Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/96

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
88
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

"Naċ féidir uisce ṫarraing as ṫobar fíor- uisce,” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe, “agus ba ḋóiġ liom féin, dar ndóiġ, go ḃfuiġfiḋe bláṫaċ a ṫarraing as ṫobar ḃláṫaiġe; nárḃ’ ḟéidir? a Ṗúca Poill!”

“Aċt, dar ndóiġ, ḃíodar istiġ ’sa tobar,” arsaiġ Eiḃlís leis an luċ, ag leigint uirre ná raiḃ aon tsuim aici i maslaḋ an ḟir eile.

“Dar ndóiġ, ḃíodar,” arsaiġ an luċ, “agus isteaċ go maiṫ féin ann.”

Ċuir an freagra so an ċaḋp ḃáis ar fad anois ar Eiḃlís, agus níor ċuir sí isteaċ ná amaċ arís uirre go ceann i ḃfad.

“Ḃíodar ag foġluim conus tarraing a ḋeunaṁ,” arsaiġ an luċ, agus í ag meunġail agus ag cimilt a láṁa dá súile, mar ḃí an codlaḋ dá traoċaḋ, “agus ṫarraingeadar gaċ aon saġas ruda — gaċ rud le ’M’ in a ṫosaċ.”

“’Dé ċúis le ’M’?” arsaiġ Eiḃlís.

“Agus ’dé ċúis naċ eaḋ?” arsaiġ Fear Lár na Gealaiġe.

Ḋún Eiḃlís a beul agus ní duḃairt sí a ṫuille.

Ḃí a súile dúnta ag an luċ agus mús codlata uirre, aċt nuair a ḃain Fear Lár na Gealaiġe miotóg aiste ḋúisiġ sí arís agus ċuir sí gníġeala aiste, agus lean sí uirre leis an sceul: “Gaċ rud a ṫosnuiġeann le ’M,’ mar madra, mionán, móin-lín, mí-áḋ, agus mar sin - an ḃfaca tú riaṁ peictiúir den ṁí-áḋ dá ṫarraing?”

“Masa, ṁaiseaḋ, anois gur ḟiaḟraiġ tú ḋíom é ní dóiġ liom go ḃfaca me,” arsaiġ Eiḃlís, agus náire uirre é d’adṁáil.