Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/80

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
72
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

sí isteaċ in a ḋá ṡúil arís feuċaint a raiḃ aon deora ag teaċt.

Drae deor. “Má tá tusa ċum iompó’ amaċ id’ ṁuic,” arsaiġ Eiḃlís leis, “ní ḃeiḋ a ṫuille le deunaṁ agam-sa leat. Cuiṁniġ air sin anois.” Ċuir an creutúirín beag cnead eile as (nó srónġail, ba ḋeacair a ráḋ ciaca), agus d’imṫiġeadar leo ar feaḋ tamaill gan focal as aoinne aca.

’Sé rud ḃí ag deunaṁ brionglóide ḋ’ Eiḃlís aċt cad ḋeunfaḋ sí leis nuair raġaḋ sí aḃaile. Le n-a linn sin ċuir sé cnead uaṫḃásaċ eile as, agus d’ḟeuċ Eiḃlís go geur isteaċ idir an dá ṡúil arís air agus sórt eagla uirre. Ní raiḃ aon dearṁad in aon ċor an boḃta so uirre: muc b’eaḋ é gan aon agó - bainḃín muice — agus nár ḃ’iongantaċ an searḃas dí ḃeiṫ dá iomċur a ṫuille.

Leag sí síos ar an talaṁ uaiṫe é, agus ná raiḃ áṫas uirre é d’ḟeicsin ag rioṫ leis isteaċ i gcoill. “Is ait an páiste garsúin ḋeunfaḋ sé nuair éireoċaḋ sé suas; aċt, feuċ! naċ deas an ṁuc é?” Agus ċrom sí ag maranna ar leanḃaí eile a raiḃ aiṫne aici orra agus go mb’ḟéidir gurḃ’ ḟearrde a ndeallraṁ iad do ḃeiṫ in a muca — dá dtuigfimís conus an t-aṫruġaḋ sin do ḋeunaṁ. Ḃí sí ag caint mar seo léi féin nuair cad a ċífeaḋ sí aċt an Cat Cláraċ in a ṡuiḋe ar ġeug crainn cúpla slat uaiṫe.

Níor ḋein an Cat aċt drana ċur air féin nuair a ċonnaic sé Eiḃlís. Mar sin féin ṁeas sí gur láġṫaċ an deallraṁ ḃí air; aċt ó’s rud é go raiḃ crúcaí móra fada air agus an-ċuid fiacla aige, dar le hEiḃlís gur ċeart urraim a ṫeasbáint dó.