This page has not been proofread.
103
I dTÍR NA nIONGANTAS
mbainfí an ceann de gaċ aoinne. (Sin í an ċaint a ċuir an oiread sin mí-ċompóird ar an gcuideaċta ar fad.)
Ní ḃfuiġfeaḋ Eiḃlís cuiṁneaṁ ar aon rud eile a ráḋ aċt, “Cuir fé ráḋ an Ḃaintiġearna é; fiaḟruiġ dí sin cad ba ċeart a ḋeunaṁ.”
“Tá sí sin fé ġlas,” arsaiġ an Ḃainríoġain le fear an dí-ċeannaḋ, “taḃair annso ċuġainn í"; agus d’imṫiġ sé sin mar a scaoilfí urċar as ġuna.
Ċrom ceann an Ċait ag meaṫ agus ag meaṫ ċoṁ luaṫ a’s a fuair sé fear an dí-ċeannaḋ imṫiġṫe, agus nuair a ḟill sé ṫar n-ais leis an mBaintiġearna ní raiḃ teiḋeal den ċeann le feiscin. Do rioṫ fear an dí-ċeannaḋ agus an Rí fiaḋain ṫall a’s aḃus in gaċ aon áit dá lorg agus ċuaiḋ an ċuid eile ḋen ċuideaċtain ag imirt an ċluiċe.