a leiṫéid de riaġal ag baint le cuaird Ríoġ; “agus rud eile,” ar sí sin, “’dé ṁaiṫ turas Ríoġ mar seo dá mb’éigin do gaċ aoinne é féin do ċaiṫeaṁ ar a ḃeul a’s ar a aġaiḋ - dar ndóiġ, ní ḃfuiġfeaḋ aoinne aon rud d’ḟeicsin.” Ṡeasaiġ sí mar a ḃí sí agus mar a raiḃ sí.
Nuair a rángadar an áit a raiḃ sí, ṡeasaiġ- eadar go léir agus d’ḟeuċadar uirre, agus d’ḟiaḟraiġ an Ḃainríoġain go crosta cér’b’ í seo. Ar an gCuireata Hart ċuir sí an ċeist, aċt níor ḋein sé sin aċt uṁaluġaḋ ḋí agus smiota gáire ċur as.
“A ṗleiḋce!” arsaiġ an Ḃainríoġain, ag baint stuir aiste féin; annsin d’iompuiġ sí ar Eiḃlís: “Cad is ainm duit?” ar sí sin.
“Eiḃlís is ainm dom, a Ḃainríoġain, le toil t’onóra uaisle,” arsaiġ Eiḃlís go deaġ- ḃeusaċ, “aċt,” ar sí sin léi féin, “dar ndóiġ, ní ḟuil ionnta aċt paca cártaí, cadé ċúis a mbeaḋ eagla orm-sa rómpa?”
“Agus cé hiad so?” arsaiġ an Ḃainríoġain leis na garraiḋeadóirí ḃí sínte ar an talaṁ ṫimċeall ar an gcrann róis; mar nuair ḃíodar sínte agus a mbeul fúṫa agus na coṁarṫaí ar a ndrom mar a ċéile leis an gcuid eile den ṗaca, ní ḃfuiġfeaḋ sí a ḋeunaṁ amaċ ar ġarraiḋeadóirí, nó ar ṡaiġdiúirí, nó ar luċt an Ṗáláis, nó ar ṫriúr dá clainn féin iad.
“Cá ḃfios doṁsa cé hiad?” arsaiġ Eiḃlís, agus ċuir sí iongantas uirre féin a ḋánaiġeaċt a’s a laḃair sí. “’Dé ḃaint atá agam-sa leis an ngnó?”
Ḋera, a ḋuine, ċuir an Ḃainríoġain círín uirre féin le neart faoḃar feirge, agus ṡeasaiġ