"A Ċaitín Ċláraiġ,” ar sí sin go scáṫ- aṁail, mar ná raiḃ a ḟios aici an dtaiṫneoċaḋ an ainm sin leis nó ná taiṫneoċaḋ: aċt níor ḋein sé aċt an drana a ṁeuduġaḋ rud beag. “’Seaḋ!” ar sí sin léi féin, “taiṫniġeann sé leis,” agus aduḃairt sí: “An inneosfá ḋom, má’s é do ṫoil é, cadé an bóṫar a ṫaḃarfaḋ as so me?”
“Dá mbeaḋ a ḟios agam cá ḃfuil tú ċum dul,” arsaiġ an Cat, “ḃeinn ábalta ar a innsint duit, béidir.”
“Is cuma liom cá raġa mé,” arsaiġ Eiḃlís.
“Má’s eaḋ is cuma ḋuit cadé an bóṫar a ṫaḃarfa tú ort as so,” arsaiġ an Cat.
“- Is eaḋ, ċoṁ fada is do-ġeoḃa mé dul in aon áit,” arsaiġ Eiḃlís, ag baint an ḟocail as a ḃeul.
“Do-ġeoḃa tú sin a ḋeunaṁ,” arsaiġ an Cat, “má ṫéiġeann tú fada go leor.”
Ḃí a ḟios ag Eiḃlís ná fuiġfí an ċaint seo a ḃreugnuġaḋ, agus ċuir sí ceist eile air.
“Cadé an sórt daoine tá in a gcoṁnuiḋe ṫimċeall na háite seo?”
“Coṁnuiġeann Fear Lár na Gealaiġe annsin,” arsaiġ an Cat, ag árdaċ lapa leis, “agus Girrḟiaḋ Márta siar annsin,” ag árdaċ an lapa eile leis. “Téiġre ag feuċaint aoinne aca is maiṫ leat: tá siad araon as a meaḃair.”
“Aċt ní maiṫ liom ḃeiṫ imeasc daoine ḃíonn as a meaḃair,” arsaiġ Eiḃlís.
“Ó, ní ḟuil leiġeas agat ar sin,” arsaiġ an Cat, “tá gaċ aoinne as a ṁeaḃair annso. Táim-se as mo ṁeaḃair. Táir-se as do ṁeaḃair.”