Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/93

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
85
I dTÍR NA nIONGANTAS

"An é sin an ċúis a ḃfuil an oiread sin córaċa té leagṫa amaċ agaiḃ annso,” arsaiġ Eiḃlís.

“Sin é é, díreaċ,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe, ag leigint osnaḋ as, “am té ḃíonn againn i gcoṁnuiḋe annso anois agus ní ḃíonn uain againn ar na soiṫiġe a niġe idir gaċ aon dá linn.”

“Aċt conus ḃíonn an sceul agaiḃ nuair ṫosnuiġeann siḃ arís?” arsaiġ Eiḃlís.

“Ḋera, caiṫimís uainn é mar sceul, in ainm Ċruim,” arsaiġ an Girrḟiaḋ, “táimíd durṫa uaiḋ. Béidir go inneosaḋ an ḃean uasal so sceul dúinn.”

“Ní ḟeadar mé an ḃfuil sceul agam,” arsaiġ Eiḃlís, agus baineaḋ preab aiste.

“Inneosaiḋ an luċ sceul, má’s eaḋ!” ar siad araon. “Dúisiġ, a luiċín!” Agus bain- eadar araon miotóg aiste ó’n dá ṫaoḃ.

D’oscail an luiċín a ḋá súil. “Ní raḃasa im’ ċodlaḋ,” ar sí sin, agus tóċtán innte. “D’airiġ mé gaċ aon ḟocal ḃí siḃ-se a ráḋ.”

“Innis sceul dúinn,” arsaiġ an Girrḟiaḋ Márta.

“Déin, má’s é do ṫoil é,” arsaiġ Eiḃlís.

“Agus ná bí i ḃfad ar a ṫí,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe, “nó má ḃír beiḋ tú id’ ċodlaḋ arís fé mbeiḋ sé críoċnuiġṫe agat.”

“Ḃí triúr deirḃṡéirín ann uair,” arsaiġ an luċ, agus í ag cur na cainte dá croiḋe ċoṁ mear leis an ngaoiṫ Ṁárta, “agus isé an ainm ḃí orra ná Briġid, Íde, agus Doṁnait, agus ṁaireadar i dteannta a ċéile ṫíos i dtóin tobair …”