Do chaitheas béile ann. Nuair a bhuaileas amach arís do bhí na soillse ar lasadh agus chuas ar thuairisc mo cháirde. Bhíodar go léir bailithe i dteannta ’chéile sa tigh céadna—an triúr úncailí, Paid Shéamais, Kerry agus an slataire. Do bhí máilín bán ar oscailt ag gach nduine aca agus fear an tsiopa strupálta ag tómhas té, siúicre, agus gach ní eile bhí ag teastáil uatha. Do líonadar na málaí. Cloch phlúir, cloch go leith agus dhá chloich age fear. Lón beag a bhíodh ag teacht an uair úd agus thógadar so gach a raibh uatha sa tigh sin. Annsan do bhuaileamair amach go tigh an ósta.
Fear aca do chaith greim agus beirt nár dhein. Sé Kerry agus an slataire do bhí ar aon leabaidh liom-sa agus ní rabhamair ach sínte an t-am gur shéid an oidhche clagarnach agus gaoth.
“A’ gcloiseann tú air seo, a bhuachaill?” arsa Kerry; “an dóigh leat an fada siar an bád san am so?”
“Timcheall Cuan Fionntrágha,” arsa mise.
“Má tá san bainte amach aca ní ceart dóibh gearán.”
I bhfaid ’s i ngéire do bhí an oidhche ag dul agus cé nár leigeas orm leo-san é do bhí scannradh i dtaobh an bháid a bhí imithe orm. Níorbh’ iongantas san dom mar do bhí a thuille dem’ ghaolta innti; agus rud eile, mara mbeadh aon ghaol liom innti is minic a ghoillfeadh comharsain mhaithe ar dhuine. Níor ró fhada go raibh an tigh ’á shuathadh insa tslí nár thuit néal ar an triúr againn gur gheal sé anoir ar maidin agus ar a bheith chun eolais, le gileacht, do’n lá tháinig sánas air agus do chuaidh an ghaoth chun na talmhan insa phoinnte díreach de’n chompás go mbeadh cóir seoil againn ó ché an Daingin go calath an Bhlascaeid. Do chaitheas amach as an leabaidh me féin agus chuas de’n ráib sin amach ar an sráid. D’fhéachas ins na cheithre h-árdaibh. Bhí an spéir ’n-a sort tar éis an tórmaigh sin a chur di ar nós díreach na ndrúncaeirí a bhí istigh i dtigh an ósta nár bhraith síon na h-oidhche ná fós an lá ag teacht.
Do phreabas isteach arís agus do chuas mar a raibh mo