Page:An t-oileanach.djvu/143

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

chuid amhrán siar óm ’ chuid móna do bhaint me agus go h-obann ’n-a dhiaidh sin nuair a dhírigh na mná óga orm.

An uair a thug úncail dom “teallaire” ar an úncail eile dhom b’fhuirist aithint ná beadh an lá san ’n-a shaoire ná ar mo fraec agam, go mór mór ó bhí an deoir leanna caithte ag an bhfear aca ná raibh mór-fhód ó thúis air. B’fhíor dom mar gan ró mhoill do bhí Tomás buailte i bpoll na cluaise aige le dorn fallsa.

Do thóg an buille sin an laoch Tomás ó n-a bhonnaibh agus do chuir de dhruim na gcaorach ar shlait a dhroma é ach nuair a ghaibh sé a bhuinn arís do dhein sé fé Diarmaid agus mara mbeadh mná an éisc do bheith timcheall san am san do bheadh Diarmaid ar an saoghal eile aige agus mise ’na dhiaidh mar gan dabht do thuitfinn le Diarmaid a shaoradh fé mar thuiteas roimis sin leis i bpoll a’ róin—ach a rádh gur mhaireas.

An uair a stop an cath sé an chéad rud a dheineas ná na mná do ghlaodhach liom agus braon beag eile do thabhairt dóibh. Bhí Diarmaid rithte i dtigh éigin soir an uair seo agus níor mhór liom san do. Do strac na mná mo chuid éadaigh chun go mbeadh deoch agam uatha ach ba lag liom é thógaint uatha thar n-ais insa lá céadna. Bun eile do bhí agam leis—bhí ’fhios agam ná beadh mo ghaolta ró mhór istigh le chéile ar a’ bhfuadar a bhí fútha agus ná beadh gnó againn ar fad bheith ’ár ngioltáin, go mór mór an aimsir bheannaithe gur thugamair ár dturus mar onóir di.

Ar scarúint leis a’ dtigh sin dom, leis an intinn sin, ar amharc dár thugas insa tsráid go rabhas cad a chífinn ná Tomás agus dhá rangartach búistéara d’iarraidh na gcaorach a bhaint de ar an méid ba mhaith leo féin a thabhairt do.

Do ghéaruigheas go mear ’n-a dtreo agus ar theacht suas leis an úncail dom do bhí gach aon dath sa spéir air. Do ghoin an obair do bhí ar siubhal go mór me agus ní raibh aon aithne ag an dá rógaire orm, ní raibh ’fhios aca ná gurbh ó’n dtuaith me. Do bhí téadán nua ar na caoire age Tomás