seo treasna ar ḋuine. Ḃainfeaḋ sé do ṁeaḃair díot, ḃaineaḋ sin, ḃeiṫ ag pléiḋe leo.”

Ṫosnuiġ an giolla ag caint leis féin arís: “Fanfa mé annso im’ ṡuiḋe, ċuġam agus uaim ar eaḋ na laeṫeannta.”

“Aċt cad a ḋeunfad-sa má’s eaḋ,” arsaiġ Eiḃlís.

“Déin do roġa rud,” arsaiġ an giolla, ag cromaḋ ar ṗort feadġala ḋó féin.

“Ó, ní ḟuil aon ṁaiṫ ḃeiṫ ag caint leis sin,” arsaiġ Eiḃlís, agus í i ndeireaḋ na foiḋne, “tá an fear sin as a ṁeaḃair glan.” D’oscail sí an dorus í féin agus isteaċ léi. [ 67 ]
“An deaḃas pioc maiṫeasa ḋuit-se a ḃeit ag bualaḋ ag an dorus sin,” arsaiġ an Giolla
[ 68 ]Isteaċ i gcistin ṁór ċuaiḋ sí ḃí múċta le deataċ. Ḃí an Ḃaintiġearna in a suiḋe ar stóilín trí gcos i lár an úrláir i ḃfeiḋil leinḃ; ḃí an cócaire cromṫa síos ar an dteine agus bata aici ag suaṫaḋ rud éigin ḃí dá ḃeirḃiú aici i gcoire mór.

“Pé rud atá dá ḃeirḃiú aici tá an mí-áḋ de ṗiobar ann,” arsaiġ Eiḃlís léi féin, nuair d’éiriġ léi a hanáil d’ḟaġáil i ndiaiḋ an tsraoṫartġail.

Ḃí an mí-áḋ ḋe ṗiobar ar fuaid na cistin pé sceul é. Ḃí an Ḃaintiġearna féin ag sraoṫartġail anois agus arís. Aċt ḃí an tiubaist ċeart anuas ar an leanḃ, tamall ag sraoṫartġail agus tamall ag screuċaḋ gan sosaḋ gan suaiṁneas. Ḃí gaċ aoinne ag sraoṫartġail aċt aṁáin an cócaire agus cat mór ḃí in a ṡuiḋe ar lár an teinteáin agus beul air ó ċluais go cluais.

“An inneosfá ḋom, má’s é do ṫoil é,” arsaiġ Eiḃlís go scáṫṁar, mar ná feadar sí aċt gur droċṁúinte an rud dí tosaċ a ċur leis an gcaint, “an inneosfá dom cadé a ċúis an drana sin a ḃeiṫ ar an gcat!”

“Caṫ Cláraċ é sin,” arsaiġ an Ḃaintiġearna, “agus sin é a ċúis. A ṁuc!”

Ḃain sí preab as Eiḃlís a ḃinibe aduḃairt sí an focal sin, aċt ṫug sí fé ndeara i gcionn tamaill gur ċum an leinḃ ḃí sí agus naċ ċúiċe féin, agus ġlac sí misneaċ agus laḃair sí arís:

“Agus ní raiḃ a ḟios agam go mbíoḋ drana ar ċat Cláraċ i gcoṁnuiḋe, ní heaḋ, aċt ní raiḃ a ḟios agam go ḃfuiġfeaḋ cat drana a ċur air féin in aon ċor.”

“Is féidir leo go léir drana ċur orra [ 69 ]féin,” arsaiġ an Ḃaintiġearna, “agus is beag díoḃ ná déineann.”

“Ní ḟaca mé riaṁ ceann aca á ḋeunaṁ,” arsaiġ Eiḃlís go deaġḃeusaċ agus áṫas uirre go raiḃ sí tar éis an Ḃaintiġearna a ḃogaḋ ċum cainte.

“Ní ḟaca tú mórán id’ ṡaoġal,” arsaiġ an Ḃaintiġearna, “agus sin í an ḟírinne.”

Níor ṫaiṫniġ le hEiḃlís an tsliġe a ṫug an Ḃaintiġearna an freagra so uirre, agus duḃairt sí léi féin go mb’ḟéidir go mb’ḟearr ḋí cúrsaí éigin eile cainte ṫarraing ċúiċe féin. Le linn is í ag deunaṁ a maranna ṫóg an cócaire an coire den teine (anairṫe ḃí ann), agus seo í ag caiṫeaṁ gaċ aon rud a ḟeud sí breiṫ air leis an mBaintiġearna agus leis an leanḃ. Ċaiṫ sí iarnaí na teine an ċeud uair leo; annsin ṫáinig cioṫ panaí agus plátaí agus miasa anuas ’sa mullaiġ orra. Níor ċuir an Ḃaintiġearna i ḃáir iad agus iad ag bualaḋ uirre ó gaċ aon taoḃ, agus ḃí an oiread sin screuċaḋ agus screadaḋ ag an leanḃ ċeana féin ná beaḋ a ḟios agat an raḃaḋ dá ġoirtiuġaḋ nó ná raḃaḋ.

“Feuċ roṁat féin, má’s é do ṫoil é,” arsaiġ Eiḃlís, agus í ag léimriġ ar fuaid an tiġe agus a croiḋe in a beul aici le neart faoḃar scannraḋ. “Ó, coimirċe Dé ḋúinn! tá an caincín scuabṫa ḋe,” ar sí sin nuair d’imṫiġ pan mór amaċ de ċaincín an leinḃ agus go ndóbar dó.

“Dá mb’áil le gaċ aoinne aire ṫaḃairt dá ngnó féin,” arsaiġ an Ḃaintiġearna, agus toċt uirre, “is mire ċasfaḋ an doṁan.”

“Agus níorḃ’ ḟearrde an doṁan é sin," [ 70 ]arsaiġ Eiḃlís, le háṫas ó fuair sí an ċaoi ar a cuid léiġinn a noċtaḋ. “Feuċ, cadé an ċur amuḋa ḋeunfaḋ sin ar an lá agus ar an oiḋċe. Ná fuil a ḟios agat go mbaineann sé ċeiṫre huaire fiċead den doṁan casaḋ …”

“Cas an ceann dí,” arsaiġ an Ḃaintiġearna. Agus d’ḟeuċ Eiḃlís ṫimċeall uirre go him- ṡníoṁaċ feuċaint an raiḃ an cócaire ag cuiṁneaṁ ar an ceann a ḃaint dí, aċt ḃí an cócaire boċt ag corruiġe an anairṫe léi agus gan aon tsuim aici i gcaint na coda eile; mar sin lean Eiḃlís uirre ’sa ċaint: “Ċeiṫre huaire fiċead is dóiġ liom nó an dá uair ḋeug é?”

“Ḋera, ná bí im’ ḃoḋraḋ,” arsaiġ an Ḃain- tiġearna, “ní luġa orm bóiṫreán bó ná áireaṁ!” Agus ċrom sí ag breugaḋ an leinḃ arís; ḃí saġas “seo-ṫín” aici ḋo, agus ḃaineaḋ sí suaṫaḋ uaṫḃásaċ as i ndeireaḋ gaċ aon líne:

“Caiṫfimíd suas agus suas é, Caiṫfimíd suas an páiste, Caiṫfimíd suas agus suas é, Agus tiocfa sé anuas i mbáireaċ.

Ó, níor ḋein sé rinnce, Ó, níor ḋein ná gáire, Ó, níor ḋein sé rinnce, Aċt deunfa sé rinnce i mbáireaċ.”

“Seo! bí á ḃreugaḋ tamall, má’s maiṫ leat,” arsaiġ an Ḃaintiġearna le hEiḃlís, ag caiṫeaṁ an leinḃ ċúiċe, “caiṫfe mise dul ag [ 71 ]imirt cróicé leis an mBainríoġain,” agus as go bráṫ léi amaċ an dorus. Ċaiṫ an cócaire pan léi ag dul amaċ dí, aċt níor buaileaḋ í.

Rug Eiḃlís ar an leanḃ, aċt ba ḋeacair dí é, mar b’ait an sórt deunaṁ ḃí ar an gcreu- túirín; ba ḋóiġ leat ná raiḃ dada ann aċt cosa agus láṁa agus iad sínte amaċ ar gaċ aon taoḃ uaiḋ. Ba ġeall le portán é. Nuair rug Eiḃlís air ḃí sé ag puṫarnġail agus ag srannṫartġail mar ḃeaḋ fear gan snáṁ ṫar éis éiriġe aníos ó ḃeiṫ fé uisce; ḃí sé á ċrapaḋ agus á ṡearraḋ féin; ag casaḋ agus ag únfairt ’sa tsliġe gur ar éigin ḃí Eiḃlís ábalta ar é ċoimeád idir a ḋá láiṁ i dtosaċ.

Ċoṁ luaṫ agus do ċuaiḋ i dtuigsin dí conus é ḃreugaḋ (.i. snaḋm a ḋeunaṁ ḋe agus annsin greim daingean a ċoimeád ar a ċluais ḋeis agus ar a ċois ċlé ar eagla go scaoilfeaḋ sé é féin) ṫug sí amaċ fén aer é. “Maran mbeurfa mise liom an leanḃ so ċum siuḃail uaṫa,” arsaiġ Eiḃlís, “marḃó’ siad é: nár ṗeaca dom é d’ḟágaint im’ ḋiaiḋ?” agus ċuir an creutúirín boċt cnead as mar ḟreagra (ḃí deireaḋ leis an sraoṫartġail fen am so). “Ná ḃí ag cneadġail mar sin,” arsaiġ Eiḃlís, “ní deas an tsliġe ċum cainte é.”

Ċuir sé cnead agus cnead eile as, agus d’ḟeuċ Eiḃlís isteaċ idir an dá ṡúil air feuċaint cad a ḃí air. Ní raiḃ aon dearṁad in aon ċor aċt go raiḃ caincín an-ġeancaċ air. Ba ṁó de ġeanc ná de ċaincín é, agus ḃí a ḋá ṡúilín ró ḃeag ar fad do leanḃ. Níor ṫaiṫniġ le hEiḃlís in aon ċor an deallraṁ ḃí air. “Aċt, dar ndóiġ,” ar sí sin, léi féin, “béidir gur ag osnġail ḃí sé,” agus d’ḟeuċ [ 72 ]sí isteaċ in a ḋá ṡúil arís feuċaint a raiḃ aon deora ag teaċt.

Drae deor. “Má tá tusa ċum iompó’ amaċ id’ ṁuic,” arsaiġ Eiḃlís leis, “ní ḃeiḋ a ṫuille le deunaṁ agam-sa leat. Cuiṁniġ air sin anois.” Ċuir an creutúirín beag cnead eile as (nó srónġail, ba ḋeacair a ráḋ ciaca), agus d’imṫiġeadar leo ar feaḋ tamaill gan focal as aoinne aca.

’Sé rud ḃí ag deunaṁ brionglóide ḋ’ Eiḃlís aċt cad ḋeunfaḋ sí leis nuair raġaḋ sí aḃaile. Le n-a linn sin ċuir sé cnead uaṫḃásaċ eile as, agus d’ḟeuċ Eiḃlís go geur isteaċ idir an dá ṡúil arís air agus sórt eagla uirre. Ní raiḃ aon dearṁad in aon ċor an boḃta so uirre: muc b’eaḋ é gan aon agó - bainḃín muice — agus nár ḃ’iongantaċ an searḃas dí ḃeiṫ dá iomċur a ṫuille.

Leag sí síos ar an talaṁ uaiṫe é, agus ná raiḃ áṫas uirre é d’ḟeicsin ag rioṫ leis isteaċ i gcoill. “Is ait an páiste garsúin ḋeunfaḋ sé nuair éireoċaḋ sé suas; aċt, feuċ! naċ deas an ṁuc é?” Agus ċrom sí ag maranna ar leanḃaí eile a raiḃ aiṫne aici orra agus go mb’ḟéidir gurḃ’ ḟearrde a ndeallraṁ iad do ḃeiṫ in a muca — dá dtuigfimís conus an t-aṫruġaḋ sin do ḋeunaṁ. Ḃí sí ag caint mar seo léi féin nuair cad a ċífeaḋ sí aċt an Cat Cláraċ in a ṡuiḋe ar ġeug crainn cúpla slat uaiṫe.

Níor ḋein an Cat aċt drana ċur air féin nuair a ċonnaic sé Eiḃlís. Mar sin féin ṁeas sí gur láġṫaċ an deallraṁ ḃí air; aċt ó’s rud é go raiḃ crúcaí móra fada air agus an-ċuid fiacla aige, dar le hEiḃlís gur ċeart

urraim a ṫeasbáint dó. [ 73 ]

Muc b’eaḋ é gan aon agó
[ 74 ]"A Ċaitín Ċláraiġ,” ar sí sin go scáṫ-

aṁail, mar ná raiḃ a ḟios aici an dtaiṫneoċaḋ an ainm sin leis nó ná taiṫneoċaḋ: aċt níor ḋein sé aċt an drana a ṁeuduġaḋ rud beag. “’Seaḋ!” ar sí sin léi féin, “taiṫniġeann sé leis,” agus aduḃairt sí: “An inneosfá ḋom, má’s é do ṫoil é, cadé an bóṫar a ṫaḃarfaḋ as so me?”

“Dá mbeaḋ a ḟios agam cá ḃfuil tú ċum dul,” arsaiġ an Cat, “ḃeinn ábalta ar a innsint duit, béidir.”

“Is cuma liom cá raġa mé,” arsaiġ Eiḃlís.

“Má’s eaḋ is cuma ḋuit cadé an bóṫar a ṫaḃarfa tú ort as so,” arsaiġ an Cat.

“- Is eaḋ, ċoṁ fada is do-ġeoḃa mé dul in aon áit,” arsaiġ Eiḃlís, ag baint an ḟocail as a ḃeul.

“Do-ġeoḃa tú sin a ḋeunaṁ,” arsaiġ an Cat, “má ṫéiġeann tú fada go leor.”

Ḃí a ḟios ag Eiḃlís ná fuiġfí an ċaint seo a ḃreugnuġaḋ, agus ċuir sí ceist eile air.

“Cadé an sórt daoine tá in a gcoṁnuiḋe ṫimċeall na háite seo?”

“Coṁnuiġeann Fear Lár na Gealaiġe annsin,” arsaiġ an Cat, ag árdaċ lapa leis, “agus Girrḟiaḋ Márta siar annsin,” ag árdaċ an lapa eile leis. “Téiġre ag feuċaint aoinne aca is maiṫ leat: tá siad araon as a meaḃair.”

“Aċt ní maiṫ liom ḃeiṫ imeasc daoine ḃíonn as a meaḃair,” arsaiġ Eiḃlís.

“Ó, ní ḟuil leiġeas agat ar sin,” arsaiġ an Cat, “tá gaċ aoinne as a ṁeaḃair annso. Táim-se as mo ṁeaḃair. Táir-se as do

ṁeaḃair.” [ 75 ]

“A Ċaiṫín Ċláraiġ!” ar sí sin go scáṫaṁail
[ 76 ]"Conus atá a ḟios agat go ḃfuilim-se as

mo ṁeaḃair?” arsaiġ Eiḃlís.

“Táir gan daḃt,” arsaiġ an Cat, “agus muireaċ go ḃfuil tú ní h-annso a ḃeiṫeá.”

Níor ṡíl Eiḃlís gurḃ’ aon ċruṫuġaḋ ar í ḃeiṫ as a meaḃair é sin. “Agus conus atá a ḟios agat go ḃfuil tú féin as do ṁeaḃair?”

“Is eaḋ, mar seo,” arsaiġ an Cat; “ní ḃíonn madra as a ṁeaḃair. Naċ fíor sin?”

“Is dóċa ná bíonn,” arsaiġ Eiḃlís.

“Tá go maiṫ,” arsaiġ an Cat, “ná noċtann an madra a ḟiacla nuair ḃíonn fearg air agus ná cuireann sé cor in a iarball nuair ḃíonn sé sásta. Agus noċtaim-se m’ḟiacla nuair ḃím sásta agus cuirim cor im’ iarball nuair ḃíonn fearg orm. Agus dar ndóiġ, ní beag duit de ċoṁarṫa an méid sin mise do ḃeiṫ as mo ṁeaḃair.”

“Naċ ag crónán ḃíonn tú agus tú ag noċtaḋ t’ḟiacla?” arsaiġ Eiḃlís.

“Naċ cuma ’sa tiubaist cad ḃím a ḋeunaṁ,” arsaiġ an Cat. “Ḃfuil tusa ċum a ḃeiṫ ag imirt cróicé i ḃfoċair na Bainríoġna indiu?”

“Ba ṁaiṫ liom go mór dá mbéinn,” arsaiġ Eiḃlís, “aċt ní ḃfuair mé aon ċuireaḋ fós.”

“Ċífe tú mise ann,” arsaiġ an Cat, agus sceinn sé as a raḋarc.

Níor ċuir an méid seo aon iongantas ar Eiḃlís; ḃí an oiread sin rudaí iongantaċa ag tuitim amaċ uirre go raiḃ sí in a dtaiṫiġe. Le linn agus í ag feuċaint ar an áit a raiḃ an Cat ċonnaic sí arís ann é.

“Mo ḋearṁad,” ar sé sin, “cad a ḃain don leanḃ? Dóbair ná cuiṁneoċainn ar é ḟiaḟruiġe ḋíot.” [ 77 ]"Ḋein muc de,” arsaiġ Eiḃlís, go ciúin, cneasta, agus gan cuiṁneaṁ riaṁ ar conus ṫáinig an Cat ṫar n-ais.

“Ḃí a ḟios agam go mb’ṡin é ḃainfeaḋ dó,” arsaiġ an Cat, agus sceinn sé arís as a raḋarc.

D’ḟan Eiḃlís mar ḃí sí tamall beag ag tnúṫán go ḃfeicfeaḋ sí arís é, aċt ní ḟacaiḋ. I gcionn cúpla nómant d’imṫiġ sí léi agus ḋein sí ar an áit a raiḃ coṁnuiḋe ar an nGirrḟiaḋ Márta. “Is minic a ċonnaic mé Fear Lár na Gealaiġe,” ar sí sin léi féin; “cuirfe mé níos mó suime ’sa nGirrḟiaḋ Márta feasta; agus béidir ó’s rud gurb’ é mí na Bealltaine aṫá anois againn ná beaḋ an confaḋ ar fad air — nó pé sceul é ná beaḋ sé ċoṁ dona agus do ḃí sé i mí an Ṁárta.” Le n-a linn sin d’ḟeuċ sí suas, agus cad ḃeaḋ ná an Cat in a ṡuiḋe ar ġeug crainn.

“An muc nó luċ aduḃairt tú an uair úd?” arsaiġ an Cat.

“Muc aduḃairt mé,” arsaiġ Eiḃlís, “agus feuċ,” ar sí sin, “dob’ ḟearr liom ná beiṫeá id’ ṫeasbáin féin agus id’ ċeilt féin ċoṁ obann sin: ċuirfeá meaḃrán i gceann duine, ċuirfeá sin.”

“Tá go maiṫ,” arsaiġ an Cat; d’imṫiġ sé an boḃta so go mín, réiḋ, as a raḋarc; barr an iarbaill d’imṫiġ an ċeud uair, agus ḃí an ċuid eile ḋe ag imṫeaċt ó ḃall go ball go dtí ná raiḃ aon rud le feicsin aċt an drana, agus d’ḟan sin tamall i ndiaiḋ na coda eile ḋe.

“Oċ!” arsaiġ Eiḃlís, “is minic a ċonnaic mé cat gan drana, aċt drana gan cat ní ḟaca mé go dtí an nómant so. Is é an rud is aite ċonnaic mé riaṁ im’ ṡaoġal é.” [ 78 ]Is gairid eile d’imṫiġ sí fé’r ṫáinig sí i raḋarc Tiġe an Ġirrḟiaiḋ Márta. Ḃí sí ag cuiṁneaṁ gurḃ’ é ḃí ann, mar deunaṁ cluas ḃí ar na simniġṫe agus clúṁ ḃí mar ḋíon air. Ḃí an tiġ ċoṁ mór sin nár ṁaiṫ léi dul gairid dó go gcreimfeaḋ sí rud beag den ṁuisiriún ḃí in a láiṁ clé aici, agus gur ṁeudaiġ sí í féin go ḋá ṫroiġ ar aoirde; agus annsin féin ḃí sí roinnt scáṫṁar ag siuḃal suas ċuige. “Cad a ḋeunfainn,” ar sí sin léi féin, “dá mbeaḋ an confaḋ air tar éis gaċ aon rud? B’ḟearr liom gur ar Ḟear Lár na Gealaiġe ṫaḃarfainn m’aġaiḋ!”


Tiġ an Ṫirrḟiaiḋ Márta