Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/86

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
78
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

Is gairid eile d’imṫiġ sí fé’r ṫáinig sí i raḋarc Tiġe an Ġirrḟiaiḋ Márta. Ḃí sí ag cuiṁneaṁ gurḃ’ é ḃí ann, mar deunaṁ cluas ḃí ar na simniġṫe agus clúṁ ḃí mar ḋíon air. Ḃí an tiġ ċoṁ mór sin nár ṁaiṫ léi dul gairid dó go gcreimfeaḋ sí rud beag den ṁuisiriún ḃí in a láiṁ clé aici, agus gur ṁeudaiġ sí í féin go ḋá ṫroiġ ar aoirde; agus annsin féin ḃí sí roinnt scáṫṁar ag siuḃal suas ċuige. “Cad a ḋeunfainn,” ar sí sin léi féin, “dá mbeaḋ an confaḋ air tar éis gaċ aon rud? B’ḟearr liom gur ar Ḟear Lár na Gealaiġe ṫaḃarfainn m’aġaiḋ!”


Tiġ an Ṫirrḟiaiḋ Márta