Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/53

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

45


37. Atá roillsí móra ag baint leis, sé sin, meas tar ceal do ḃeiṫ aige air féin.

38. Ní ṫagann [ṫig] an óige fá ḋó ċoiḋċe Aċt tagann an brón fá ḋó insan oiḋċe.

39. Bean do ḃí d’iarraiḋ an teine d’aḋaint. "Atá sé dian," arsa sí, "nó atá gan treaḃaḋ agam. Níl aon ṁaiṫ ḋam ḃeiṫ léi." Níl in aon tiġ aċt ti’ fásaiġ ná beiḋ spréiḋ éigin den teiniḋ ann.

40. Meaṫ-ṫeine fá ṁuic-ḟeoil, agus grideóg fá ċaora Spóirseaċ fá ṁairt-ḟeoil, agus ḃeiṫ dá beirḃaḋ ċoiḋċe. Grideóg .i. teine cuiḃeasaċ mait. Spóirseaċ .i. craos teineaḋ nó teine ṁór.

41. Dá mbeaḋ na prátaí ar an teiniḋ agus go mbeaḋ na daoine ag caint doġeuntaiḋe neaṁ-ṡuim de na prátaiḃ, agus nuair do ċuiṁineóċṫaiḋe go mbeidís ar an teiniḋ, do ḃeidís ró-ḃeirḃṫe, agus adeuraiḋe, "atá uisce na sceulaiḋeaċta deunta de na prátaiḃ. Atá siad in a bplubar."

42. Níor ċuaiḋ [ní ḋeaċaiḋ] fear na headar-gaḃála as riaṁ.

43. Is fada ón stuaim an stocaire. Is fada ón luaiṫ an bocaire.

44. Sioc, sneaċta agus síor-ḃáisteaċ, nó Sioc, sneaċta agus fraoċáin earraiġ.

45. Atá do spuir féin agus capall ḋuine eile agat.

46. Dá mbeaḋ tamall de speal [speil] agam, agus go dtiuḃrainn do duine eile é í, do ḃeaḋ iasaċt na n-iasaċtaiḋe [n-iasaċt] aige.

47. Aoinneaċ ná fuil coṁgaraċ don tráiġ ná gairid do na failltreaċaiḃ [failliḃ], níl aon tuairim insan aimsir aige.

48. Fear é seo, Loinneaċán ba ṡloinne dó, do ḃi ag goid cloċ i sean-reilig. "Íocfar, íocfar." arsa