Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/88

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
80
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

nuair atá sí in a codlaḋ is dóċa gur cuma léi hé.”

Bórd mór a ḃí aca, aċt ḃí an triúr aca bailiġṫe in aon ṗraisimín aṁáin ag cúinne ḋe. “Ní ḟuil sliġe! Ní ḟuil sliġe!” ar siad go léir in aoinḟeaċt nuair ċonnacadar Eiḃlís ag teaċt.

“Tá, mo ḋallaḋ sliġe annso agam,” arsaiġ Eiḃlís, ag suiḋe síos dí féin ar ċaṫaoir ṁór ḃí ag ceann an ḃúird.

“Bíoḋ braon fíona agat,” arsaiġ an Girr- ḟiaḋ Márta, agus laḃair sé mar a ḃeaḋ sé d’iarraiḋ misneaċ a ċur uirre.

D’ḟeuċ Eiḃlís ṫimċeall an ḃúird in gaċ aon áit, aċt ní raiḃ dada le feicsin aici aċt té.

“Ní ḟeicim aon ḟíon annso,” arsa sí.

“Ní ḟuil, ṁuise, aon ṗioc!” arsaiġ an Girrḟiaḋ Márta.

“Nárḃ’ oitir an rud uait é d’ḟuláraṁ dom?” arsaiġ Eiḃlís.

“Nárḃ’ oitir an rud uait-se suiḋe síos ag bórd aoinne gan cuireaḋ gan iarraiḋ?” arsaiġ an Girrḟiaḋ Márta.

“Níor ṡíl mé gur leat-sa an bórd,” arsaiġ Eiḃlís; “tá sé leagṫa amaċ do níos mó ná triúr.”

“Níor ṁór duit do ġruaig a ḃearraḋ,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe. Ḃí sé ag feuċaint ar Eiḃlís ar feaḋ tamaill, agus b’ait leis í.

“Naċ oitir an gnó uait tagairt do ḋuine mar sin?” arsaiġ Eiḃlís, “ní ḟuil aon taḃairt suas ort,” ar sí sin.

D’oscail Fear Lár na Gealaiġe a ḋá ṡúil