Eachtradh Eibhlís i dTír na nIongantas/VII

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Eachtradh Eibhlís i dTír na nIongantas by Lewis Carroll, translated by Pádraig Ó Cadhla
CUIDEACHTA TÉ AGUS IAD AR BUILE
[ 79 ]

CAIBIDIL A VII

CUIDEAĊTA TÉ AGUS IAD AR BUILE


“Naċ mí-ċompórdaṁail an sceul ag an luiċín é!”

Ḃí bórd leagṫa amaċ fé ċrann ḃí os coṁair an tiġe aca agus an Girrḟiaḋ Márta agus Fear Lár na Gealaiġe ag ól té ann, agus luċ in a suiḋe eatorra istiġ in a marḃ-ċodlaḋ. Ḃí sí mar cuisín aca, ag leagaint a n-uillinneaċa uirre, agus iad ag caint in áirde ós a ceann. “Naċ mí-ċompórdaṁail an sceul ag an luiċín é,” arsaiġ Eiḃlís léi féin, “aċt [ 80 ]nuair atá sí in a codlaḋ is dóċa gur cuma léi hé.”

Bórd mór a ḃí aca, aċt ḃí an triúr aca bailiġṫe in aon ṗraisimín aṁáin ag cúinne ḋe. “Ní ḟuil sliġe! Ní ḟuil sliġe!” ar siad go léir in aoinḟeaċt nuair ċonnacadar Eiḃlís ag teaċt.

“Tá, mo ḋallaḋ sliġe annso agam,” arsaiġ Eiḃlís, ag suiḋe síos dí féin ar ċaṫaoir ṁór ḃí ag ceann an ḃúird.

“Bíoḋ braon fíona agat,” arsaiġ an Girr- ḟiaḋ Márta, agus laḃair sé mar a ḃeaḋ sé d’iarraiḋ misneaċ a ċur uirre.

D’ḟeuċ Eiḃlís ṫimċeall an ḃúird in gaċ aon áit, aċt ní raiḃ dada le feicsin aici aċt té.

“Ní ḟeicim aon ḟíon annso,” arsa sí.

“Ní ḟuil, ṁuise, aon ṗioc!” arsaiġ an Girrḟiaḋ Márta.

“Nárḃ’ oitir an rud uait é d’ḟuláraṁ dom?” arsaiġ Eiḃlís.

“Nárḃ’ oitir an rud uait-se suiḋe síos ag bórd aoinne gan cuireaḋ gan iarraiḋ?” arsaiġ an Girrḟiaḋ Márta.

“Níor ṡíl mé gur leat-sa an bórd,” arsaiġ Eiḃlís; “tá sé leagṫa amaċ do níos mó ná triúr.”

“Níor ṁór duit do ġruaig a ḃearraḋ,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe. Ḃí sé ag feuċaint ar Eiḃlís ar feaḋ tamaill, agus b’ait leis í.

“Naċ oitir an gnó uait tagairt do ḋuine mar sin?” arsaiġ Eiḃlís, “ní ḟuil aon taḃairt suas ort,” ar sí sin.

D’oscail Fear Lár na Gealaiġe a ḋá ṡúil [ 81 ]go mór nuair d’airiġ sé an ċaint seo, agus ní duḃairt sé aċt:

“Dá mbeaḋ gaḃar oḋar agat Agus aḋḃar gaḃair Agus gaḃar reaṁar a ċur in a mbun Agus do ṫoġa gaḃar, reaṁar, oḋar agat, ’Dé méid gaḃar ḃeaḋ agat annsin?”

“Beiḋ spórt anois againn,” arsaiġ Eiḃlís léi féin, “is maiṫ liom toṁasanna; is dóiġ liom go ḃfuiġfinn é sin a ṫoṁas,” ar sí sin léi féin.

“An aṁlaiḋ tá tú ar aigne a ráḋ go ḃfuiġfeá an freagra tá air a ḋeunaṁ amaċ?” arsaiġ an Girrḟiaḋ Márta

“’Seaḋ, díreaċ,” arsaiġ Eiḃlís.

“Má’s eaḋ, ba ċeart duit an rud ḃíonn ar t’aigne a ráḋ,” arsaiġ an Girrḟiaḋ.

“Dar ndóiġ, déinim,” arsaiġ Eiḃlís go hobann, “nó, an rud adeirim isé ḃíonn ar m’aigne,” ar sí sin, “agus naċ mar a ċéile é?”

“Is fada ó’n stuaim an stocaire, ar ḃfalaing,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe. “Ḃeaḋ sé ċoṁ maiṫ agat a ḃeiṫ d’iarraiḋ ċur in a luiġe orm-sa gur mar a ċéile, “ċím a n-iṫim,” agus “iṫim a ḃfeicim"!”

“Ḃeaḋ sé ċoṁ maiṫ agat ḃeiṫ d’iarraiḋ ċur in a luiġe orm-sa,” arsaiġ an Girrḟiaḋ Márta, “gur mar a ċéile ’ólaim a dtuillim’ agus ’tuillim a n-ólaim’!”

“Ḃeaḋ sé ċoṁ maiṫ agat a ráḋ,” arsaiġ an luiċín, agus í mar ḃeaḋ sí ag caint tré n-a codlaḋ, “gur mar a ċéile, ’tarraingím m’anáil nuair a ċodlaim’ agus ’codlaim nuair a ṫarraingím m’anáil’!” [ 82 ]"Is mar a ċéile ḋuit-se é, pé sceul é,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe. Stad an ċaint annsin ar feaḋ tamaill agus ṡuiḋ an ċuideaċta go léir go ciúin ar feaḋ nómant nó mar sin, agus ḃí Eiḃlís d’iarraiḋ cuiṁneaṁ ar gaċ aon rud d’airiġ sí riaṁ i dtaoḃ gaḃar, aḋḃar gaḃar, agus gaḃair oḋair, aċt ba ḃeag é.

Fear Lár na Gealaiġe an ċeud duine a laḃair. “Cadé an lá den ṁí atá againn?” ar sé sin le hEiḃlís. Ḃí a uaireadóir in a láiṁ aige agus é ag feuċaint air anois agus arís, ag baint croṫaḋ as, agus dá ċur ċum a ċluaise.

Ḃí Eiḃlís ag maċtnaṁ tamall agus annsin aduḃairt sí, “An ceaṫraṁaḋ lá.”

“Ḋá lá bun os cionn,” ar sé sin. “Ná duḃairt mé leat ná deunfaḋ im an gnó dos na hoibreaċa istiġ ann,” ar sé sin go feargaċ agus é ag feuċaint ar an nGirrḟiaḋ Márta.

“Ba é an t-im ab’ ḟearr é,” arsaiġ an Girrḟiaḋ Márta, agus a ċeann fé.

“Is eaḋ, aċt is baoġal liom go raiḃ mion- ṗíosaí aráin meascṫa tríd,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe. “’Dé ċúis duit é ċur isteaċ leis an scian-aráin.”

Ṫóg an Girrḟiaḋ Márta an t-uaireadóir in a láiṁ ċuige agus d’ḟeuċ sé air go brónaċ; annsin ṫom sé síos é insan ċupán té ḃí sé ḋ’ól; aċt ní ḃfuiġfeaḋ sé cuiṁneaṁ ar aon rud a ráḋ aċt an ċeud rud aduḃairt sé: “B’é an t-im ab’ ḟearr é, dar ndóiġ.”

Ḃí Eiḃlís ag feuċaint ṫar a gualainn agus í d’iarraiḋ an t-uaireadóir a ṫaḃairt fé ndeara. “Naċ greannaṁar an sórt cloigín é,” ar sí sin, “bíonn a ḟios agat le feuċaint air cadé [ 83 ]an lá ḋen ṁí é, aċt ní ḃíonn a ḟios agat cadé an t-am den lá é!”

“Cadé a ċúis a mbeaḋ a ḟios?” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe. “An mbeaḋ a ḟios agat ar t’uaireadóir-se cadé an ḃliain ḃeaḋ agat?”

“Ó, ní ḃeaḋ a ḟios, dar ndóiġ,” arsaiġ Eiḃlís, “fanann an ḃliain ċoṁ fada sin againn naċ gáḋ é.”


Ṫom sé síos é insan ċupán té
“Sin é díreaċ dála mo ċluig-se,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe.

Ní ḃfuiġfeaḋ Eiḃlís an sceul a ṫuigsin in aon ċor. Níor ḋóiġ léi go ḃfuiġfeaḋ aon ḃriġ ḃeiṫ le caint an ḟir seo. “Ní ṫuigim ṫu in aon ċor,” arsaiġ Eiḃlís leis ċoṁ deaġḃeusaċ agus ab’ ḟéidir léi.

“Tá an luiċín in a codlaḋ,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe, agus ḋoirt sé braon den té anuas ’sa ċaincín air.

“Dar ndóiġ, dar ndóiġ; sin é díreaċ a ṁeas mé féin a ráḋ,” arsaiġ an luiċín ag baint croṫaḋ as a ceann agus gan oiread agus a súile d’oscailt.

“Ḃfuil an toṁas úd agat fós?” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe.

“Ní ḟuil, ṁuise,” arsaiġ Eiḃlís, “caiṫfe mé éiriġe as; cad é an freagra tá air?”

“Ní ḟeadar mé é sin,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe.

“Ná mise,” arsaiġ an Girrḟiaḋ.

[ 84 ]"Oḃoċ! mo ċreaċ siḃ!” arsaiġ Eiḃlís, “is ait an dream siḃ.”

“Ní ḟuilim-se ait,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe. “Ṫuiteamar amaċ le n-a ċéile mí an Ṁárta seo caiṫte againn — díreaċ fé’r imṫiġ sé seo as a ṁeaḃair, tá a ḟios agat” — (ag bagairt a ṁéire ar an nGirrḟiaḋ) — “ag an Ċuirm Ceoil ḃí ag an mBainríoġain Hart, agus ċaiṫeasa aṁrán a ráḋ: “Bó, bó, bó na leaṫ- aḋairce.” Tá a ḟios agat an t-aṁrán sin, is dóċa!”

“D’airiġ mé rud éigin mar é,” arsaiġ Eiḃlís. “Seo mar a ġaḃann sé,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe.

“’Bó, bó bó na leaṫ-haḋairce, Bó ḋruimḟionn ḋearg a’s ní ḟeadar cá ḃfuiġfinn í.’”

Ḃain an luċ searraḋ aiste féin annsin agus ṫosnuiġ sí ag aṁrán tré n-a codlaḋ: “bó, bó, bó, bó, bó,” agus lean sí uirre ċoṁ fada sin gur ċaiṫeadar miotóg a ḃaint aiste ċum í stad.

“Aċt,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe, “is ar éigin ḃí deireaḋ leis an gceud ċeaṫraṁa nuair a léim an Ḃainríoġain in a seasaṁ agus screuċ sí amaċ, ’Tá sé ag marḃuġaḋ ama! Scuab an ceann de!’”

“Ó, nárḃ’ í an t-ultaċ alltaċ í,” arsaiġ Eiḃlís.

“Agus riaṁ ó ṡoin,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe go duḃrónaċ, “ní ḋeunfaḋ sé aon rud dom! Bíonn sé a sé a ċlog i gcoṁnuiḋe anois againn.” [ 85 ]"An é sin an ċúis a ḃfuil an oiread sin córaċa té leagṫa amaċ agaiḃ annso,” arsaiġ Eiḃlís.

“Sin é é, díreaċ,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe, ag leigint osnaḋ as, “am té ḃíonn againn i gcoṁnuiḋe annso anois agus ní ḃíonn uain againn ar na soiṫiġe a niġe idir gaċ aon dá linn.”

“Aċt conus ḃíonn an sceul agaiḃ nuair ṫosnuiġeann siḃ arís?” arsaiġ Eiḃlís.

“Ḋera, caiṫimís uainn é mar sceul, in ainm Ċruim,” arsaiġ an Girrḟiaḋ, “táimíd durṫa uaiḋ. Béidir go inneosaḋ an ḃean uasal so sceul dúinn.”

“Ní ḟeadar mé an ḃfuil sceul agam,” arsaiġ Eiḃlís, agus baineaḋ preab aiste.

“Inneosaiḋ an luċ sceul, má’s eaḋ!” ar siad araon. “Dúisiġ, a luiċín!” Agus bain- eadar araon miotóg aiste ó’n dá ṫaoḃ.

D’oscail an luiċín a ḋá súil. “Ní raḃasa im’ ċodlaḋ,” ar sí sin, agus tóċtán innte. “D’airiġ mé gaċ aon ḟocal ḃí siḃ-se a ráḋ.”

“Innis sceul dúinn,” arsaiġ an Girrḟiaḋ Márta.

“Déin, má’s é do ṫoil é,” arsaiġ Eiḃlís.

“Agus ná bí i ḃfad ar a ṫí,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe, “nó má ḃír beiḋ tú id’ ċodlaḋ arís fé mbeiḋ sé críoċnuiġṫe agat.”

“Ḃí triúr deirḃṡéirín ann uair,” arsaiġ an luċ, agus í ag cur na cainte dá croiḋe ċoṁ mear leis an ngaoiṫ Ṁárta, “agus isé an ainm ḃí orra ná Briġid, Íde, agus Doṁnait, agus ṁaireadar i dteannta a ċéile ṫíos i dtóin tobair …” [ 86 ]"Cad air a ṁaireadar?” arsaiġ Eiḃlís. Ċuir sí an-ṡuim i gcoṁnuiḋe in aon sceul a ḃain le hiṫe agus le hól.

“Ṁaireadar ar ḃláṫaċ,” arsaiġ an luċ tar éis dí a maranna a ḋeunaṁ ar feaḋ tamaillín.

“Ċuirfeaḋ sé sin an treiġid orra, dar ndóiġ,” arsaiġ Eiḃlís go ciúin, cneasta.

“Agus ċuir, leis,” arsaiġ an luċ, “agus ċuir sí go mór féin orra é.”

Ḃí Eiḃlís d’iarraiḋ an ṗeictiúir a ḋeunaṁ in a haigne féin ar cad é an sórt sliġe a ṁaireadar, aċt ḃí an sceul ag dul in aiṁréiḋ uirre. “Cadé a ċúis,” ar sí sin, “an raiḃ coṁnuiḋe orra ṫíos i dtóin tobair?”

“Bíoḋ braon eile té agat,” arsaiġ an Girrḟiaḋ Márta go himṡníoṁaċ le hEiḃlís.

“Dar ndóiġ, ní raiḃ aon ḃraon fós agam,” arsa sí sin, go searḃ, “agus ó’s rud é ná raiḃ ní ḃfuiġfinn níos mó a ṫógaint.”

“Níos luġa a ṁeas tú a ráḋ,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe “dob’ ḟuiris duit níos mó ná dada a ṫógaint.”

“Ní raiḃ aoinne in aon ċor ag lorg do ṫuairim-se,” arsaiġ Eiḃlís.

“Cé tá oitir anois?” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe, ag cur scolḟairt ġáire as.

Ní raiḃ a ḟios ag Eiḃlís go ceart cad é an freagra ba ċeart dí a ṫaḃairt air seo. Ṫosnuiġ sí ag ól an té agus ag iṫe aráin agus ime, agus d’iompuiġ sí ar an luċ agus ċuir sí an ċeist arís uirre: “Cadé a ċúis an raiḃ coṁnuiḋe orra ṫíos i dtóin an tobair?”

Ḋein an luċ a maranna ar feaḋ cúpla nómant arís, agus annsin d’ḟreagair sí “Ba ṫobar ḃláṫaiġe é.” [ 87 ]"Ní ḟuil a leiṫéid ann!” arsaiġ Eiḃlís go feargaċ, aċt duḃairt Fear Lár na Gealaiġe agus an Girrḟiaḋ Márta, “Éist! Éist!” Laḃair an luċ agus aduḃairt go stuacaċ: “Maran ḃfuiġfe tú tú féin d’iomċur, do- ġeoḃa tú deireaḋ ċur leis an sceul tú féin.”

“Á! abair leat,” arsaiġ Eiḃlís go sár- íseal. “Ní ċuirfe mé isteaċ ort arís. Béidir go raiḃ aon tobar aṁáin dá leiṫéid ann.”

“Aon tobar aṁáin, an eaḋ?” arsaiġ an luċ go searḃasaċ. Mar sin féin, do lean sí ar an sceul. “Agus an triúr deirḃṡéir so,” arsa sí, “ḃíodar ag foġluim conus tarraing a ḋeunaṁ.”

“Cad a ṫarraingeadar?” arsaiġ Eiḃlís, gan aon ċuiṁneaṁ ar an ngeallaṁain ḃí taḃarṫa uaiṫe aici.

“Bláṫaċ,” arsaiġ an luċ, agus níor stad sí ċum cuiṁneaṁ in aon ċor an iarraċt so.

“Tá cupán glan uaim,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe. “Druideaḋ gaċ aoinne ionad duine ċum cinn.”

Le n-a linn sin ḋruid sé féin ċum cinn, agus lean an luċ é; ḋruid an Girrḟiaḋ Márta isteaċ ’san áit a raiḃ an luċ, agus ċaiṫ Eiḃlís, i gcoinne a tola, suiḋe isteaċ ’san áit a raiḃ an Girrḟiaḋ Márta. Ba ṁeasa go mór a ḃí Eiḃlís as an iarraċt so ná mar ḃí sí roiṁe seo, mar ḃí an Girrḟiaḋ tar éis crúiscín bainne a ḋortaḋ ’san áit a raiḃ sé féin.

Níor ṫeastuiġ ó Eiḃlís olc a ċur ar an luċ arís, agus mar ġeall air sin ġaiḃ sí ṫimċeall uirre go han-aireaċ. “Ní ṫuigim an sceul go ró ṁaiṫ,” ar sí sin, “cad as ṫarraingeadar an ḃláṫaċ?” [ 88 ]"Naċ féidir uisce ṫarraing as ṫobar fíor- uisce,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe, “agus ba ḋóiġ liom féin, dar ndóiġ, go ḃfuiġfiḋe bláṫaċ a ṫarraing as ṫobar ḃláṫaiġe; nárḃ’ ḟéidir? a Ṗúca Poill!”

“Aċt, dar ndóiġ, ḃíodar istiġ ’sa tobar,” arsaiġ Eiḃlís leis an luċ, ag leigint uirre ná raiḃ aon tsuim aici i maslaḋ an ḟir eile.

“Dar ndóiġ, ḃíodar,” arsaiġ an luċ, “agus isteaċ go maiṫ féin ann.”

Ċuir an freagra so an ċaḋp ḃáis ar fad anois ar Eiḃlís, agus níor ċuir sí isteaċ ná amaċ arís uirre go ceann i ḃfad.

“Ḃíodar ag foġluim conus tarraing a ḋeunaṁ,” arsaiġ an luċ, agus í ag meunġail agus ag cimilt a láṁa dá súile, mar ḃí an codlaḋ dá traoċaḋ, “agus ṫarraingeadar gaċ aon saġas ruda — gaċ rud le ’M’ in a ṫosaċ.”

“’Dé ċúis le ’M’?” arsaiġ Eiḃlís.

“Agus ’dé ċúis naċ eaḋ?” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe.

Ḋún Eiḃlís a beul agus ní duḃairt sí a ṫuille.

Ḃí a súile dúnta ag an luċ agus mús codlata uirre, aċt nuair a ḃain Fear Lár na Gealaiġe miotóg aiste ḋúisiġ sí arís agus ċuir sí gníġeala aiste, agus lean sí uirre leis an sceul: “Gaċ rud a ṫosnuiġeann le ’M,’ mar madra, mionán, móin-lín, mí-áḋ, agus mar sin - an ḃfaca tú riaṁ peictiúir den ṁí-áḋ dá ṫarraing?”

“Masa, ṁaiseaḋ, anois gur ḟiaḟraiġ tú ḋíom é ní dóiġ liom go ḃfaca me,” arsaiġ Eiḃlís, agus náire uirre é d’adṁáil. [ 89 ]"Ba ċeart duit do ḃeul d’éisteaċt má’s eaḋ,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe.

Ní ḃfuiġfeaḋ Eiḃlís an tarcuisne seo a ṡeasaṁ a ṫuille agus d’éiriġ sí le seirḃṫean agus d’imṫiġ sí léi. Ṫuit a codlaḋ ar an luċ gan stad agus níor ċuir aoinne ḋen ḃeirt eile aon tsuim innte ag imṫeaċt. D’ḟeuċ sí in a diaiḋ cúpla boḃta ag tnúṫán go nglao- faidís uirre; an boḃta deireannaċ d’ḟeuċ sí in a diaiḋ orra ḃí greim aca ar an luċ istiġ eatorra agus iad d’iarraiḋ í a ropaḋ i ndiaiḋ a cinn isteaċ i gcorcán an té.

“Pé sceul é,” arsaiġ Eiḃlís léi féin agus í ag cur dí tríd an gcoill, “ní raġad-sa annsin ċoiḋċe arís. Is í an ċuideaċta té is mí- áḋṁaraiġe dá ḃfaca-sa riaṁ im’ ṡaoġal beaṫa í.”

Le n-a linn sin cad a ċífeaḋ sí ná doirisín beag isteaċ i gceann de na crainn. “Is ait é sin!” ar sí sin, léi féin. “Aċt, dar ndóiġ, tá gaċ aon rud ait indiu. Is dóċa gur fearr ḋom dul isteaċ.” Agus isteaċ léi gan a ṫuille moille.

Cá mbeaḋ sí aċt insan halla mór fada arís, agus díreaċ taoiḃ leis an mbórd beag gloine. “Caiṫfe mé mo ġnó a ḋeunaṁ níos fearr an iarraċt so,” ar sí sin. Ṫóg sí an eoċair ḃeag órḋa in a láiṁ agus ḃain sí an glas den dorus ḃí ag dul isteaċ ’sa ngáirdín. Ṫosnuiġ sí annsin ag miotaireaċt leis an muisiriún (ḃí píosa beag de in a póca aici i gcoṁnuiḋe) go dtí ná raiḃ innte aċt troiġ ar aoirde; ṡiuḃail sí léi annsin síos an halla caol: agus cár ṫárlaiġ ḋí aċt istiġ ’sa ngáirdín áluinn i measc na mbláṫanna agus na dtobraċa fíor-uisce.