Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/94

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
86
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

"Cad air a ṁaireadar?” arsaiġ Eiḃlís. Ċuir sí an-ṡuim i gcoṁnuiḋe in aon sceul a ḃain le hiṫe agus le hól.

“Ṁaireadar ar ḃláṫaċ,” arsaiġ an luċ tar éis dí a maranna a ḋeunaṁ ar feaḋ tamaillín.

“Ċuirfeaḋ sé sin an treiġid orra, dar ndóiġ,” arsaiġ Eiḃlís go ciúin, cneasta.

“Agus ċuir, leis,” arsaiġ an luċ, “agus ċuir sí go mór féin orra é.”

Ḃí Eiḃlís d’iarraiḋ an ṗeictiúir a ḋeunaṁ in a haigne féin ar cad é an sórt sliġe a ṁaireadar, aċt ḃí an sceul ag dul in aiṁréiḋ uirre. “Cadé a ċúis,” ar sí sin, “an raiḃ coṁnuiḋe orra ṫíos i dtóin tobair?”

“Bíoḋ braon eile té agat,” arsaiġ an Girrḟiaḋ Márta go himṡníoṁaċ le hEiḃlís.

“Dar ndóiġ, ní raiḃ aon ḃraon fós agam,” arsa sí sin, go searḃ, “agus ó’s rud é ná raiḃ ní ḃfuiġfinn níos mó a ṫógaint.”

“Níos luġa a ṁeas tú a ráḋ,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe “dob’ ḟuiris duit níos mó ná dada a ṫógaint.”

“Ní raiḃ aoinne in aon ċor ag lorg do ṫuairim-se,” arsaiġ Eiḃlís.

“Cé tá oitir anois?” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe, ag cur scolḟairt ġáire as.

Ní raiḃ a ḟios ag Eiḃlís go ceart cad é an freagra ba ċeart dí a ṫaḃairt air seo. Ṫosnuiġ sí ag ól an té agus ag iṫe aráin agus ime, agus d’iompuiġ sí ar an luċ agus ċuir sí an ċeist arís uirre: “Cadé a ċúis an raiḃ coṁnuiḋe orra ṫíos i dtóin an tobair?”

Ḋein an luċ a maranna ar feaḋ cúpla nómant arís, agus annsin d’ḟreagair sí “Ba ṫobar ḃláṫaiġe é.”