Eachtradh Eibhlís i dTír na nIongantas/VIII

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Eachtradh Eibhlís i dTír na nIongantas by Lewis Carroll, translated by Pádraig Ó Cadhla
FAITHCHE CRÓICÉ NA BAINRÍOGHNA

[ 90 ]CAIBIDIL A VIII

FAIṪĊE CRÓICÉ NA BAINRÍOĠNA

Ḃí crann mór róis díreaċ ar do ḋul isteaċ duit ’sa ngáirdín, rósanna bána ḃí ag teaċt air, aċt ḃí triúr garraiḋeadóir ann ar a ndíċeall ag cur dearg orra. B’ait le hEiḃlís an obair seo, agus ḋruid sí taoiḃ leo ag faire orra. Díreaċ agus í ag druideaṁaint leo d’airiġ sí duine aca á ráḋ: “Taḃair aireaċas anois, A Ċúig, a ḃuaċaill, agus ná bí im’ smearaḋ leis an daṫ mar sin!”

“Ní raiḃ leiġeas agam air,” arsaiġ A Cúig. “’Sé A Seaċt a ċorruiġ mo láṁ.”

D’árdaiġ A Seaċt a ċeann agus d’ḟeuċ sé orra agus duḃairt: “Go maiṫ, A Ċúig! a ḋearḃráṫair! cuir a ṁilleán ar ḋuine éigin eile i gcoṁnuiḋe!”

“Is fearr ḋuit-se do ḃeul a ḋúnaḋ,” arsaiġ A Cúig, “naċ indé d’airiġ mé an Ḃainríoġain á ráḋ gur ċeart an ceann a scuabaḋ ḋíot-sa?”

“’Dé ċúis?” arsaiġ an ċeud duine a laḃair.

“Ní ḃaineann an gnó olc ná maiṫ leat-sa, A Ḋó,” arsaiġ A Seaċt.

“Baineann,” arsaiġ A Cúig, “agus inneosa mise ḋó é — mar ġeall ar ṁeacain ḃána a ṫug sé go dtí an cócaire in áit inniúin.”

Ċaiṫ A Seaċt uaiḋ ar an talaṁ an scuab a ḃí in a láiṁ aige agus ṫosnuiġ sé: “Dar so [ 91 ]agus súd,” arsa sé, “is mór an eugcóir agat é”—ní raiḃ aċt an méid sin ráiḋte aige nuair a ṫug sé fé ndeara Eiḃlís agus í in a seasaṁ taoiḃ leo ag faire orra, agus ḃain sé siar as féin gan stad. D’ḟeuċ an ċuid eile ṫimċeall agus d’uṁlaiġeadar go talaṁ dí.

“An inneosaḋ siḃ dom,” arsaiġ Eiḃlís, “cad ċuige ḃfuil siḃ ag cur daṫ ar na rós?”


D’uṁlaiġeadar go talaṁ dí

Níor laḃair A Cúig ná A Seaċt, aċt d’ḟeuċadar a A Dó. Laḃair A Dó ós íseal agus aduḃairt: “Ċum na fírinne d’innsint duit, a ḃean uasal, ba ċeart gur crann rós dearg a ḃeaḋ annso againn, aċt in a áit sin crann rós bán a ċuireamar ann; agus dá ḃfuiġfeaḋ an Ḃainríoġain amaċ gur ḋeineamar a leiṫéid ḃainfeaḋ sí na cinn dínn ar fad. Agus, feuċ, a ḃean uasal, táimíd ag deunaṁ ár ndíċill fé dtiocfaḋ sí, ċum . . . .” Le n-a linn sin do ġlaoiḋ A Cúig amaċ: “An [ 92 ]Ḃainríoġain! An Ḃainríoġain!” agus ar an nómant do ċaiṫ an triúr garraiḋeadóir iad féin ar a mbeul agus a n-aġaiḋ ar an talaṁ. D’airiġeaḋ foṫram mar ḃeaḋ go leor daoine ag siuḃal agus d’ḟeuċ Eiḃlís taoḃ ṫiar dí, mar ba ṁaiṫ léi an Ḃainríoġain d’ḟeicsin.

Ḃí deiċeanaḃar saiġdiúirí ar tosaċ agus bataí aca. Ḃíodar díreaċ ar ḋeunaṁ na ngarraiḋeadóir .i. ar ḋeunaṁ cártaí, agus na cosa agus na láṁa ag na cúinní; in a ndiaiḋ sin aniar ṫáinig deiċeanaḃar de luċt Ṗáláis an Ríoġ; ḃíodar so go léir órnáidiġṫe le Muilliotaí, agus iad ag siuḃal in a mbeirt agus in a mbeirt mar ḃí na saiġdiúirí. Díreaċ ag a sála so ṫáinig clann an Ríoġ: deiċea- naḃar díoḃ so ḃí ann leis, agus ḃíodar ag léimriġ agus ag preabarnaiġ agus ag deunaṁ grinn agus meiḋir dóiḃ féin, greim ar láṁa ag gaċ aon ḃeirt aca ar a ċéile agus a gcroiceann go léir buailte le Hartanna. In a ndiaiḋ sin go léir ṫáinig an dream a ḃí ar cuaird aca — riġṫe agus bainríoġainí iad go léir, geall leis — aċt cé ḃeaḋ istiġ in a measc aċt an Coinín Gléigeal. Ḃí sé ag caint go mear agus saġas criṫeán ann, fáṫ an ġáire in a ḃeul le gaċ aon rud a ḋeurfaí, agus ġaiḃ sé ṫar Eiḃlís gan aon tsuim a ċur innte. Annsin isé duine ṫáinig aċt An Cuireata Hart agus coróin an Ríoġ idir a ḋá láiṁ aige leagṫa in áirde ar ċuisín deunta de ṡíoda corcra; agus in a ndeireaḋ ṫiar ṫáinig an Rí agus an Ḃainríoġain Hart.

Ní raiḃ a ḟios ag Eiḃlís ná gur ċeart dí í féin a ċaiṫeaṁ ar a beul a’s a haġaiḋ mar a ḋein na garraiḋeadóirí, aċt níor airiġ sí riaṁ [ 93 ]a leiṫéid de riaġal ag baint le cuaird Ríoġ; “agus rud eile,” ar sí sin, “’dé ṁaiṫ turas Ríoġ mar seo dá mb’éigin do gaċ aoinne é féin do ċaiṫeaṁ ar a ḃeul a’s ar a aġaiḋ - dar ndóiġ, ní ḃfuiġfeaḋ aoinne aon rud d’ḟeicsin.” Ṡeasaiġ sí mar a ḃí sí agus mar a raiḃ sí.

Nuair a rángadar an áit a raiḃ sí, ṡeasaiġ- eadar go léir agus d’ḟeuċadar uirre, agus d’ḟiaḟraiġ an Ḃainríoġain go crosta cér’b’ í seo. Ar an gCuireata Hart ċuir sí an ċeist, aċt níor ḋein sé sin aċt uṁaluġaḋ ḋí agus smiota gáire ċur as.

“A ṗleiḋce!” arsaiġ an Ḃainríoġain, ag baint stuir aiste féin; annsin d’iompuiġ sí ar Eiḃlís: “Cad is ainm duit?” ar sí sin.

“Eiḃlís is ainm dom, a Ḃainríoġain, le toil t’onóra uaisle,” arsaiġ Eiḃlís go deaġ- ḃeusaċ, “aċt,” ar sí sin léi féin, “dar ndóiġ, ní ḟuil ionnta aċt paca cártaí, cadé ċúis a mbeaḋ eagla orm-sa rómpa?”

“Agus cé hiad so?” arsaiġ an Ḃainríoġain leis na garraiḋeadóirí ḃí sínte ar an talaṁ ṫimċeall ar an gcrann róis; mar nuair ḃíodar sínte agus a mbeul fúṫa agus na coṁarṫaí ar a ndrom mar a ċéile leis an gcuid eile den ṗaca, ní ḃfuiġfeaḋ sí a ḋeunaṁ amaċ ar ġarraiḋeadóirí, nó ar ṡaiġdiúirí, nó ar luċt an Ṗáláis, nó ar ṫriúr dá clainn féin iad.

“Cá ḃfios doṁsa cé hiad?” arsaiġ Eiḃlís, agus ċuir sí iongantas uirre féin a ḋánaiġeaċt a’s a laḃair sí. “’Dé ḃaint atá agam-sa leis an ngnó?”

Ḋera, a ḋuine, ċuir an Ḃainríoġain círín uirre féin le neart faoḃar feirge, agus ṡeasaiġ [ 94 ]a ḋá súil in a ceann, agus ḃí sí mar ḃeaṫaiḋeaċ allta, agus tar éis nómant screuċ sí: “Scuab an ceann dí; scuab sin.”

“Dícéille, a ḃean!” arsaiġ Eiḃlís, go hárd agus go neaṁspleáḋaċ. Níor ḟan focal ag an mBainríoġain.

Leag an Rí a láṁ ar ġualainn na Bain- ríoġna agus aduḃairt: “Cuiṁniġ, a ċuid den tsaoġal!” ar sé sin, “ná fuil innte aċt leanḃ.”

D’iompuiġ an Ḃainríoġain uaiḋ le holc agus duḃairt leis an gCuireata: “Iompuiġ ar a ndrom iad sin.”

Ċuir an Cuireata a ċos fúṫa agus d’iompuiġ sé go deas ar a ndrom iad.

“Éiriġiḋ!” arsaiġ an Ḃainríoġain de screuċ uaṫḃásaċ, agus do léim an triúr garraiḋeadóirí in a seasaṁ agus ċromadar ag uṁaluġaḋ don Rí agus don Ḃainríoġain agus do Ċlainn an Ríoġ, agus do gaċ aoinne eile.

“Caiṫiḋ uaiḃ in ainm Ċruim!” arsaiġ an Ḃainríoġain, “tá meaḃrán im’ ċeann agaiḃ. Cad a ḃíoḃar a ḋeunaṁ annso?”

“Le toil t’onóra ró uaisle,” arsaiġ A Dó, agus ċrom sé a ċeann agus ċuaiḋ sé síos ar a leaṫ-ġlúin agus é dá freagairt: “Ḃíomar d’iarraiḋ …

“Tuigim anois!” arsaiġ an Ḃainríoġain. Ḃí sí ag taḃairt an ċrann róis fé ndeara ar feaḋ na haimsire. “Scuabtar na cinn díoḃ!” ar sí, agus d’imṫiġ gaċ aoinne leo ’sa tsiuḃal aċt triúr saiġdiúirí d’ḟan ċum an t-órduġaḋ a ċur i ḃfeiḋm. Rioṫ an triúr garraiḋeadóirí ċum Eiḃlís ċum iad a ċosaint.

“Ní ḃainfear na cinn díḃ!” arsaiġ Eiḃlís, agus rug sí orra agus ċaiṫ sí isteaċ i ndaḃaċ [ 95 ]ṁór iad a ḃí taoiḃ léi. D’ḟan an triúr saiġ- diúirí dá lorg ar feaḋ cúpla nómant, agus annsin nuair ná fuaireadar iad leanadar an ċuid eile.

“Ḃfuil na cinn díoḃ?” arsaiġ an Ḃain- ríoġain.

“Is cuma orra súd nó ḋíoḃ iad, a Ḃain- ríoġain ró onóraċ,” arsaiġ na saiġdiúirí.

“Is fíor sin!” arsaiġ an Ḃainríoġain. “An ḃfuil tú in iúl ar ċróicé d’imirt?”

Ḋún na saiġdiúirí a mbeul agus d’ḟeuċadar ar Eiḃlís, mar gur uirre cuireaḋ an ċeist.

“Tá mé in iúl air,” arsaiġ Eiḃlís. “Siuḃal leat, má’s eaḋ,” arsaiġ an Ḃain- ríoġain, agus seo ċum siuḃail Eiḃlís i ḃfoċair na coda eile.

“Naċ — naċ breáġ an lá é!” arsaiġ an guṫ gairid dí. Cé ḃeaḋ ann aċt an Coinín Gléigeal agus é ag cur na súl tríṫe.

“Is breáġ, ṁuise!” arsaiġ Eiḃlís, “cá ḃfuil an Ḃaintiġearna?”

“Éis -! Éis -!” ar sé sin, agus d’ḟeuċ sé siar tar a ġualainn dá ráḋ ḋó, agus annsin d’éiriġ sé ar órdóga a ċosa deireaḋ agus ċuir sé a ḃeul ċum a cluaise agus duḃairt i gcogar léi: “Táṫar ċum an ceann a ḃaint dí.”

“’Dé a ġnó?” arsaiġ Eiḃlís. “A nduḃairt tú ’Mo ṫruaġ í’?” arsaiġ an Coinín.

“Ní duḃairt,” arsaiġ Eiḃlís, “ní dóiġ liom gur truaġ in aon ċor í. Duḃairt mé, ’’Dé a ġnó?’”

“Ḃuail sí an Ḃainríoġain feaḋ na cluaise.” Ċuir Eiḃlís scairt de ġáire aiste. “Ó, Éis -!” arsaiġ an Coinín arís, “aireoċ’ an [ 96 ]Ḃainríoġain ṫu! Ṫáinig sí roinnt déiḋeanaċ don ċluiċe agus …”

“Téiġeaḋ gaċ aoinne ċum a áite féin!” arsaiġ an Ḃainríoġain go hárd-ġlóraċ, agus seo gaċ aoinne ag rioṫ agus ag bualaḋ i gcoinne a ċéile, aċt ba ġairid go raḃadar socair agus gur ṫosnuiġ an cluiċe. Ṡíl Eiḃlís ná faca sí a leiṫéid d’ḟaiṫċe cróicé riaṁ in a saoġal; árdáin agus ísleáin b’eaḋ í ar fad; gráineoga na liaṫróidí ḃí aca, agus corr-iasc beo ḃí mar ṁáilléid aca, agus ċaiṫ na saiġdiúirí iad féin a lúbaḋ agus seasaṁ ar a láṁa agus ar a gcosa ċum na stuaḋanna a ḋeunaṁ ḋóiḃ.

Ṫáinig sé cruaiḋ ar Eiḃlís an ċeud uair bainistiḋe a ḋeunaṁ ar a corr-iasc féin; d’éiriġ léi caḃail an ċorr-éisc a ṡocruġaḋ deas go leor fé n-a hoscail agus a ċosa ar sileaḋ síos taoḃ ṫiar, aċt nuair ḃíoḋ a ṁuineul díriġṫe amaċ aici agus í ċum iarraċt dá ġob a ḃualaḋ ar an ngráineoig d’iompuiġeaḋ an corr-iasc siar uirre agus ṫugaḋ sé feuċaint ġreannaṁar isteaċ idir an dá ṡúil uirre ’sa tsliġe go gcaiṫfeaḋ Eiḃlís lúbaḋ síos le neart gáire; agus nuair ḃíoḋ a ṁuineul díriġṫe arís aici agus í i gcóir ċum tosnuġaḋ ḃíoḋ an ġráineog teiċte; in a ḟoċair sin arís ḃí árdán nó ísleán roimpe ’sa tsliġe pé áit a mbíoḋ sí ċum an ġráineog a ċur; agus ċum an mí- áḋ ceart a ḋeunaṁ ar an sceul d’éiriġeaḋ na saiġdiúirí as an áit a mbídís agus ḃídís ag dul ó áit go háit ar fuaid na faiṫċe. Ḃí sé deunta amaċ ag Eiḃlís gurḃ’ é an scannraḋ saoġalta an cluiċe d’imirt.

Ḃí gaċ aoinne ag imirt dó féin agus gaċ

aoinne ag imirt insan am ceudna; ní raiḃ [ 97 ]

Ní ḟaca sí a leiṫéid d’ḟaiṫċe cróicé riaṁ in a saoġal
[ 98 ]aoinne ag fuireaċ leis an duine eile; gaċ

aoinne ag troid agus ag bruiḋean agus ag aċrann, agus ba ġairid go raiḃ an Ḃainríoġain ar ḋearg-ḃuile agus í ag imṫeaċt ar fuaid na páirce ag bualaḋ a coise ar an talaṁ agus ag screuċaḋ amaċ le hárd-ḃinib: “Scuab an ceann de,” nó “Scuab an ceann dí,” gaċ aon nómant.

Ḃí roinnt scáṫa ag teaċt ar Eiḃlís: ní raiḃ sí tar éis aon aċrann a ḃeiṫ aici leis an mBainríoġain suas go dtí so, aċt ḃí sí ag coinne leis aon nómant, “agus annsin,” arsaiġ sí léi féin, “cad a ḋeunfainn? Tá an tiubaist orra annso ċum na cinn a scuabaḋ de na daoine le gaċ aon fíge fíge. Ní ḟeadar conus tá aoinne beo in a measc.”

Ḃí sí ag feuċaint ṫimċeall ċum sliġe éigin a ċeapaḋ ċum euló’ léi nuair ṫug sí fé ndeara rud éigin ait ’sa spéir. B’ait léi go mór an ċeud uair é, aċt i gcionn cúpla nómant ḋein sí amaċ gur drana é agus aduḃairt sí léi féin gurḃ’ é an Cat Cláraċ é ċoṁ siurálta le haon rud, agus go mbeaḋ duine éigin anois aici ċum cainte léi.

“’Dé ’n sceul é,” arsaiġ an Cat ċoṁ luaṫ agus do ḃí a ḃeul fásta go leor ċum laḃarṫa.

D’ḟan Eiḃlís gan aon ḟreagra a ṫaḃairt air gur ḟás a ṡúile, “agus ’dé ṁaiṫ laḃairt leis,” ar sí sin léi féin, “go mbeiḋ a ċluasa aige nó go mbeiḋ leaṫ-ċluas aige pé sceul é.” Is gairid go raiḃ a ċeann go léir le feicsin aici, agus annsin leag sí uaiṫe an corr-iasc ḃí aici agus ṫosnuiġ sí ag léiriuġaḋ ḋó i dtaoḃ an ċluiċe agus áṫas uirre go raiḃ duine éigin aici ċum éisteaċt léi. Ḃí an Cat sásta anois [ 99 ]go raiḃ go leor de le feicsin agus níor ḟás a ṫuille ḋe.

“Ní dóiġ liom go n-imireann siad an cluiċe go macánta in aon ċor,” arsaiġ Eiḃlís, ag bogaḋ ċum na cainte, “agus tá siad go léir ċoṁ mór sin ċum aċrainn nárḃ’ ḟéidir leat tú féin d’aireaċtain, ní áiriġim go n-aireoċṫá aoinne eile — agus ní dóiġ liom go ḃfuil aon riaġlaċa aca, nó má tá ní leanann aoinne aca iad — agus ní ṫuigfeá cad é an ċuir amuġa ḋéineann sé ar ḋuine gur le rudaí beo imir- eatar é; cuirim i gcás anois an stuaḋ a gcaiṫfead-sa gaḃáil fé, sin é ag siuḃal ṫimċeall an taoiḃ eile ḋen ṗáirc é.”

“Conus a ṫaiṫniġeann an Ḃainríoġain leat?” arsaiġ an Cat i gcogar léi.

“Ní ṫaiṫniġeann sí liom in aon ċor,” arsaiġ Eiḃlís, “tá sí ċoṁ” — le n-a linn sin díreaċ ṫug sí fé ndeara go raiḃ an Ḃainríoġain díreaċ ag a cúl ag éisteaċt léi — “MAIṪ sin gur dóiċiġe de gur léi raġaiḋ an cluiċe agus naċ fiú ḋúinn deireaḋ ċur leis.”

Ċuir an Ḃainríoġain smiota gáire aiste agus d’imṫiġ sí léi.

“Cé leis atá tú ag caint?” arsaiġ an Rí, ag teaċt suas go dtí an áit a raiḃ Eiḃlís, agus ṡeasaiġ a ḋá ṡúil in a ċeann nuair ċonnaic sé í ag caint le ceann cait.

“Duine muintearḋa ḋom é sin — Cat Cláraċ,” arsaiġ Eiḃlís; “fan go gcuirfe mé in aiṫeantas a ċéile siḃ.”

“Ní maiṫ liom an drana tá air,” arsaiġ an Rí; “aċt mar sin féin do-ġeoḃa sé mo láṁ a ṗógaḋ má’s maiṫ leis é.”

“B’ḟearr liom gan a ḋeunaṁ,” arsaiġ an Cat. [ 100 ]"Ná laḃair liom-sa ’sa tsliġe sin,” arsaiġ an Rí, “agus ná feuċ orm ’sa tsliġe sin aċt an oiread.” Ċuaiḋ sé ar scáṫ Eiḃlís le linn na cainte ḋó.

“Do-ġeoḃaiḋ an cat feuċaint ar an Riġ,” arsaiġ Eiḃlís, “léiġ mé é sin as leaḃar éigin, aċt ní ḟeadar me anois cadé an leaḃar é.”

“Caiṫfear é ċur as an áit seo,” arsaiġ an Rí go húdarásaċ, agus ġlaoiḋ sé ar an mBainríoġain ḃí ag gaḃáil ṫórsta san am ċeudna. “Feuċ, a ċroiḋe na páirte!” ar sé sin, “b’ḟearr liom go ndeurfá le duine éigin an Cat so ċur as an áit seo.”

Ní raiḃ ag an mBainríoġain aċt an t-aon tsliġe aṁáin ċum teaċt as gaċ aon trioblóid - beag a’s mór — “Scuab an ceann de,” ar sí sin, gan an oiread a’s feuċaint taoḃ ṫiar dí.

“Beurfa me féin liom fear an dí-ċeannaḋ,” arsaiġ an Rí, agus as go bráṫ leis.

Duḃairt Eiḃlís léi féin go raiḃ sé ċoṁ maiṫ aici dul ag feuċaint conus ḃí ag éiriġe leis an gcluiċe; d’airiġ sí caint na Bainríoġna i ḃfad uaiṫe agus í ag screuċaḋ agus ag liúiriġ le raḃarta feirge. Ḃí sí ag éisteaċt léi ag daoraḋ triúr de na hiomaḋṫóirí ċum a ndí- ċeannaḋ mar ceann a’s gur ṫeip orra freagairt don imirt, agus anois níor ṫaiṫniġ léi an deallraṁ ḃí ar rudaí, mar ḃí gaċ aon rud ’sa ċluiċe ar aon leigint aṁáin ’sa tsliġe ná raiḃ a ḟios aici ar ḋí féin imirt nó nár ḋí. Ċuaiḋ sí ar lorg a gráineoige.

Cá ḃfuiġfeaḋ sí í aċt ag troid le gráineog eile, agus duḃairt sí léi féin gur ṁaiṫ an ċaoi ḋí é ceann aca a ċur ’sa ċluiċe leis an gceann

eile, aċt ḃí an corr-iasc imṫiġṫe uaiṫe trasna [ 101 ]

Is é rud aduḃairt fear an dí-ċeannaḋ aċt ná fuiġfí an ceann a ḃaint de ċeann-gan-ċolann
[ 102 ]go dtí an taoḃ eile den ṗáirc agus é d’iarraiḋ

eitilt in áirde ar ċeann des na crainn.

Nuair ṫáinig sí ṫar n-ais leis an gcorr-iasc ḃí an troid i leiṫ-taoiḃ ag an dá ġráineoig agus iad imṫiġṫe as a raḋarc: “Is cuma é,” ar sí sin léi féin, “mar tá na stuaḋanna go léir imṫiġṫe go dtí an taoḃ eile ḋen ṗáirc.” Ḃailiġ sí ċúiċe an corr-iasc fé n-a hoscail ar eagla go n-eulóċaḋ sé arís uaiṫe agus ċuaiḋ sí ṫar n-ais go dtí n-a duine muintearḋa ċum píosa eile seanċuis a ḃeiṫ aici leis.

Nuair ṫáinig sí go dtí an áit a raiḃ an Cat Cláraċ ċuir sé iongantas uirre an coṁṫionól mór ḃí bailiġṫe ṫimċeall air. Ḃí díospóireaċt éigin ar siuḃal idir fear an dí-ċeannaḋ, an Rí, agus an Ḃainríoġain; ḃíodar go léir ag caint ’san am ċeudna, agus ḃí an ċuid eile go léir agus gan giog asta agus d’ḟeuċadar an-ṁí-ċompórdaṁail.

Nuair ṫáinig Eiḃlís ċuadar a dtriúr in aṫċuinġe uirre an sceul a réiḋteaċ dóiḃ; d’innis gaċ duine a ṫaoḃ féin den sceul, agus ó’s rud é go raḃadar a dtriúr ag caint in aoinḟeaċt ba ḋeacair dí a ḋeunaṁ amaċ cad a ḃíodar a ráḋ.

Is é rud aduḃairt fear an dí-ċeannaḋ aċt ná fuiġfí an ceann a ḃaint de ċeann-gan- ċolann; nár tugaḋ a leiṫéid le deunaṁ riaṁ dó; agus ná raiḃ sé ċum taḃairt fé an t-am so ḋá ṡaoġal.

Is é rud aduḃairt an Rí aċt gur ċóir go ḃfuiġfí ceann a ḋí-ċeannaḋ agus ná raiḃ aċt dícéille ḃeiṫ ag ráḋ a ṁalairt.

Is é rud aduḃairt an Ḃainríoġain aċt mara ndeunfaí rud éigin agus sin gan stad go [ 103 ]mbainfí an ceann de gaċ aoinne. (Sin í an ċaint a ċuir an oiread sin mí-ċompóird ar an gcuideaċta ar fad.)

Ní ḃfuiġfeaḋ Eiḃlís cuiṁneaṁ ar aon rud eile a ráḋ aċt, “Cuir fé ráḋ an Ḃaintiġearna é; fiaḟruiġ dí sin cad ba ċeart a ḋeunaṁ.”

“Tá sí sin fé ġlas,” arsaiġ an Ḃainríoġain le fear an dí-ċeannaḋ, “taḃair annso ċuġainn í"; agus d’imṫiġ sé sin mar a scaoilfí urċar as ġuna.

Ċrom ceann an Ċait ag meaṫ agus ag meaṫ ċoṁ luaṫ a’s a fuair sé fear an dí-ċeannaḋ imṫiġṫe, agus nuair a ḟill sé ṫar n-ais leis an mBaintiġearna ní raiḃ teiḋeal den ċeann le feiscin. Do rioṫ fear an dí-ċeannaḋ agus an Rí fiaḋain ṫall a’s aḃus in gaċ aon áit dá lorg agus ċuaiḋ an ċuid eile ḋen ċuideaċtain ag imirt an ċluiċe.