Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/58

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

50


mé, a ṁáṫair," arsa an gearrċaile. D’imṫiġ sí léi ar maidin agus do ḃí banrioġain an leasa roimpe ar an áit ċeudna agus aduḃairt sí léi teaċt isteaċ. "Ó," arsa an gearrċaile, "a leiṫéid seo aduḃairt mo ṁáṫair liom d’ḟiarfaiġe ḋíot." "Ó inneósad-sa ḋí cad baḋ ceart dó do ḋeunaṁ leis an mbeaṫaiḋeaċ nó aon rud eile do ḃeaḋ ag imṫeaċt mar sin." Aduḃairt sí léi a ráḋ le n-a máṫair trí braoin de uisce trí ṫeórann do ċroṫaḋ air trí maidin i ndiaiḋ a ċéile. Nuair doċuaiḋ an gearrċaile a ḃaile um ṫráṫnóna d’innis sí do n-a máṫair cad duḃraḋ léi. "Atá go maiṫ," arsa an ṁáṫair. Ní duḃairt an ṁáṫair a ṫuilleaḋ nó go dtí go raiḃ an gearrċaile ċum imṫeaċta ar maidin agus do croṫ sí trí braoin de uisce trí ṫeórann uirri agus d’imṫiġ sí léi. Ċoṁ luaṫ is doċonnaic an ḃanrioġain ag teaċt í aduḃairt sí gan teaċt in a goire féin ní is mó, "agus," arsa sí sin, "ḃí do ṁáṫair ró-léir, ró-ġasta ḋamsa." D’imṫiġ sí léi isteaċ. Doċuaiḋ an gearrċaile beag go dtí an scoil gaċ aon lá as sin amaċ.

75. Sceul na tóirniġe. Doċuaḋas lá go dtí an ḟaill ag baint sop féir dam asal, agus do ḃí sé tráiġ ṁara. Doċuaḋas amaċ ar an gcloiċ fá ḋéin laḋar duilisc. Ní raḃas aċt amuiġ ag ciosa [ciuṁais] na taoide nuair ṫáinig an splannc agus níor ḟan aon ḃríġ ionam nuair do ċuiṁniġ mé ar an gcorrán do ḃeiṫ i mo láiṁ agam, agus ba ḋeacair liom é do ċaiṫeaṁ insan taoide, agus dorioṫas isteaċ go dtí bun na faille. Do ċaiṫeas uaim an corrán innsin, agus d’imṫiġeas liom suas an ḟaill, agus in aġaiḋ gaċ aon dó nó trí coiscéim ṫugainn, ṫagaḋ splannc agus blaḋm tóirniġe. Ní raiḃ aon t-seift agam le deunaṁ aċt mé féin do ċaiṫeaṁ ar ṁul mo ḋá ġlúin insan ċasán, agus do ḃí an tuile ċoṁ mór le neart na fearṫanna ḃí ann is go n-óbair go