An t-Oileánach/14

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
An t-Oileánach by Tomás Ó Criomhthain
Lón Nodlag
[ 129 ]
XIV
LÓN NODLAG

Tomás Maol caillte, dul ’on Daingean d’iarraidh lóin i gcomhais na Nodlag, mná an éisc, caoire Thomáis, seachrán ar chriú an bháid oidhche shéideáin, “mairg a báidhtar,” “ribe de chlúmh na cún a rug ort.”

Ar theacht go dtí an tigh dom do bhí Tomás Maol i ndeire na feide i ngádh an tsagairt. Ar deire na h-oidhche do buaileadh an doras agus do ghlaoidh mo mháthair orm agus dubhairt go raibh Páidín ag glaodhach orm chun dul ag triall ar an sagart chun ’athar, ná raibh ann ach an puth.

Ní raibh gnó agam ceiliúradh anois ó’n uair go rabhas ’á thabhairt chun a mháthar. Rud eile thuigeas go bhfuil daoine ann agus ná glanann aon ghaoth thársta ná cuireann sí duadh éigin ortha. Do bhí daoine ba ghiorra do Thomás ná mise gur fágadh gan múscailt as a suan iad.

Do chaitheas beagán agus b’eo amach an doras me. Ní raibh Páidín ró fhada ag breith an tsagairt go Dúnchaoin agus do bhí gach turus tabhartha go luath. Do bhí Tomás tar éis bháis lár-na-mháireach. Do bhí turus eile chun an tórraimh agus turus eile ’á chur. Sin é mar chaitheas-sa mo mhí ó’n chéad lá thugamair na muca ó’n inis go dtí gur chuireamair Tomás Maol i dteampall Fionntrágha.

Do bhí Páidín ag faire ar aistriú go dtí tigh beag eile do bhí anáirde agus do dhein, leis. Fothrach do bhí i mbéal an dorais againn-ne annsan. Do bhí Páidín pósta um an dtacaidh sin.

[ 130 ]Do bhí tosach mí na Nodlag annsan ann, gach seilg stopaithe agus is leasú talmhan do chrom na h-oileánaigh ar a dhéanamh. Moch, déanach do bhímís agus racaí againn ag gabháil di; agus dob’ ’in é an t-oireachtas do bhíodh againn gach bliain go Lá ’le Brighde.

Insan am san ba ghnáthach leis na h-oileánaigh dul go luath ’on bhaile mór timcheall na Saoire. Do bhí clais mhaith feamnaighe curtha ar barra insa tráigh agam, agus scóp orm chun bheith ’á tarrac le h-asal maith do bhí agam mar do bhí an lá garbh tirm. Súil dár thugas do chonnac slataire garsúin ag teacht fém’ dhéin. Thuigeas go tapaidh gur gnó éigin do bhí aige díom.

“Cad a thug timcheall thu, a gharsúin?” arsa mise.

“Do mháthair do chuir me ag triall ort féachaint a’ raghfá ’on Daingean,” ar seisean, “mar tá muinntir an bhaile go léir ag dul ann.”

Do ghabhas buidheachas leis agus dubhart leis go raghainn, agus do b’eo ’á bhaint as na cosa abhaile aríst é, “agus abair lem’ mháthair mo chuid éadaigh a bheith socair aici romham, agus beidh milseáin agam-sa chughat.”

Do bhogas an bóthar annsan ’n-a dhiaidh gan mhór-sceinnid mar do bhí an chómhair agus an chonntráil ag teacht treasna orm, do bhí mo chuid leasaithe gan tarrac ar an ngort ach ó bhí a raibh insan oileán ag dul ag soláthar chun na Saoire dubhart liom féin gur ’n-a dtreo dob’ fhusa dhom mo thurus a thabhairt agus go mbeinn ag dul im’ aonar ann ar ball.

Ar shroichstint an tighe dhom tháinig scóp an domhain orm mar do chonnac an t-asal gabhtha ag an bhfear aosta. “Ca’il an fheamnach thiar?” ar seisean.

“An chlais mhór,” arsa mise leis.

An uair a fuaireas réidh me féin do bhuaileas amach agus bhí a raibh d’fhearaibh san oileán ar bharra an chalaith, a mbalcaisí nua ortha ar fad, cúpla caora age fear, cúpla cliabh éisc age fear, paca olla age duine eile agus gach [ 131 ]duine ag tarrac go dtí an bád agus na báid chun gabháil tré Bhágh an Daingin soir agus dul leis an gcé ann.

Do bhí an triúr úncailí dhom ag dul ’on bhád go Daingean, agus fear mo dhriféar Cáit, Paid Shéamais. Cé gurbh’ iad san mo dhlúth-charaid féin ní rabhas ró shásta agus bheith ’n-a dtreo. Fuaireas mo dhóthain cheana do Phaid Shéamais an lá a bhíos ’n-a threo agus, dar ndóigh, óm’ úncail Diarmaid lá na muc agus gan mórán achair roimis sin ann.

Ar sheasamh ar bharra an chalaith dhom do ghaibh Diarmaid aníos tar éis cliabh éisc a chur go dtí an t-uisce dho.

“A’ bhfuileann tú a’ dul ’on Daingean?” ar seisean liom-sa.

“Bhíos meáidhte air,” arsa mise.

“Cad tá mar sin ort ná faghfá ullamh tu féin?” ar seisean. “A’ bhfuil iasc ná faic agat le breith leat?”

“Bhí leath-chéad pullóg agam le breith liom ach níl aga agam iad a chur le chéile anois, ná fuil gach nduine agaibh-se ullamh anois,” arsa mise.

“Gread leat go diair agus faigh ullamh iad agus fanfaidh an bád leat,” ar sé.

Fé mar dubhart cheana dob’ fhearr Diarmaid ná an chuid eile go léir. Níor chuir an chuid eile chugham ná uaim cé go raibh an méid a bhí ag dul innte gaolmhar dom.

Do phreabas gan mhoill. Fuaireas ullamh mo chuid éisc. Dhá théadán do bhí agam. Thug buachaill eile ceann de sna birt chugham agus do bhí an saothar go léir déanta i leath-uair agam. Do bhí an bád ar snámh agus í ullamh réidh romham. “Dar Muire!” arsa Diarmaid, “ní rabhais-se i bhfad.” Tógadh isteach na birt agus as go bráth linn go Daingean Uí Chúise.

Do bhíodh mná an uair seo se shíor ag an gcé gurbh’ainm dóibh hocstaerí. Ag díol is ag ceannach éisc an cheárd a bhí aca agus iad ag maireachtaint ar an gcéird sin. An uair a bhí gach ní amuich as an mbád agus an bád curtha suas do phreab na mná chugham agus níor ró fhada go raibh an [ 132 ]t-iasc ceannaithe aca uaim ar a deich is dachad an leath-chéad pullóg.

“Dar Muire!” arsa Diarmuid, “tá fiacha na dighe agat-sa go luath ó sna mná.”

“Tá, a bhuachaill,” arsa bean mhisniúil a bhí ar an gcumann, “agus do-gheobhair-se, leis, deoch. Téanam leat.”

Mar ba mhór é a dhúil ann do ghluais sé i n-éineacht liom-sa agus do chuamair i n-aon tigh amháin. Do dhíol na mná amach gach pinginn liom agus nuair a fuaireas an t-airgead do chuireas ceist “cad a bheadh aca?”

“Á, beidh deoch agaibh-se uainn-ne ar dtúis,” arsan bhean so aríst.

Do ghlaoidh sí ar deoch agus do dhíol aiste go tapaidh. Is orm-sa do chuaidh an tarna deoch gan amhras—fear an airgid a dhéanamh, agus do chuaidh an tríú deoch ar Dhiarmaid, mar cheannuigheadar an t-iasc uaidh sin leis.

Do bhí trí dheoch ólta agam féin agus age Diarmaid annsan agus mar bhí an t-imeacht craiceálta i gcomhnaidhe fé sin ba dhóigh leat air go raibh sé ag ól le ráithe. Do bhuaileamair síos chun na slipe annsin mar a raibh an bád gan feistiú fós.

Ní rabhamair ach ann nuair a ghlaoidh m’úncail, Tomás, orm féin teacht i n-éineacht leis go fóil mar go raibh an dá chaora gan díol aige.

“Raghad,” arsa mise.

“Dar Muire!” arsa Diarmaid, “tá comh maith agaibh an bád a chur ar sábháilt. Tá an lá mall agus beidh fear agaibh soir siar go lá aríst agus b’fhéidir gur b’é an t-uisce bhéarfadh leis í.”

“T’anam do’n bhFear Mór!” arsa Tomás, “nach breagh nár fhanais féin timcheall a’ bháid nó go raibh do ghnó déanta agat; agus coimeád anois í nó leig uait í, a theallaire!”

Dubhart cheana insa scríbhinn seo go raibh siolla beag de’n ngaoith ag teacht im’ choinne ó’n lá do chuir an file agus a [ 133 ]chuid amhrán siar óm ’ chuid móna do bhaint me agus go h-obann ’n-a dhiaidh sin nuair a dhírigh na mná óga orm.

An uair a thug úncail dom “teallaire” ar an úncail eile dhom b’fhuirist aithint ná beadh an lá san ’n-a shaoire ná ar mo fraec agam, go mór mór ó bhí an deoir leanna caithte ag an bhfear aca ná raibh mór-fhód ó thúis air. B’fhíor dom mar gan ró mhoill do bhí Tomás buailte i bpoll na cluaise aige le dorn fallsa.

Do thóg an buille sin an laoch Tomás ó n-a bhonnaibh agus do chuir de dhruim na gcaorach ar shlait a dhroma é ach nuair a ghaibh sé a bhuinn arís do dhein sé fé Diarmaid agus mara mbeadh mná an éisc do bheith timcheall san am san do bheadh Diarmaid ar an saoghal eile aige agus mise ’na dhiaidh mar gan dabht do thuitfinn le Diarmaid a shaoradh fé mar thuiteas roimis sin leis i bpoll a’ róin—ach a rádh gur mhaireas.

An uair a stop an cath sé an chéad rud a dheineas ná na mná do ghlaodhach liom agus braon beag eile do thabhairt dóibh. Bhí Diarmaid rithte i dtigh éigin soir an uair seo agus níor mhór liom san do. Do strac na mná mo chuid éadaigh chun go mbeadh deoch agam uatha ach ba lag liom é thógaint uatha thar n-ais insa lá céadna. Bun eile do bhí agam leis—bhí ’fhios agam ná beadh mo ghaolta ró mhór istigh le chéile ar a’ bhfuadar a bhí fútha agus ná beadh gnó againn ar fad bheith ’ár ngioltáin, go mór mór an aimsir bheannaithe gur thugamair ár dturus mar onóir di.

Ar scarúint leis a’ dtigh sin dom, leis an intinn sin, ar amharc dár thugas insa tsráid go rabhas cad a chífinn ná Tomás agus dhá rangartach búistéara d’iarraidh na gcaorach a bhaint de ar an méid ba mhaith leo féin a thabhairt do.

Do ghéaruigheas go mear ’n-a dtreo agus ar theacht suas leis an úncail dom do bhí gach aon dath sa spéir air. Do ghoin an obair do bhí ar siubhal go mór me agus ní raibh aon aithne ag an dá rógaire orm, ní raibh ’fhios aca ná gurbh ó’n dtuaith me. Do bhí téadán nua ar na caoire age Tomás [ 134 ]agus do bhí lámh leis gearrtha ag an dtéadán an uair seo aige d’iarraidh gan na caoire scaoileadh leis an mbeirt.

Ní raibh an mí-ádh riamh ar na búistéirí go dtí mise theacht ar an bhfód mar do cheapadar gur dailtín ó’n dtuaith do rith isteach me agus gur ’na bhfabhar féin do bheinn.

“Bog a’ téadán ded’ láimh agus tabhair domh-sa é,” arsa mise leis. Do dhein sé amhlaidh go tapaidh. “Cosain-se mise agus na caoire anois agus ní foláir má tá mianach do réir cumais ionnat nach mór an nath agat an dá shlibire diail sin.” Is dóigh liom gurbh’ é seo am ba mhó go raibh fearg orm ó thána ar an saoghal ná ó shin anuas.

Dob’ í an chos do chuir Tomás ag obair ar dtúis agus do léim an slataire búistéara i leath-taoibh. Do bhuail an chic ceann des na caoire agus do dhein stiúda marbh di! Do bhí an scéal ’na thúrlamáboc annsan againn. Theich na búistéirí. Do bhí scian im’ póca agus do phreabas agus do tharrigeas a cuid fola. Anois nó riamh ní raibh an t-úncail sásta. Caora leis gan díol, caora leis marbh agus, rud eile, ba mhó aige scilling ná ag an mbeirt eile úncailí púnt. Do bhí a chroidhe céasta ach fuair athair na mbúistéirí óga amach cad a dheineadar agus thug sé oiread ar an gcaora mhairbh leis an gcaora bheo.


D’fhágas annsan fear na gcaorach agus do bhuaileas soir fén sráid agus do bhuail fear agus beirt liom ag déanamh a ngnótha agus san ’á dhéanamh aca go tiugh tapaidh mar do bhí deabhadh ortha chun dul abhaile arís toisc an lae a bheith breagh.

Do bhí Liam gan feiscint fós uaim agus Paid Shéamais, fear mo dhriféar Cáit. Do bhuail Liam liom i dtigh leanna, tigh Mhuirisín Bháin. Cara fíor-Ghaedhealach dúinn dob’ eadh é. Dhá phaca olla do bhí age Liam, iad díolta aige agus a leór-dhóthain ólta aige.

“Dird isteach agus bíodh braon de’n stuif seo ’gat,” [ 135 ]ar seisean liom-sa. Lionn dubh do bhí aige féin ’á shlugadh ar nós bó ag ól uisce.

“Cuir gloine biotáile chuige seo,” ar seisean. “Is dóigh liom nach maith leis an rud dubh so.”

Do dhein an fear istigh san. Bhí cúigear eile fear timcheall Liam an uair seo agus iad ag cainnt le ’chéile ’s ag ól. Do chuala breis cainnte lasmuich agus do dhruideas chun a’ dorais féachaint cad a bhí ann. Cad a bhí le feiscint agam ná beirt phóilíní agus fear ag dul go dtí an príosún aca; agus ar fhéachaint géar dom cé bheadh ann ná Paid Shéamais.

Do chasas isteach agus d’innseas mo scéal d’fhear an tsiopa. “Níl fagháil amach air, pé scéal é, go dtí n-a deich a chlog anocht,” ar seisean. Gan mhagadh ná bréag bhíos leath-chraiceálta ar chloisint an scéil sin dom—criú an bháid againn-ne imithe gan chrích san am san—fuireann an bháid eile ullamh chun teacht abhaile agus tráthnóna aoibhinn aca chuige.

Bheirim buidheachas mór le Dia indiu agus an lá san nár dheineas an rud a bhí beartaithe agam a dhéanamh an uair sin, sé sin suidhe síos agus mo dhóthain d’ól. Do thuigeas dá mbeadh san déanta agam nach foláir nó go dtiocfadh an saoghal comh bog orm leis an muinntir a bhí amhlaidh. Do bhí cúis agam bheith cráidhte: an bád a bhí i n-éineacht linn imithe abhaile agus criú mo bháid-se agus leaghadh chubhar na h-abhann ortha, triúr dritheár aca craosálta le digh, fear aca i bpríosún, beirt eile bhí innti ná feaca i rith an lae ná fós—duine go dtugaimís “Kerry” air—agus slataire óg go raibh gaol aige leis.

Thugas m’aghaidh ar ché an chuain agus díreach seadh bhí an bád eile casta amach ó’n slip. D’fhágadar slán agam-sa agus do leigeas mo bheannacht leo. Do bhí an tráthnóna go h-aoibhinn an uair seo cé ná raibh deagh-chuma ar an spéir.

Ar chasadh ó’n gcé dhom cé bheadh im’ choinne anoir ná [ 136 ]“Kerry” agus ualach d’olainn chárdálta thiar ar a dhrom aige.

“Cad as gur thugais an olann san?” arsa mise.

“Anoir ó Mhuileann an Tuairgín,” ar seisean.

D’innseas do go raibh an bád eile imithe abhaile.

“Tá, an eadh?” ar seisean. “Má tá, ’mhuise, ní bhainfidh sí an tigh amach. Is dócha go bhfuil do chuid nithe ar fad curtha le chéile agat-sa.”

“Níl ná luach réil ceannaithe agam.”

“Is maith an t-am fós é; is fada as so go dtí n-a deich a chlog.”

“D’réir deáraimh níl aon náire baint leat-sa ach oiread leis a’ gcuid eile aca,” arsa mise leis. “An bád eile dulta abhaile agus sinn-ne annso agus b’fhéidir seachtain ó indiu sara mbeadh sé ’ár gcumas é fhágaint.”

“Beam-na age baile comh luath leo san,” ar seisean. “Gluais annso isteach go mbeidh braon againn agus beam ag cur gach ní le n-a chéile annsan agus beidh siad ullamh againn chun seoladh siar tar éis an chéad Aifrinn amáireach.”

Ar chlos na cainnte sin dom tháinig atharú mór ar m’aigne. Fáth agam leis—an chainnt seo d’fhuaimeant do chlos ó’n bhfear so agus teist an stráille gan éifeacht ag an gcuid eile de chriú an bháid air, agus iad féin ar gealtaighe insan am san. Do chuamair isteach. Dheineamair rudaí a cheannach ann, triúr againn, agus nuair a bhíomair réidh thug fear an tighe deoch uaidh féin dúinn. Bhuaileamair soir annsan agus cé bheadh ár gcoinne anoir ná fear an phríosúin, Paid Shéamais.

“Dia ’s Muire dhíbh,” ar seisean.

D’fhreagair Kerry an beannachadh. Bhí a chainnt ag leathadh fós ar Phaid. Muirisín Bán d’fhuascail é.

Do bhí na trí réicí gan feiscint fós uaim. D’fhágas annsan an triúr eile agus níor stadas nó gur bhaineas amach tigh ár gcarad, sé sin Muirisín Bán, mar ar ghnáth leo bheith. Do bhí an triúr ann agus do scoiltfeadh gach siolla do [ 137 ]leigidís as a mbéal ceann práis. Do bhí oiread san de chonac dighe ortha gurbh’ olc a dheineadar me aithint nó gur labhras.

“Nach tu san,” arsa Diarmaid craiceálta.

“Táim ann,” arsa mise leis. “A’ bhfuil aon chrích fós ort ach mar fhágas cheana thu?”

“Tá, a bhuachaill! Nach maith a’ chrích an bolg a bheith lán,” ar seisean. “A’ bhfeacaís Kerry agus an slataire eile ó mhaidean?”

“Do chonnac agus ní deárthach leat-sa é,” arsa mise.

“Dhé, dar ’anam ’on diabhal, níor dheárthach liom-sa riamh an spadalach!”

“A’ bhfuil criú an bháid eile ullamh fós?” arsa Tomás.

“Is giorra do leath-slí chun a’ tighe anois iad,” arsa mise leis.

Ar chloisint na cainnte sin do Dhiarmaid cuireann sé a cheann ’on doras, féachann sé anáirde ar an spéir agus ar na réilthíní ar feadh tamaill agus casann isteach. “Dar Muire, ’mhuise! ’óigfhir,” ar seisean, “is bád í sin ná bainfidh a calath féin amach ar a’ slí go bhfuil a’ spéir ag dul trí ’chéile anáirde.”

Ar chloisint an scéil sin dom ó dhá údar fairrge, dar liom, d’fhágas an tigh go rabhadar amach agus do chromas ar bheith ag siubhal na dtighthe liom gur mhaith liom coróin agus leath-choróin d’fhágaint ionnta mar bíonn súil na siopadóirí anáirde timcheall na saoire i gcomhnaidhe chun scillinge dh’fhágaint aca. Níor stadas go bhfuaireas me féin ullamh ionnta.

Go maithidh Dia dhom é, is chuige thugas an ruail sin—mara mbeadh an mhaidean a bhí chughainn go breagh—go ngeobhainn siar de bhóthar agus go bhfágfainn annsan i dteannta chéile lucht na dighe mar do bhí ’fhios agam nach go bog a chuirfidís le ’chéile faid a bheadh aon rud sa phóca.

Do bhíos gan greim ó fhágas mo thigh féin an mhaidean san agus gach duine eile aca mar me. Do bhaineas tigh bidh amach. [ 138 ]Do chaitheas béile ann. Nuair a bhuaileas amach arís do bhí na soillse ar lasadh agus chuas ar thuairisc mo cháirde. Bhíodar go léir bailithe i dteannta ’chéile sa tigh céadna—an triúr úncailí, Paid Shéamais, Kerry agus an slataire. Do bhí máilín bán ar oscailt ag gach nduine aca agus fear an tsiopa strupálta ag tómhas té, siúicre, agus gach ní eile bhí ag teastáil uatha. Do líonadar na málaí. Cloch phlúir, cloch go leith agus dhá chloich age fear. Lón beag a bhíodh ag teacht an uair úd agus thógadar so gach a raibh uatha sa tigh sin. Annsan do bhuaileamair amach go tigh an ósta.

Fear aca do chaith greim agus beirt nár dhein. Sé Kerry agus an slataire do bhí ar aon leabaidh liom-sa agus ní rabhamair ach sínte an t-am gur shéid an oidhche clagarnach agus gaoth.

“A’ gcloiseann tú air seo, a bhuachaill?” arsa Kerry; “an dóigh leat an fada siar an bád san am so?”

“Timcheall Cuan Fionntrágha,” arsa mise.

“Má tá san bainte amach aca ní ceart dóibh gearán.”

I bhfaid ’s i ngéire do bhí an oidhche ag dul agus cé nár leigeas orm leo-san é do bhí scannradh i dtaobh an bháid a bhí imithe orm. Níorbh’ iongantas san dom mar do bhí a thuille dem’ ghaolta innti; agus rud eile, mara mbeadh aon ghaol liom innti is minic a ghoillfeadh comharsain mhaithe ar dhuine. Níor ró fhada go raibh an tigh ’á shuathadh insa tslí nár thuit néal ar an triúr againn gur gheal sé anoir ar maidin agus ar a bheith chun eolais, le gileacht, do’n lá tháinig sánas air agus do chuaidh an ghaoth chun na talmhan insa phoinnte díreach de’n chompás go mbeadh cóir seoil againn ó ché an Daingin go calath an Bhlascaeid. Do chaitheas amach as an leabaidh me féin agus chuas de’n ráib sin amach ar an sráid. D’fhéachas ins na cheithre h-árdaibh. Bhí an spéir ’n-a sort tar éis an tórmaigh sin a chur di ar nós díreach na ndrúncaeirí a bhí istigh i dtigh an ósta nár bhraith síon na h-oidhche ná fós an lá ag teacht.

Do phreabas isteach arís agus do chuas mar a raibh mo [ 139 ]leabaidh mar bhí leath mo chuid éadaigh fós ann agus fiú amháin gan me dulta ar mo ghlúine ag tabhairt buidheachais le Dia do chuir síon na h-oidhche tharm agus a thug solus an lae bheannaithe go breagh dhúinn.

“Tá an lá go breagh,” arsa mise le Kerry.

Do bhí muinntir an tighe ag múscailt láithreach, cuid aca le bheith ag an chéad Aifreann. Is é Kerry agus an slataire an chéad bheirt a bhuail anuas chugham agus dubhairt sé liomsa an chuid eile a mhúscailt. Dubhart leis pé duine a raghadh ’á múscailt nach me féin é, nár bhe’ liom a bhfeaca indé dhíobh agus gan a bheith ag caitheamh an lae indiu ar an gcuma gcéadna. Ar an gcainnt do bheirt againn le chéile cé gheobhadh an staighre anuas ach Paid Shéamais.

“Dia dhíbh, a bhuachaillí,” ar seisean.

Fear an tighe d’fhreagair é.

“Connus tá an lá?” arsa Paid.

“Cóir abhaile, ’bhuachaill!” arsa fear an tighe.

Do chas Paid anáirde arís ag glaodhach ar an gcuid eile agus ní ró fhada go rabhamair le n-a chéile. Thug Diarmaid órdú do bhean an tighe gach aon rud a bheith ullamh aici ar an mbórd le linn teacht ó’n Aifreann dúinn, go mbeadh na seolta ’á árdú fé’n “gCollach Dubh” comh luath agus bheadh an biadh caithte.

Do bhí gach aenne ag bailiú chun an Aifrinn agus an uair a bhí sé ráidhte do chaitheamair ár gcuid bídh agus do bhuaileamair amach. Thugamair gach ní siar chun an chalaith, buaileadh síos an bád agus buaileadh gach ní ar bórd. Tugadh a deire do thír agus a tosach do mhuir, buaileadh anáirde na seolta agus cóir go slachtmhar siar linn.

Níor bhain sé a lán aimsire den “Chollach Dubh” Cuan Fionntrágha do bhaint amach. Ar ghabháil treasna an chuain sin súil d’ár thug fear idir sinn ’s an talamh—“Tá bád eile chughainn amach,” ar seisean.

Thugas féin géar-amharc uirthi agus d’aithnigheas na seolta [ 140 ]go tapaidh. “Sin í an bád d’fhág an Daingean araer,” arsa mise.

Do crothadh suas chun na gaoithe an “Collach Dubh” nó gur tháinig sí ar comh-uisce linn agus dob’ í bhí ann go díreach. D’innseadar dúinn mar thuit amach dóibh agus nárbh’ fhiú coróin a raibh d’earraí innti mar gur ghaibh an fhairrge mhór lastuas díobh agus mara mbeadh go raibh an cuan sroichte aca roimis an scríb ná feicfí aon duine aca go deo arís.

Do scaoileamair an dá bhád le ’chéile fé na cheithre cinn de sheolta agus cóir ghlan againn gur shroicheamair calath an Bhlascaeid. Do bhí gach bean, leanbh agus páiste annsan romhainn. Tógadh abhaile na maingisíní ar fad agus do bhí scéal an bhaile mhóir annsan ar siubhal againn ar feadh cúpla lá.

Do bhí cúig buidéal biotáile agam, ceann ó’n bhfear so, ceann ó’n bhfear úd, ceann a dheineas a cheannach. Níor dheacair dom san an uair úd. Leath-choróin an buidéal a bhí air. Bhí rísíní, coinnle agus a lán milseán piocaithe age muinntir an dá bháid ó’n nDaingean leo. Do bhí teine mhaith an bhliain chéadna ann agus prátaí, leis, agus a n-annlan éisc.

Do dheineas tagairt cheana do’n chuimhne bhí agam ar an am ná raibh ach aon oighean amháin san oileán so. Do bhí trí nó ceathair de cheannaibh an bhliain seo atáim a rádh ann agus má bhí ní rabhadar díomhaoin.

Lár-na-mháireach do bhí oighean age m’ mháthair aca agus í ag obair go tiugh mar ná raibh ach seachtain idir sinn agus Oidhche Nodlag agus bhí ceithre bullóga le déanamh aici i dtómas an tighe. Ní raibh ach na bullóga déanta againn an t-am gur bhuail an t-úncail isteach, sé sin Diarmaid. Turus a bhí tabhartha ’on dtráigh aige. “M’anam ó’n diabhal, go bhfuil mo bhalcaisí ag tuitim díom gan greim ná bolgam a dhul im’ chorp ó fhágas an Daingean,” ar seisean.

Tháinig truagh agam do agus do chuas go dtí bosca do bhí [ 141 ]agam agus thugas buidéal liom agus cupa agus do shíneas chuige. Do shluig siar é gan a anál a tharrac.

“Muise go gcuiridh Dia rud éigin chugham go ndéanfad é chúiteamh leat,” arsa Diarmaid.

“Croch braon uisce,” arsa mise lem’ mháthair, “agus dein braon té dho agus tabhair cannta do’n bhullóig do. Do dhein sé roilleán do féin le digh sa bhaile mhór.”

“Ó, i gcúntais Dé leigidh dom féin,” arsa Diarmaid “táim ar mhuin na muice age ’n gcupa san.”

Cé gur minic roime sin do bhí greann ar bhraon dighe agus ar an muinntir d’óladh é dob’ é seo an braon ba mhó do bhain sult riamh asam-sa ná ó shin anuas.

Do ghaibh an braon trés gach féith leis de gheit mar do bhí an creatlach cuirp do bhí aige insan am so comh seang le h-eascú a bheadh i bpota ó Luan go Luan. Ní bheinn-se ró bhuidheach dem’ mhargadh dábur i dtúis lae a thabharfainn an cupa dho mar go mbeadh gnó an lae sin ó dhéanamh agam gan amhras agus ní orm-sa amháin ach ar gach nduine a bheadh i gcumas é chlos ná a fheiscint. Ní raibh faic sa scéal ach ná dubhairt aenne go raibh sé i ngádh é cheangal.

Ar chur mo chinn thar doras dom féin cad a bheadh lasmuich dho ná garsún le Diarmaid agus é ag pusaoil ghuil.

“Cad tá ort, a Sheáinín?” arsa mise leis.

“Mo dhaid atá bhuam,” arsa Seáinín.

“Ó! tair isteach, a bhuachaill. Tá sé annso istigh agus é Márta a trí agus é ag faire ar phósadh aríst. Is amhlaidh atá sé ag faire ar imeacht ód’ mháthair ar fad. Is dócha go bhfuil sí ad’ chur-sa ’n-a dhiaidh.”

Is chuige dubhart an méid sin leis an ngarsún chun go mbainfinn an ghruaim de, mar dob’ é an té go bhfeaca air riamh í ba mhó ba thruagh liom. Thugas an garsún os a choinne amach ar láimh liom.

“An leat an garsún so?” arsa mise leis an réic.

D’fhéach sé air.

“Is liom agus ní liom,” ar seisean.

[ 142 ]“Táimíd comh dall agus bhíomair riamh,” arsa mise arís leis.

“Dhera, a dhuine, ná ficeann tú nach liom-sa chuaidh sé. Ní h-í an tseithe reamhar bhuidhe sin a bheadh air dábur liom-sa a raghadh sé i n-ionad dul leis an amalóig bhuidhe do mháthair do.”

“Is dóigh liom,” arsa mo mháthair leis, “nár chuaidh aon duine ’ca leat féin ach leis an máthair iad uile.”

“Ná an diabhach duine dabúr liom a bhfuil ar an mbaile aca!” arsa Diarmaid an tseóidh.

Phreabas im’ shuidhe agus thugas stiall de bhullóig do’n ngarsún agus dubhart leis dul abhaile, go bhfanfadh a athair annso tamall eile de’n oidhche. Ní raibh ach an garsún curtha agam uaim san am gur bhuail bean an doras isteach agus cé bheadh ann ach mo dhrifiúr Cáit. Do bhain san ana-gheit as mo mháthair mar do cheap sí gur rud éigin a bhí ar dhuine de sna páistí mar nár ghnáth léi seo teacht ach go fánach.

“Do sheol rud éigin tusa chughainn comh déanach so,” arsa mise léi.

“Paid Shéamais ná braitheann ró mhaith. Ó dh’fhág sé an Daingean fós tá sé gan aon ghreim a dhul ar a chroidhe, agus lán na spíonóige do bhiotáile thug me,” ar sise.

“Nár thug sé féin aon deóir leis ’n-a bhóthar?” arsa mo mháthair.

“Níor thug ná faic eile ’mhuis,” ar sise.

“Cad a thabharfadh sé sin leis?” arsa Diarmaid ‘craic,’ “duine bhí gan aon taimilt i nDaingean Uí Chúise ó fhág sé an tigh gur bhain sé amach arís é.”

“Is dóigh le fear na buile gurbh’ é féin fear na céille,” arsa mise.

Do bhí deabhadh ar Cháit. Chuas go dtí an buidéal. Ní raibh aici sin ach tuairim plaoisc uibh d’árus ar eagla go gcuirfeadh sí mise ó’n dtigh le n-a n-iomarca iarraidh. Fuaireas buidéal cnagaire agus do líonas é. Do bhuail sí uaim an [ 143 ]doras amach go buidheach beannachtach. Do chasas arís ar Dhiarmaid leis an mbuidéal leath-fholamh.

“Ó, scoltadh an bhurdáin go ndeinidh sé orm má bhlaisim é!” ar seisean; “fuaireas mo dhóthain do i n-éineacht.”

Do chuireas gloine i lámh m’athar agus dubhart leis í choimeád dom. Timcheall leath-ghloine do leig sé innti. Do bhlais mo mháthair é agus is sin a raibh ann. Do líonas an gloine chugham féin—an chéad bhlaiseadh ó fhágas an Daingean. Do líonas thar n-ais an gloine agus shíneas chun fear an tseoidh í.

“Ó!” ar seisean, “tar éis na móide.”

“Dhera, dar ndóigh níl aon bhun leis a’ mburdán san, ’amadáin,” arsa mise, “ach nath atá i mbéal na ndaoine.”

“Mhuise, dar Muire! is dócha é,” ar seisean, agus do scaoil siar í.

D’fhan sé againn nó go raibh sé i n-aimsir chodlata go h-árd. Ní raibh ’fhios age m’ mháthair gur chuas-sa sa chúntúirt leis i bpoll an róin go dtí an gloine dhéanach so agus is é an chéad rud a dhein sí dul ar a glúine agus buidheachas a bhreith le Dia a thug saor an bheirt againn. Níor chuir m’athair an tsuim sin ar fad sa scéal.

An uair a bhí an biadh caithte againn do bhuaileas féin amach agus do chuas ar thuairisc Phaid Shéamais. Dubhart liom féin go mbeadh pas beag eile grinn agam air sin leis. Ní raibh sé i bhfad ó’n dteine agus casóg caithte aniar ar a shlinneáin, a phíp ’n-a bhéal aige agus gan innti ach an luath. Chuireas ceist air an raibh sé ag dul i bhfeabhas.

“Táim, agus ní bheadh aon mhaith go deo orm mara mbeadh an braon úd.”

“Ba dhóigh liom ná fuil faic sa phíp agat.”

“Níl ná é agam le cur innti, ’mhuise, a Thomáis Criomhthain, a bhuachaill,” arsa Paid. “Tá ana-mhilleán agam ar dhroch-ghloine bhiotáile dh’ólas an lá chuamair ’on Daingean.”

“Is dócha go raibh a thuille thiar ’n-a theannta ’gat.”

[ 144 ]“Ó! bhí chúig ghloine ólta agam an uair a cuireadh isteach ’on phríosún me,” arsa Paid.

D’fhágas annsan Paid an diailbhuidhe (ní fearra dhom ainm a thabharfad air); tar éis teacht abhaile dho ó Dhaingean Uí Chúise gan faic chun a pháistí ag teacht abhaile dho ach an déirc, agus seachrán ar a shláinte ’n-a theannta san agus gan é de chuma air go mbeadh sé ’n-a fhear mhaith amáireach ná umanathar. Ar theacht go dtí m’ thigh féin dom do bhí mo phíobaire fós romham, gan staonadh ar a ghuth, gan ciach cainnte air, gan tuirse siubhail air, gan teip teangan ná ceal goile an uair seo, is dóigh liom. Do bhí mo mháthair síos suas an t-úrlár ag feistiú an teinteáin le h-aghaidh dul a chodladh an uair sin.

“Dar Muire!” arsa Diarmuid léi, “ba chirte dhuit seibinneach mná óige do thabhairt chun do mhic ná bheith síos suas go deo mar sin tu féin.”

“Ní mise atá ’á gcoimeád uaidh,” ar sise. “B’fhearr liom go mbeadh sí ar maidin aige. Ach is dócha nach comh bog san iad d’fhagháil,” ar sise arís.

“Dhera th’anam ó’n ndiabhal, ná fuil cúigear ban thiar san Inis ag caitheamh na spur ’n-a dhiaidh seo nach fios dóibh ciaca ’ca go sméidfar uirthi chun gluaiseacht!” agus tar éis na píopaireacht go léir feadh na h-oidhche do bhí a ghuth an uair seo comh beo-ghlan, comh h-aibidh le fear ar árdán gurbh’ é an chéad abairt aige é.

Do bhí amhras caithte agam féin ar an réic, nuair a chonnac chugham go luath insa tráthnóna é, ná fágfadh sé an tigh go gcuirfeadh sé ar bun an sórt so mar do bhí luadaráil ar fuaidh an bhaile i rith na bliana roime sin cé phósfadh agus cé ná pósfadh. Rud eile, do bhí saghas feasa agam ó aimsir na muc roime sin go raibh sé féin agus bean aosta na h-Inise ag cur an tsaoghail tré n-a chéile mar gheall ar an scéal agus gan amhras do gheall sé dhi go gcuirfeadh sé féin an scéal ar bun.

Is mise ná raibh mí-bhuidheach dá chuid allagair san am so, [ 145 ]go mór mór dábur dhóigh liom go raghadh an scéal chun cinn; mar, chun na fírinne ’rádh, is ann a bhí mo chrann féin le n-a linn sin.

“Ach,” arsa mo mháthair ag déanamh athnuachtaint ar an gcainnt, “tá sé seo óg go leór fós agus fós eile.”

“A’ bhfuil sé a lán aoise anois?” arsan réic.

“Dhá bhliain is fiche trí lá roim Nodlaig seo déanamh orainn,” ar sise.

“Dhera, ’bhean bheag, cad a bhíos-sa ach fiche bliain lom, an uair a shroicheas an cheirthlín bhuidhe sin thoir agam agus níor mhaith a’ s’nuachar í,” ar seisean.

“Is dócha,” arsa mise ’á fhreagairt, “gurbh’ fhearr í ná tu féin. Is tusa an fear fuar ar bheith as baile dhuit agus is fada gur thugais aon ní cóir abhaile chun na mná boichte agus tu féin ’á chaitheamh go h-aindis.”

“Dhera mo thruagh thu, ’amadáin! Ní bhím-se comh caithteach agus bhím bagarthach,” arsa Diarmaid craiceálta.

“Buail bhuam amach i n-ainm Dé agus na Maighdine Muire!” arsa mise leis, “nó a’ bhfuil aon éileamh ar do bhothán féin agat ná ar dhul a chodladh dhuit nó a’ bhfuil aon eagla ort go mbeidh an cheirtlín bhuidhe imithe uait?”

Do chuir sé drannadh gáire as. “Ó!” ar seisean, “is beag a’ baoghal!”

Preabaim amach le bosca go raibh dorn prátaí ann chun an asail. Chaitheas punann, leis, chun na bó agus gamhain a bhí ann. Dubhairt m’athair liom san do dhéanamh. Gnó m’athar féin na neithe sin ach gur chuir píopaireacht an fhir istigh siar ó n-a dhéanamh an oidhche sin é.

Ar chasadh isteach dom do bhí sé fós ’n-a sheasamh i lár an tighe agus é ag deimhniú do’n bheirt aosta go raghadh cabhair na mná óige go maith dhóibh agus comh fada agus a thuig sé féin ná raibh aon droch-mhianach i n-inghean so na h-Inise. Cé go raibh gotha simplidhe air ag cur na cainnte as do bhí cuid de gach comhairle le bheith ’n-a fhabhar féin. Do bheadh an tigh go léir aige, dar ndóigh. B’í a dhrifiúr féin bean [ 146 ]aosta an tighe agus í seo anois go mbeadh sé féin tar éis í sholáthar ní ’n-a choinne bheadh sí, ní foláir. Is minic roimis sin, agus fós, a chuir duine gotha simplidhe air féin ar mhaithe leis féin agus ba mhór é m’amhras go raibh cuid de rógaireacht bheag mar sin ag baint le Diarmaid san am san.

B’éigean dom breith ar ghualainn air agus é sheoladh an doras amach. Do chas sé isteach arís agus dubhairt sé: “Tá moltachán mór le marbhú agam Oidhche Nodlag agus do gheobhair-se leath bhuam”; agus do bhuail sé an doras amach agus do bhí sé i n-am codlata go maith an uair sin.