Cnuasacht trágha/Brosna

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Cnuasacht trágha by Michael Sheehan
Brosna
[ 39 ]

BROSNA.

FOCAIL DEN ĊAINT ĊOITĊEANNTA AGUS CUID DEN t-SEAN-ĊAINT.

1. Ní fearr ḋuit ciall dá ḃfuil agat .i. naċ móide an t-ain-ċeart do ḃeiṫ agat ioná an ceart .i. is fearr gan ḃeiṫ ró léir.

2. D’ḟás an leanḃ sin ṫar goiṁ .i. ṫar mar do ḃeaḋ ceart.

3. Ná bíoḋ sanntuġaḋ an ḃodaiġ agat .i. nuair ċuirfe tú ċum iarraċt do ṫaḃairt uait ná tarraing siar.

4. Laeṫeanta cruaḋa agus buaċaillí leaṫ-noċt- aiġṫe, adeireaḋ cailleaċ Ḃaile an Ṁápa, ḃí sí ċoṁ sainnteaṁail ċum sláinte na ndaoine do ḃeiṫ aici.

5. "Atá mo ḟiacail bog." "Tuitfiḋ sí sin uait, agus tiocfaiḋ ceann eile ċugat."

[ 40 ] 6. Ḋá ṫrian galair an oiḋċe.

7. Trí táṫaḋ de neantógaiḃ insan Márta, ní baoġal duit poc cinn ná coise ad ag do ḃualaḋ go cionn bliadna.

8. Atá sé ag tarraint ar an t-síoraiġeaċt—ag dul ar an saoġal eile. —Atá sé in anḟaḋ an ḃáis .i. ag taḃairt na gcor.

9. Bain an barr-brúċ [bruṫ] den mbainne. Barr- brúċ .i. an croiceann d’éireóċaḋ ar an mbainne beirḃṫe.

10. Dá dtuitfeaḋ braon uisce fiuċta ar do ċuisle [cuislinn], i ḃfad uainn an t-olc, agus ná héireóċaḋ clog air, do ḃeaḋ sí greadta. "An cóir a ráḋ go ḃfuil an ciarsúir greadta?" "Ní cóir. Atá an ciarsúir ruaḋ-dóiġte."

11. Doċuaiḋ an t-uisce fá ḃeirḃaḋ orm .i. go raiḃ sé a ḟaid sin ag fiuċaḋ go raiḃ sé súiġte ag an ċorcán.

12. Deunann [do-ġní] seilleaḋ [silleaḋ, cf. feile for file] sásaṁ. Cuir i gcás go mbeaḋ dúil agam in iasc úr nó in aon saġas eile, agus nuair doġeóḃainn innsin é ná beaḋ aon suim agam ann, adeurainn innsin go ndeunann seilleaḋ sásaṁ, go mbainfeaḋ seilleaḋ mo ḋúil as.

13. Scaṁaḋ iongan .i. blúire croicinn do ḃeaḋ ag éirġe ar ḃarr na méire ós cionn na hiongan.

Dá mbéinn ag cnotáil stoca agus go dtarraingeóċaḋ duine biorán aiste as go dtuitfeaḋ na lúba, do ḋeurainn [adeurainn] go scaṁfaḋ mo stoca mar ġeall air.

14. Ní raiḃ fód a ṁarḃuiġṫe ann, nó fód a ċaillṫe .i. ní ann do ḃí sé le marḃaḋ. Bíonn fóidín an ṁearḃaill ann leis agus fóidín an ocrais.

15. An cat. Adeir siad go ḃfuair an cat trí leaṫṗinge ṗinginn ċum maireaċtain marṫain do ḋeunaṁ as. Tug sé leaṫ-ṗinge ar raḋarc insan oiḋċe, agus leaṫ-ṗinge ar eudtromaċt siuḃail, agus [ 41 ] an tríoṁaḋ leaṫ-ṗinge ar dearṁad bean an tiġe. — I mbasa, do ċuir sé go maiṫ iad.

Adeir siad go dtagann dtig trí smuainiṁ ann insan oiḋċe ċum duine do ṁarḃaḋ.

16. Do ċuir sé a ṡúile tar a ċuid dá iṫe, sé sin gur iṫ sé níos mó ioná mar baḋ ceart dó a iṫe.

17. Úirlisí an táilliúra—sosúr siosúr, miosúr, agus meuracán; snaṫaidín, iarainn agus cailc.

18. Boġa ceaṫa na maidne nó madra gaoiṫe an tráṫnóna, coṁarṫa droċ-aimsire. Madra gaoiṫe .i. súil ṁór ḋearg ḃíos fá ḃun na scamall. Cuid boġa ceaṫa .i. a leaṫ nó a ṫrian. —De H.

19. I.

A Ċonċuḃair uí Laoġaire, fuair do ḃean bás. Cia ḋeiseóċaiḋ do stocaí ná niġfiḋ do léine? A Ċonċuḃair uí Laoġaire, fuair do ḃean bás.

II. A Ċonċuḃair uí Laoġaire, fuair do ḃean bás. Cia ḃeirbeóċaiḋ an leite ná cuirfiḋ ar an méis í? A Ċonċuḃair uí Laoġaire, fuair do ḃean bás.

III. A Ċonċuḃair uí Laoġaire, fuair do ḃean bás. Cia ḋ’fairfiḋ [ḟairfiḋ] na cearca ná cuirfiḋ ar an gcléiṫ iad? A Ċonċuḃair uí Laoġaire, fuair do ḃean bás.

20. D’éirig Taḋg aréir Agus doċuaiḋ ag fiaḋaċ girrḟiḋṫe, D’éiriġ a ḃean as a ḋiaiḋ Agus doċuaiḋ sí ag fiaḋaċ a ṫuilliḋ aca, D’éiriġ an púca ós a gcionn Agus do ṁarḃ sé ceann is fiċe aca.

21. Is mairg leigeann leigeas lá breáġḋa le [ 42 ]droċ-ṁaidin. Má atá an ṁaidin olc agus go n-éireóċaḋ an lá suas, an té do ḃeaḋ ag dul ag obair innsin, do ċaillfeaḋ sé an lá ar fad mar ġeall ar an maidin. Níor ḋada le duine an méid annró doġeóḃaḋ sé tamall ar maidin, dá mbeaḋ a ḟios aige go ngealfaḋ sé in a ḋiaiḋ sin seaċ is an lá ar fad do ḃeiṫ caillte aige.

22. Ar ċaiṫeaṁ leinḃ in áirde bíṫear ag ráḋ—

I.


Beiḋ sé mór, mór.
Beiḋ sé mór i mbáraċ.
Beiḋ sé mór, mór
Agus dar ndóig mór is fearr é.

II.


Caiṫimíd suas is suas é.
Caiṫimíd suas an páisde
Caiṫimíd suas is suas é
Is tiocfa sé anuas i mbáraċ.

III.


Caiṫimíd síos is suas é
Caiṫimíd soir is siar é
Caiṫmíd síos is suas é
Is caiṫimíd dtí an ċaitín liaṫ é.

IV.


Ó níor ḋein sé rinnce
Ó níor ḋein ná gáire
Ó níor ḋein sé rinnce
Aċt doġeuna sé rinnce i mbáraċ.

V.


Is geall le Lady Máire
Is geall le Lady mo leanḃ
Is geall le Lady an páisde
A’s raġaiḋ sé dtí aonaċ an Ġleanna

[ 43 ]

22a.

Sleiṫide seilmide búrtaċ, bártaċ,
Cuir amaċ do aḋarca
Atá na ba bána
Ag ól do ċuid meiḋge.

23.

I.


Mé, mé, mé a ċaora
Caora Ṡeáain óig agus caora Ṡeáain ċríonna
Agus caora Ṡeáain ḃacaiġe
Nár ċasa siad ċoiḋċe.

II.


Siuan, siuan, siuan, a ċaora,
Siuan, siuan ar maidin is istoiḋċe,
Tugann sí an bainne dam,
Tugann sí an t-uan dam,
Agus cuireann sí an seacéid deas ar mo ġuailniḃ.

24.

I.


Atá ḋá ġaḃairín ḃuiḋe agam
Agus minseaċ ḃainne, minseaċ ḃainne.
Briseann siad mo ċroiḋe ionam.
Á dtaḃairt a ḃaile, á dtaḃairt a ḃaile.

II.


Cuirim i dteannta an ċlaiḋe iad
Le stampa bata, stampa bata.
Siúd ṫar mull’ an ċlaiḋe iad
Is i ḃfad ó ḃaile, i ḃfad ó ḃaile.

III.


Níl aon áit agam a gcrúḋfainn iad
Aċt anuas i mo hata, anuas i mo hata,
Leigeann sé sin tríd é
Ar fuaid an ḃaile ar fuaid an ḃaile.

[ 44 ]

25. Ċoṁ-uasal fear ag an muir. Níl urraim aici do aoinneaċ.

26. "Madra-ruaḋ ar do ḋuḃan. Ní ḃfuiġḃe tú aon iasc indiu." Droċ-ġuiḋe é sin adeuraḋ duine le hiascaire.

27. "Atá an ċailleaċ agam ort," nó "atá caṫuġaḋ na cailliġe agam ort go ceann bliadna." Focal é sin do ḋeurfaḋ [adeuraḋ] duine a mbeaḋ an tosaċ aige ar ḋuine eile ag cur síl nó aon sórt oibre.

28. Is fearr siar-ualaċ ioná sár-ualaċ.

29. Ní ċeileann meisce míorún.

30. Earball fliuċ agus leaṫ-lá Agus teaċt a ḃaile in am tráṫ [in antráṫ]?

31. Túrn túrna lín, túrn lín, Túrn lín is cárdaí. Túrn lín do ḃris mo ċroiḋe Is lán an tiġe ḋo ṗáistiḃ.

32. Is maiṫ an teaċt agat é agus teaċt uait féin.

33. Mac agus inġean, inġean ṁaiṫ.

34. Is mór an taḃartanas [taḃartas] ó Ḋia do aon ḃean ṫóigfiḋ leanḃaí gan aon ainiṁ do ḃeiṫ ar aoinneaċ aca .i. gan aoinneaċ aca do ḃeiṫ ar leaṫ-ṡúil, nó bacaċ, nó aon t-sliġe. Is mór an ainiṁ ort é, adeurá le duine a mbeaḋ aon rud ar a aġaiḋ nó aon ṗioc de, "An raiḃ morán ainiṁ ainṁe air?" adeuraiḋe é sin le duine báiḋte, nuair do ṫógfaiḋe as an uisce é. Léim gré ġirrḟiaiḋ nó seunas g. sin ainiṁ eile.

35. Is minic adeuraḋ mo ṁáṫair le duine clainne gan ḃeiṫ ag aṫ-nasc uirri. Aṫ-nasc seaḋ focal do ráḋ le searḃas as dia’ ḋuine as diaiḋ duine.

36. Níl uċt ná anam ionat. [ 45 ] 37. Atá roillsí móra ag baint leis, sé sin, meas tar ceal do ḃeiṫ aige air féin.

38. Ní ṫagann [ṫig] an óige fá ḋó ċoiḋċe Aċt tagann an brón fá ḋó insan oiḋċe.

39. Bean do ḃí d’iarraiḋ an teine d’aḋaint. "Atá sé dian," arsa sí, "nó atá gan treaḃaḋ agam. Níl aon ṁaiṫ ḋam ḃeiṫ léi." Níl in aon tiġ aċt ti’ fásaiġ ná beiḋ spréiḋ éigin den teiniḋ ann.

40. Meaṫ-ṫeine fá ṁuic-ḟeoil, agus grideóg fá ċaora Spóirseaċ fá ṁairt-ḟeoil, agus ḃeiṫ dá beirḃaḋ ċoiḋċe. Grideóg .i. teine cuiḃeasaċ mait. Spóirseaċ .i. craos teineaḋ nó teine ṁór.

41. Dá mbeaḋ na prátaí ar an teiniḋ agus go mbeaḋ na daoine ag caint doġeuntaiḋe neaṁ-ṡuim de na prátaiḃ, agus nuair do ċuiṁineóċṫaiḋe go mbeidís ar an teiniḋ, do ḃeidís ró-ḃeirḃṫe, agus adeuraiḋe, "atá uisce na sceulaiḋeaċta deunta de na prátaiḃ. Atá siad in a bplubar."

42. Níor ċuaiḋ [ní ḋeaċaiḋ] fear na headar-gaḃála as riaṁ.

43. Is fada ón stuaim an stocaire. Is fada ón luaiṫ an bocaire.

44. Sioc, sneaċta agus síor-ḃáisteaċ, nó Sioc, sneaċta agus fraoċáin earraiġ.

45. Atá do spuir féin agus capall ḋuine eile agat.

46. Dá mbeaḋ tamall de speal [speil] agam, agus go dtiuḃrainn do duine eile é í, do ḃeaḋ iasaċt na n-iasaċtaiḋe [n-iasaċt] aige.

47. Aoinneaċ ná fuil coṁgaraċ don tráiġ ná gairid do na failltreaċaiḃ [failliḃ], níl aon tuairim insan aimsir aige.

48. Fear é seo, Loinneaċán ba ṡloinne dó, do ḃi ag goid cloċ i sean-reilig. "Íocfar, íocfar." arsa [ 46 ] an guṫ. "Cad íocfaiḋ?" arsa Loinneaċán. "Clann clainne Loinneaċáin." "Má ṫeiġeann sé a ḟaid sin," arsa Loinneaċán, "ní miste ḋam-sa a ndiongna mé."

49. Foġa fóisiḋe. Fóisiḋe .i. duine díoṁaoin do ċromfaḋ ag obair agus ná seasóċaḋ.

50. Uain ceárdċan. Tagrann sin do ḋaoiniḃ do ḃeaḋ ag rioṫ d’iarraiḋ uain ceárdċan do ḃeiṫ aca ar a ċéile. Adeuraḋ fear, "atá an uain agam ort," nó "is é mo uain se é." Agus do ḃeaḋ uain muilinn ag na daoiniḃ do ḃeaḋ ag dul go dtí na muilte muilne, agus mar sin.

51. "Éiriġ, a Reiḋrí [Ruaiḋrí]." "Nár ḃeirim ar éirġe," arsa Reiḋrí, "má atá ionam éirġe."

52. Dá raġainn ag feuċaint duine tinn, agus go ḃfiarfócainn cionnas do ḃeaḋ sé, adeuraḋ sé, "atá mé níos fearr." Adeurainn-sé, "go mbaḋ fearr i mbáraċ tú, mar aduḃairt Reiḋrí le n-a ṁáṫair."

53. Ná taḃair aon ḃreiṫeaṁntas ná breaṫ ar aoinneaċ. Tosaċ na breiṫe ag Dia.

54. Níl lúṫ a ṫeangaḋ aige. Níl lúṫ a ċos aige. Níl siuḃal ná rian [raon] aige.

55. Lá ’le Muire ṁór insan ḃfóġṁar, bíonn an reaċtaire fá ḃrón. Reaċtaire .i. duine, cuir i gcás, do ṫógfaḋ ba uaim ar deiċ bpúnt an ceann agus an t-im agus an bainne do beiṫ aige agus na ba do ṫaḃairt dam ṫar n-ais Lá ’le Muire ṁór insan ḃfóġṁar.

56. Col. Do ḃeaḋ col ag duine le rud ná taiṫneóċaḋ leis, nó do ṫógfaḋ sé col leis. Tagrann sé do ṗósaḋ leis.

57. Is fuiris [furas] fuineaḋ in aice na mine.

58. Uḃ. Plaosc an uiḃ. Mul an uiḃ, ceann an uiḃ, an scannán, an gealacán, agus an duḃan buiḋe. [ 47 ] 59. Biaḋ agus deoċ na Nodlag, agus eudaċ nua na Cásca.

60. Ti’ breáġḋa, iarṁaiseaċ .i. tiġ a mbeaḋ go leór troscáin ann. "Is iongantaċ an iarṁais atá ann."

61. Tosaiġe .i. fear ḃíos ar tosaċ. "Bain siar asat féineaċ": adeurá é sin le fear do ḃeaḋ i dtosaċ ort ag obair. "Is mór an baint siar as é sin," adeurá le duine do ṫuitfeaḋ insan saoġal do ċaillfeaḋ cuid ṁór beaṫaiḋeaċ, nó aon rud mar sin.

62. Ná cuir aon uisce ar an mias méis sin, fliuċfa tú an falla agus a ḃfuil ann. "Ar" an méis, agus "ar" an tubán, aċt "ins" an ċupán agus "ins" an ċanna.

63. Aoinneaċ do ḃáḋfaiḋe agus a mbeaḋ aon ṗioc de niġeaċán an Doṁnaiġ air, ní ḃfaġfaiḋe [ḃfuiġḃṫí] go deóiḋ é.

64. Atá an bád sin ó ċion, nó curṫa ó ċion.

65. An té do ḃeaḋ ag feadġail insan oiḋċe Nó ag fiannaiḋeaċt insan lá A ḟaid is ṁairfiḋ sé ċoiḋċe Beiḋ siaḃra ag a ṡáil.

66. "Atá mé an-ḃuiḋeaċ díot," adeurá le duine "Ní hiongnaḋ ḋuit," adeuraḋ sé. Sé sin, ní gáḃaḋ ḋuit ḃeiṫ buiḋeaċ díom, ní hiongnaḋ an méid sin do ḋeunaṁ ḋuit.

67. Aigne ṡocair réiḋtiġeann -ġeas snáṫ.

68. Leig dó imṫeaċt in ainm na hameirléise aimi- léis.

69. Is minic síos droċ-ḃean an tiġe.

70. Tnúṫ le breiṫ ċailleann -leas an cearrḃaċ.

71. Rann oiḋċe Ṡaṁna: Anoċt Oiḋċe Ṡaṁna, a [ 48 ] Ṁongo Mango. Sop is na fuinneogaiḃ; dúntar na dóirse. Éiriġ id’ ṡuiḋe, a ḃean an tiġe. Téiriġ siar go banaṁail, tair aniar go flaiṫeaṁail. Taḃair leat ceapaire aráin agus ime ar ḋaṫ do leacan ḟéin, a mbeiḋ léim ġirrfiaiḋ ḋe aoirde ann agus coiscéim ċoiliġ ḋe im air. Taḃair ċuġam peigín de ḃainne riġin, mín, milis a mbeiḋ leaṁnaċt in a ċiosa ciuṁ- saiḃ agus uaċtar in a ṁulla’; go mbeiḋ sé ag im- ṫeaċt in a ċnocaiḃ agus ag teaċt in a ṡléiḃtiḃ agus baḋ ḋóiġ leat go dtaċtfaḋ sé mé, agus mo ċreaċ ḟada níor ḃaoġal dam.

"Bainne na gclog b’olc mar ḃiaḋ é, Mara ndiongnaḋ sé deoċ do luċt an ḟiaḃrais. Ṫug sé trí lá agus trí oiḋċe Ar ṫubán na ḃfannsaiġe iarainn Go ḃfaca mo ḋá ṡúil an cúnaċ liaṫ tríd. Le neart sainnt ċum an ime Doriġne na mná an diaḃal air."

72. An ġlas-ġaiṁneaċ g. —ġaiḃlinn. D’airiġeas-sa na sean-daoine ġá ráḋ gur ḃó í do ḃí ann fadó. Ní ḟeadair aoinneaċ cad as ṫáinig sí, aċt go mbíoḋ sí lá in gaċ baile. Gaċ aoinneaċ do raġaḋ ḋá crúḋ cibé soiṫeaċ do ḃeaḋ aige líonfaḋ sí é. Aċt do ḃí tiub- aisteoir mná i dTiobraid Árann agus aduḃairt sí go mbeaḋ an diaḃal a do ċongnaṁ ḋí nó go dtiuḃraḋ sí féin árṫaċ dí ná feudfaḋ sí a líonaḋ. Ṫóg sí léi an criaṫar agus do ċrom sí ag crúḋ na bó ann. Ḃí sí ag taḃairt an ḃainne ḋí agus an criaṫar ḋá scaoileaḋ ṫríd go dtí ar líon an ṗáirc ṫimċeall orra insan tsliġiḋ gur ċaiṫ ab éigean don ṁnaoi an ḃean cur dí ná báḋfaiḋe í. D’imṫiġ an ḃó agus ní ḟaca aoinneaċ ó ċoin í. D’éiriġ tobar fíor-uisce insan ṗaiste ceudna raḃaḋ ’gá crúḋ. Tugtar Tobar Loċ. —De H. na Bó ó ċoin ar an áit. Atá sé ar an mbóṫar ag dul ón Ċaṫair go dtí an Ċloiċín. [ 49 ] 73. Cadé an ainm atá ar t’aṫair? Stiall ṁór leaṫair. Cadé an ainm atá ar do ṁáṫair? Cnaiste ṁór práta. Cadé an ainm ata ar t’áintín? Earball tráiṫnín. Cadé an ainm atá ar do ḋeirḃsiuir? Earball cúirliuin. Cadé an ainm atá ar do ḋearḃráṫair? Earball rcadáin. Cadé an ainm atá ort fein? Sciaṫán gé.

74. Bean an leasa. Gearrċaile beag ḃíoḋ ag dul go dtí an scoil agus nuair d’ḟágaḋ sí a tiġ féin ar maidin in áit dul go dtí an scoil, d’euluiġeaḋ sí léi cois na gclaḋṫaċa, nó go dtí ṫagaḋ am na scoláirí do ṫeaċt a ḃaile. Do ḃuaileaḋ sí isteaċ go dtí a máṫair agus do ṡíleaḋ an ṁáṫair go mbíoḋ sí ag an scoil. I gcionn tamaill ṫug a máṫair fá ndeara go raiḃ sí ag imṫeaċt as a creat agus as a deallraḋ ḟéin, agus d’ḟiarfaiġ sí ḋí an tinn do ḃí sí. Aduḃairt an gearrċaile beag nárḃ eaḋ. D’ḟiarfaiġ an ṁáṫair dí, an mbíonn sí ag an scoil gaċ aon lá. "Atá sé ċoṁ maiṫ agam dam," arsa sí, "an ḟirinne d’inn- sint duit, a ṁáṫair, ní raḃas ag an scoil leis an ḟaid seo." "Caḃair Dé ċuġainn, a inġean ó," arsa an ṁáṫair, "cad eile cá mbíonn tú gaċ aon lá?" "Ḃíos ag eulóḋ liom féin cois an ċlaiḋe, agus ḃí bean ḃreáġḋa in a seasaṁ ag doras an leasa agus ṫug sí isteaċ insan lios mé agus aduḃairt sí liom teaċt ċuiċi gaċ aon lá, go mbfearr ḋam é ioná ḃeiṫ ag dul go dtí an scoil mar go dtiuḃraḋ sí féin carn rudaí deasa ḋam." "An ḃfiarfóċa tusa dí sin i mbáraċ, dá mbeaḋ seafaid ag duine do ḃeaḋ ag imṫeaċt ar strae agus ná fanfaḋ in a ḟoċair istiġ, cad baḋ ceart dó do ḋeunaṁ léi?" "Doġeuna [ 50 ] mé, a ṁáṫair," arsa an gearrċaile. D’imṫiġ sí léi ar maidin agus do ḃí banrioġain an leasa roimpe ar an áit ċeudna agus aduḃairt sí léi teaċt isteaċ. "Ó," arsa an gearrċaile, "a leiṫéid seo aduḃairt mo ṁáṫair liom d’ḟiarfaiġe ḋíot." "Ó inneósad-sa ḋí cad baḋ ceart dó do ḋeunaṁ leis an mbeaṫaiḋeaċ nó aon rud eile do ḃeaḋ ag imṫeaċt mar sin." Aduḃairt sí léi a ráḋ le n-a máṫair trí braoin de uisce trí ṫeórann do ċroṫaḋ air trí maidin i ndiaiḋ a ċéile. Nuair doċuaiḋ an gearrċaile a ḃaile um ṫráṫnóna d’innis sí do n-a máṫair cad duḃraḋ léi. "Atá go maiṫ," arsa an ṁáṫair. Ní duḃairt an ṁáṫair a ṫuilleaḋ nó go dtí go raiḃ an gearrċaile ċum imṫeaċta ar maidin agus do croṫ sí trí braoin de uisce trí ṫeórann uirri agus d’imṫiġ sí léi. Ċoṁ luaṫ is doċonnaic an ḃanrioġain ag teaċt í aduḃairt sí gan teaċt in a goire féin ní is mó, "agus," arsa sí sin, "ḃí do ṁáṫair ró-léir, ró-ġasta ḋamsa." D’imṫiġ sí léi isteaċ. Doċuaiḋ an gearrċaile beag go dtí an scoil gaċ aon lá as sin amaċ.

75. Sceul na tóirniġe. Doċuaḋas lá go dtí an ḟaill ag baint sop féir dam asal, agus do ḃí sé tráiġ ṁara. Doċuaḋas amaċ ar an gcloiċ fá ḋéin laḋar duilisc. Ní raḃas aċt amuiġ ag ciosa [ciuṁais] na taoide nuair ṫáinig an splannc agus níor ḟan aon ḃríġ ionam nuair do ċuiṁniġ mé ar an gcorrán do ḃeiṫ i mo láiṁ agam, agus ba ḋeacair liom é do ċaiṫeaṁ insan taoide, agus dorioṫas isteaċ go dtí bun na faille. Do ċaiṫeas uaim an corrán innsin, agus d’imṫiġeas liom suas an ḟaill, agus in aġaiḋ gaċ aon dó nó trí coiscéim ṫugainn, ṫagaḋ splannc agus blaḋm tóirniġe. Ní raiḃ aon t-seift agam le deunaṁ aċt mé féin do ċaiṫeaṁ ar ṁul mo ḋá ġlúin insan ċasán, agus do ḃí an tuile ċoṁ mór le neart na fearṫanna ḃí ann is go n-óbair go [ 51 ]scuabfaḋ12 sé leis síos me go dtí cloċa na tráġa arís, agus aduḃairt buaċaill liom go ḃfaca sé an tóirneaċ ag imṫeaċt13 amaċ Faill an Uisce agus ag treaḃaḋ14 na fairrge roimpe. Ḃíos fliuċ, báiḋte nuair doċuaḋas go dtí Máiġreud ní Ḋoinn, agus meireaċ go ḃfuaras eudaiġe tirme uaiṫe le cur umam, ní ḟeadar an mairfinn le teaċt a ḃaile ḃíos ċom báiḋte sin agus a leiṫéid sin de sceiṁle15 orm.

Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.