Page:An t-oileanach.djvu/147

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

leigidís as a mbéal ceann práis. Do bhí oiread san de chonac dighe ortha gurbh’ olc a dheineadar me aithint nó gur labhras.

“Nach tu san,” arsa Diarmaid craiceálta.

“Táim ann,” arsa mise leis. “A’ bhfuil aon chrích fós ort ach mar fhágas cheana thu?”

“Tá, a bhuachaill! Nach maith a’ chrích an bolg a bheith lán,” ar seisean. “A’ bhfeacaís Kerry agus an slataire eile ó mhaidean?”

“Do chonnac agus ní deárthach leat-sa é,” arsa mise.

“Dhé, dar ’anam ’on diabhal, níor dheárthach liom-sa riamh an spadalach!”

“A’ bhfuil criú an bháid eile ullamh fós?” arsa Tomás.

“Is giorra do leath-slí chun a’ tighe anois iad,” arsa mise leis.

Ar chloisint na cainnte sin do Dhiarmaid cuireann sé a cheann ’on doras, féachann sé anáirde ar an spéir agus ar na réilthíní ar feadh tamaill agus casann isteach. “Dar Muire, ’mhuise! ’óigfhir,” ar seisean, “is bád í sin ná bainfidh a calath féin amach ar a’ slí go bhfuil a’ spéir ag dul trí ’chéile anáirde.”

Ar chloisint an scéil sin dom ó dhá údar fairrge, dar liom, d’fhágas an tigh go rabhadar amach agus do chromas ar bheith ag siubhal na dtighthe liom gur mhaith liom coróin agus leath-choróin d’fhágaint ionnta mar bíonn súil na siopadóirí anáirde timcheall na saoire i gcomhnaidhe chun scillinge dh’fhágaint aca. Níor stadas go bhfuaireas me féin ullamh ionnta.

Go maithidh Dia dhom é, is chuige thugas an ruail sin—mara mbeadh an mhaidean a bhí chughainn go breagh—go ngeobhainn siar de bhóthar agus go bhfágfainn annsan i dteannta chéile lucht na dighe mar do bhí ’fhios agam nach go bog a chuirfidís le ’chéile faid a bheadh aon rud sa phóca.

Do bhíos gan greim ó fhágas mo thigh féin an mhaidean san agus gach duine eile aca mar me. Do bhaineas tigh bidh amach.