Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/76

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
68
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

Isteaċ i gcistin ṁór ċuaiḋ sí ḃí múċta le deataċ. Ḃí an Ḃaintiġearna in a suiḋe ar stóilín trí gcos i lár an úrláir i ḃfeiḋil leinḃ; ḃí an cócaire cromṫa síos ar an dteine agus bata aici ag suaṫaḋ rud éigin ḃí dá ḃeirḃiú aici i gcoire mór.

“Pé rud atá dá ḃeirḃiú aici tá an mí-áḋ de ṗiobar ann,” arsaiġ Eiḃlís léi féin, nuair d’éiriġ léi a hanáil d’ḟaġáil i ndiaiḋ an tsraoṫartġail.

Ḃí an mí-áḋ ḋe ṗiobar ar fuaid na cistin pé sceul é. Ḃí an Ḃaintiġearna féin ag sraoṫartġail anois agus arís. Aċt ḃí an tiubaist ċeart anuas ar an leanḃ, tamall ag sraoṫartġail agus tamall ag screuċaḋ gan sosaḋ gan suaiṁneas. Ḃí gaċ aoinne ag sraoṫartġail aċt aṁáin an cócaire agus cat mór ḃí in a ṡuiḋe ar lár an teinteáin agus beul air ó ċluais go cluais.

“An inneosfá ḋom, má’s é do ṫoil é,” arsaiġ Eiḃlís go scáṫṁar, mar ná feadar sí aċt gur droċṁúinte an rud dí tosaċ a ċur leis an gcaint, “an inneosfá dom cadé a ċúis an drana sin a ḃeiṫ ar an gcat!”

“Caṫ Cláraċ é sin,” arsaiġ an Ḃaintiġearna, “agus sin é a ċúis. A ṁuc!”

Ḃain sí preab as Eiḃlís a ḃinibe aduḃairt sí an focal sin, aċt ṫug sí fé ndeara i gcionn tamaill gur ċum an leinḃ ḃí sí agus naċ ċúiċe féin, agus ġlac sí misneaċ agus laḃair sí arís:

“Agus ní raiḃ a ḟios agam go mbíoḋ drana ar ċat Cláraċ i gcoṁnuiḋe, ní heaḋ, aċt ní raiḃ a ḟios agam go ḃfuiġfeaḋ cat drana a ċur air féin in aon ċor.”

“Is féidir leo go léir drana ċur orra