"Oḃoċ! mo ċreaċ siḃ!” arsaiġ Eiḃlís, “is ait an dream siḃ.”
“Ní ḟuilim-se ait,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe. “Ṫuiteamar amaċ le n-a ċéile mí an Ṁárta seo caiṫte againn — díreaċ fé’r imṫiġ sé seo as a ṁeaḃair, tá a ḟios agat” — (ag bagairt a ṁéire ar an nGirrḟiaḋ) — “ag an Ċuirm Ceoil ḃí ag an mBainríoġain Hart, agus ċaiṫeasa aṁrán a ráḋ: “Bó, bó, bó na leaṫ- aḋairce.” Tá a ḟios agat an t-aṁrán sin, is dóċa!”
“D’airiġ mé rud éigin mar é,” arsaiġ Eiḃlís. “Seo mar a ġaḃann sé,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe.
“’Bó, bó bó na leaṫ-haḋairce, Bó ḋruimḟionn ḋearg a’s ní ḟeadar cá ḃfuiġfinn í.’”
Ḃain an luċ searraḋ aiste féin annsin agus ṫosnuiġ sí ag aṁrán tré n-a codlaḋ: “bó, bó, bó, bó, bó,” agus lean sí uirre ċoṁ fada sin gur ċaiṫeadar miotóg a ḃaint aiste ċum í stad.
“Aċt,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe, “is ar éigin ḃí deireaḋ leis an gceud ċeaṫraṁa nuair a léim an Ḃainríoġain in a seasaṁ agus screuċ sí amaċ, ’Tá sé ag marḃuġaḋ ama! Scuab an ceann de!’”
“Ó, nárḃ’ í an t-ultaċ alltaċ í,” arsaiġ Eiḃlís.
“Agus riaṁ ó ṡoin,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe go duḃrónaċ, “ní ḋeunfaḋ sé aon rud dom! Bíonn sé a sé a ċlog i gcoṁnuiḋe anois againn.”