Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/57

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

49


73. Cadé an ainm atá ar t’aṫair? Stiall ṁór leaṫair. Cadé an ainm atá ar do ṁáṫair? Cnaiste ṁór práta. Cadé an ainm ata ar t’áintín? Earball tráiṫnín. Cadé an ainm atá ar do ḋeirḃsiuir? Earball cúirliuin. Cadé an ainm atá ar do ḋearḃráṫair? Earball rcadáin. Cadé an ainm atá ort fein? Sciaṫán gé.

74. Bean an leasa. Gearrċaile beag ḃíoḋ ag dul go dtí an scoil agus nuair d’ḟágaḋ sí a tiġ féin ar maidin in áit dul go dtí an scoil, d’euluiġeaḋ sí léi cois na gclaḋṫaċa, nó go dtí ṫagaḋ am na scoláirí do ṫeaċt a ḃaile. Do ḃuaileaḋ sí isteaċ go dtí a máṫair agus do ṡíleaḋ an ṁáṫair go mbíoḋ sí ag an scoil. I gcionn tamaill ṫug a máṫair fá ndeara go raiḃ sí ag imṫeaċt as a creat agus as a deallraḋ ḟéin, agus d’ḟiarfaiġ sí ḋí an tinn do ḃí sí. Aduḃairt an gearrċaile beag nárḃ eaḋ. D’ḟiarfaiġ an ṁáṫair dí, an mbíonn sí ag an scoil gaċ aon lá. "Atá sé ċoṁ maiṫ agam dam," arsa sí, "an ḟirinne d’inn- sint duit, a ṁáṫair, ní raḃas ag an scoil leis an ḟaid seo." "Caḃair Dé ċuġainn, a inġean ó," arsa an ṁáṫair, "cad eile cá mbíonn tú gaċ aon lá?" "Ḃíos ag eulóḋ liom féin cois an ċlaiḋe, agus ḃí bean ḃreáġḋa in a seasaṁ ag doras an leasa agus ṫug sí isteaċ insan lios mé agus aduḃairt sí liom teaċt ċuiċi gaċ aon lá, go mbfearr ḋam é ioná ḃeiṫ ag dul go dtí an scoil mar go dtiuḃraḋ sí féin carn rudaí deasa ḋam." "An ḃfiarfóċa tusa dí sin i mbáraċ, dá mbeaḋ seafaid ag duine do ḃeaḋ ag imṫeaċt ar strae agus ná fanfaḋ in a ḟoċair istiġ, cad baḋ ceart dó do ḋeunaṁ léi?" "Doġeuna