Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/59

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

51

scuabfaḋ12 sé leis síos me go dtí cloċa na tráġa arís, agus aduḃairt buaċaill liom go ḃfaca sé an tóirneaċ ag imṫeaċt13 amaċ Faill an Uisce agus ag treaḃaḋ14 na fairrge roimpe. Ḃíos fliuċ, báiḋte nuair doċuaḋas go dtí Máiġreud ní Ḋoinn, agus meireaċ go ḃfuaras eudaiġe tirme uaiṫe le cur umam, ní ḟeadar an mairfinn le teaċt a ḃaile ḃíos ċom báiḋte sin agus a leiṫéid sin de sceiṁle15 orm.