“Kerry” agus ualach d’olainn chárdálta thiar ar a dhrom aige.
“Cad as gur thugais an olann san?” arsa mise.
“Anoir ó Mhuileann an Tuairgín,” ar seisean.
D’innseas do go raibh an bád eile imithe abhaile.
“Tá, an eadh?” ar seisean. “Má tá, ’mhuise, ní bhainfidh sí an tigh amach. Is dócha go bhfuil do chuid nithe ar fad curtha le chéile agat-sa.”
“Níl ná luach réil ceannaithe agam.”
“Is maith an t-am fós é; is fada as so go dtí n-a deich a chlog.”
“D’réir deáraimh níl aon náire baint leat-sa ach oiread leis a’ gcuid eile aca,” arsa mise leis. “An bád eile dulta abhaile agus sinn-ne annso agus b’fhéidir seachtain ó indiu sara mbeadh sé ’ár gcumas é fhágaint.”
“Beam-na age baile comh luath leo san,” ar seisean. “Gluais annso isteach go mbeidh braon againn agus beam ag cur gach ní le n-a chéile annsan agus beidh siad ullamh againn chun seoladh siar tar éis an chéad Aifrinn amáireach.”
Ar chlos na cainnte sin dom tháinig atharú mór ar m’aigne. Fáth agam leis—an chainnt seo d’fhuaimeant do chlos ó’n bhfear so agus teist an stráille gan éifeacht ag an gcuid eile de chriú an bháid air, agus iad féin ar gealtaighe insan am san. Do chuamair isteach. Dheineamair rudaí a cheannach ann, triúr againn, agus nuair a bhíomair réidh thug fear an tighe deoch uaidh féin dúinn. Bhuaileamair soir annsan agus cé bheadh ár gcoinne anoir ná fear an phríosúin, Paid Shéamais.
“Dia ’s Muire dhíbh,” ar seisean.
D’fhreagair Kerry an beannachadh. Bhí a chainnt ag leathadh fós ar Phaid. Muirisín Bán d’fhuascail é.
Do bhí na trí réicí gan feiscint fós uaim. D’fhágas annsan an triúr eile agus níor stadas nó gur bhaineas amach tigh ár gcarad, sé sin Muirisín Bán, mar ar ghnáth leo bheith. Do bhí an triúr ann agus do scoiltfeadh gach siolla do