Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/56

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

48


Ṁongo Mango. Sop is na fuinneogaiḃ; dúntar na dóirse. Éiriġ id’ ṡuiḋe, a ḃean an tiġe. Téiriġ siar go banaṁail, tair aniar go flaiṫeaṁail. Taḃair leat ceapaire aráin agus ime ar ḋaṫ do leacan ḟéin, a mbeiḋ léim ġirrfiaiḋ ḋe aoirde ann agus coiscéim ċoiliġ ḋe im air. Taḃair ċuġam peigín de ḃainne riġin, mín, milis a mbeiḋ leaṁnaċt in a ċiosa ciuṁ- saiḃ agus uaċtar in a ṁulla’; go mbeiḋ sé ag im- ṫeaċt in a ċnocaiḃ agus ag teaċt in a ṡléiḃtiḃ agus baḋ ḋóiġ leat go dtaċtfaḋ sé mé, agus mo ċreaċ ḟada níor ḃaoġal dam.

"Bainne na gclog b’olc mar ḃiaḋ é, Mara ndiongnaḋ sé deoċ do luċt an ḟiaḃrais. Ṫug sé trí lá agus trí oiḋċe Ar ṫubán na ḃfannsaiġe iarainn Go ḃfaca mo ḋá ṡúil an cúnaċ liaṫ tríd. Le neart sainnt ċum an ime Doriġne na mná an diaḃal air."

72. An ġlas-ġaiṁneaċ g. —ġaiḃlinn. D’airiġeas-sa na sean-daoine ġá ráḋ gur ḃó í do ḃí ann fadó. Ní ḟeadair aoinneaċ cad as ṫáinig sí, aċt go mbíoḋ sí lá in gaċ baile. Gaċ aoinneaċ do raġaḋ ḋá crúḋ cibé soiṫeaċ do ḃeaḋ aige líonfaḋ sí é. Aċt do ḃí tiub- aisteoir mná i dTiobraid Árann agus aduḃairt sí go mbeaḋ an diaḃal a do ċongnaṁ ḋí nó go dtiuḃraḋ sí féin árṫaċ dí ná feudfaḋ sí a líonaḋ. Ṫóg sí léi an criaṫar agus do ċrom sí ag crúḋ na bó ann. Ḃí sí ag taḃairt an ḃainne ḋí agus an criaṫar ḋá scaoileaḋ ṫríd go dtí ar líon an ṗáirc ṫimċeall orra insan tsliġiḋ gur ċaiṫ ab éigean don ṁnaoi an ḃean cur dí ná báḋfaiḋe í. D’imṫiġ an ḃó agus ní ḟaca aoinneaċ ó ċoin í. D’éiriġ tobar fíor-uisce insan ṗaiste ceudna raḃaḋ ’gá crúḋ. Tugtar Tobar Loċ. —De H. na Bó ó ċoin ar an áit. Atá sé ar an mbóṫar ag dul ón Ċaṫair go dtí an Ċloiċín.