imirt cróicé leis an mBainríoġain,” agus as go bráṫ léi amaċ an dorus. Ċaiṫ an cócaire pan léi ag dul amaċ dí, aċt níor buaileaḋ í.
Rug Eiḃlís ar an leanḃ, aċt ba ḋeacair dí é, mar b’ait an sórt deunaṁ ḃí ar an gcreu- túirín; ba ḋóiġ leat ná raiḃ dada ann aċt cosa agus láṁa agus iad sínte amaċ ar gaċ aon taoḃ uaiḋ. Ba ġeall le portán é. Nuair rug Eiḃlís air ḃí sé ag puṫarnġail agus ag srannṫartġail mar ḃeaḋ fear gan snáṁ ṫar éis éiriġe aníos ó ḃeiṫ fé uisce; ḃí sé á ċrapaḋ agus á ṡearraḋ féin; ag casaḋ agus ag únfairt ’sa tsliġe gur ar éigin ḃí Eiḃlís ábalta ar é ċoimeád idir a ḋá láiṁ i dtosaċ.
Ċoṁ luaṫ agus do ċuaiḋ i dtuigsin dí conus é ḃreugaḋ (.i. snaḋm a ḋeunaṁ ḋe agus annsin greim daingean a ċoimeád ar a ċluais ḋeis agus ar a ċois ċlé ar eagla go scaoilfeaḋ sé é féin) ṫug sí amaċ fén aer é. “Maran mbeurfa mise liom an leanḃ so ċum siuḃail uaṫa,” arsaiġ Eiḃlís, “marḃó’ siad é: nár ṗeaca dom é d’ḟágaint im’ ḋiaiḋ?” agus ċuir an creutúirín boċt cnead as mar ḟreagra (ḃí deireaḋ leis an sraoṫartġail fen am so). “Ná ḃí ag cneadġail mar sin,” arsaiġ Eiḃlís, “ní deas an tsliġe ċum cainte é.”
Ċuir sé cnead agus cnead eile as, agus d’ḟeuċ Eiḃlís isteaċ idir an dá ṡúil air feuċaint cad a ḃí air. Ní raiḃ aon dearṁad in aon ċor aċt go raiḃ caincín an-ġeancaċ air. Ba ṁó de ġeanc ná de ċaincín é, agus ḃí a ḋá ṡúilín ró ḃeag ar fad do leanḃ. Níor ṫaiṫniġ le hEiḃlís in aon ċor an deallraṁ ḃí air. “Aċt, dar ndóiġ,” ar sí sin, léi féin, “béidir gur ag osnġail ḃí sé,” agus d’ḟeuċ