"Conus atá a ḟios agat go ḃfuilim-se as mo ṁeaḃair?” arsaiġ Eiḃlís.
“Táir gan daḃt,” arsaiġ an Cat, “agus muireaċ go ḃfuil tú ní h-annso a ḃeiṫeá.”
Níor ṡíl Eiḃlís gurḃ’ aon ċruṫuġaḋ ar í ḃeiṫ as a meaḃair é sin. “Agus conus atá a ḟios agat go ḃfuil tú féin as do ṁeaḃair?”
“Is eaḋ, mar seo,” arsaiġ an Cat; “ní ḃíonn madra as a ṁeaḃair. Naċ fíor sin?”
“Is dóċa ná bíonn,” arsaiġ Eiḃlís.
“Tá go maiṫ,” arsaiġ an Cat, “ná noċtann an madra a ḟiacla nuair ḃíonn fearg air agus ná cuireann sé cor in a iarball nuair ḃíonn sé sásta. Agus noċtaim-se m’ḟiacla nuair ḃím sásta agus cuirim cor im’ iarball nuair ḃíonn fearg orm. Agus dar ndóiġ, ní beag duit de ċoṁarṫa an méid sin mise do ḃeiṫ as mo ṁeaḃair.”
“Naċ ag crónán ḃíonn tú agus tú ag noċtaḋ t’ḟiacla?” arsaiġ Eiḃlís.
“Naċ cuma ’sa tiubaist cad ḃím a ḋeunaṁ,” arsaiġ an Cat. “Ḃfuil tusa ċum a ḃeiṫ ag imirt cróicé i ḃfoċair na Bainríoġna indiu?”
“Ba ṁaiṫ liom go mór dá mbéinn,” arsaiġ Eiḃlís, “aċt ní ḃfuair mé aon ċuireaḋ fós.”
“Ċífe tú mise ann,” arsaiġ an Cat, agus sceinn sé as a raḋarc.
Níor ċuir an méid seo aon iongantas ar Eiḃlís; ḃí an oiread sin rudaí iongantaċa ag tuitim amaċ uirre go raiḃ sí in a dtaiṫiġe. Le linn agus í ag feuċaint ar an áit a raiḃ an Cat ċonnaic sí arís ann é.
“Mo ḋearṁad,” ar sé sin, “cad a ḃain don leanḃ? Dóbair ná cuiṁneoċainn ar é ḟiaḟruiġe ḋíot.”