Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/54

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

46


an guṫ. "Cad íocfaiḋ?" arsa Loinneaċán. "Clann clainne Loinneaċáin." "Má ṫeiġeann sé a ḟaid sin," arsa Loinneaċán, "ní miste ḋam-sa a ndiongna mé."

49. Foġa fóisiḋe. Fóisiḋe .i. duine díoṁaoin do ċromfaḋ ag obair agus ná seasóċaḋ.

50. Uain ceárdċan. Tagrann sin do ḋaoiniḃ do ḃeaḋ ag rioṫ d’iarraiḋ uain ceárdċan do ḃeiṫ aca ar a ċéile. Adeuraḋ fear, "atá an uain agam ort," nó "is é mo uain se é." Agus do ḃeaḋ uain muilinn ag na daoiniḃ do ḃeaḋ ag dul go dtí na muilte muilne, agus mar sin.

51. "Éiriġ, a Reiḋrí [Ruaiḋrí]." "Nár ḃeirim ar éirġe," arsa Reiḋrí, "má atá ionam éirġe."

52. Dá raġainn ag feuċaint duine tinn, agus go ḃfiarfócainn cionnas do ḃeaḋ sé, adeuraḋ sé, "atá mé níos fearr." Adeurainn-sé, "go mbaḋ fearr i mbáraċ tú, mar aduḃairt Reiḋrí le n-a ṁáṫair."

53. Ná taḃair aon ḃreiṫeaṁntas ná breaṫ ar aoinneaċ. Tosaċ na breiṫe ag Dia.

54. Níl lúṫ a ṫeangaḋ aige. Níl lúṫ a ċos aige. Níl siuḃal ná rian [raon] aige.

55. Lá ’le Muire ṁór insan ḃfóġṁar, bíonn an reaċtaire fá ḃrón. Reaċtaire .i. duine, cuir i gcás, do ṫógfaḋ ba uaim ar deiċ bpúnt an ceann agus an t-im agus an bainne do beiṫ aige agus na ba do ṫaḃairt dam ṫar n-ais Lá ’le Muire ṁór insan ḃfóġṁar.

56. Col. Do ḃeaḋ col ag duine le rud ná taiṫneóċaḋ leis, nó do ṫógfaḋ sé col leis. Tagrann sé do ṗósaḋ leis.

57. Is fuiris [furas] fuineaḋ in aice na mine.

58. Uḃ. Plaosc an uiḃ. Mul an uiḃ, ceann an uiḃ, an scannán, an gealacán, agus an duḃan buiḋe.