Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/49

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

41


an tríoṁaḋ leaṫ-ṗinge ar dearṁad bean an tiġe. — I mbasa, do ċuir sé go maiṫ iad.

Adeir siad go dtagann dtig trí smuainiṁ ann insan oiḋċe ċum duine do ṁarḃaḋ.

16. Do ċuir sé a ṡúile tar a ċuid dá iṫe, sé sin gur iṫ sé níos mó ioná mar baḋ ceart dó a iṫe.

17. Úirlisí an táilliúra—sosúr siosúr, miosúr, agus meuracán; snaṫaidín, iarainn agus cailc.

18. Boġa ceaṫa na maidne nó madra gaoiṫe an tráṫnóna, coṁarṫa droċ-aimsire. Madra gaoiṫe .i. súil ṁór ḋearg ḃíos fá ḃun na scamall. Cuid boġa ceaṫa .i. a leaṫ nó a ṫrian. —De H.

19. I.

A Ċonċuḃair uí Laoġaire, fuair do ḃean bás. Cia ḋeiseóċaiḋ do stocaí ná niġfiḋ do léine? A Ċonċuḃair uí Laoġaire, fuair do ḃean bás.

II. A Ċonċuḃair uí Laoġaire, fuair do ḃean bás. Cia ḃeirbeóċaiḋ an leite ná cuirfiḋ ar an méis í? A Ċonċuḃair uí Laoġaire, fuair do ḃean bás.

III. A Ċonċuḃair uí Laoġaire, fuair do ḃean bás. Cia ḋ’fairfiḋ [ḟairfiḋ] na cearca ná cuirfiḋ ar an gcléiṫ iad? A Ċonċuḃair uí Laoġaire, fuair do ḃean bás.

20. D’éirig Taḋg aréir Agus doċuaiḋ ag fiaḋaċ girrḟiḋṫe, D’éiriġ a ḃean as a ḋiaiḋ Agus doċuaiḋ sí ag fiaḋaċ a ṫuilliḋ aca, D’éiriġ an púca ós a gcionn Agus do ṁarḃ sé ceann is fiċe aca.

21. Is mairg leigeann leigeas lá breáġḋa le