Jump to content

Page:An t-oileanach.djvu/142

From Wikisource
This page has been validated.
132
An t‑Oileánach

t‑iasc ceannaithe aca uaim ar a deich is dachad an leath-chéad pullóg.

“Dar Muire!” arsa Diarmuid, “tá fiacha na dighe agat-sa go luath ó sna mná.”

“Tá, a bhuachaill,” arsa bean mhisniúil a bhí ar an gcumann, “agus do-gheobhair-se, leis, deoch. Téanam leat.”

Mar ba mhór é a dhúil ann do ghluais sé i n‑éineacht liom-sa agus do chuamair i n‑aon tigh amháin. Do dhíol na mná amach gach pinginn liom agus nuair a fuaireas an t‑airgead do chuireas ceist “cad a bheadh aca?”

“Á, beidh deoch agaibh-se uainn-ne ar dtúis,” arsan bhean so aríst.

Do ghlaoidh sí ar deoch agus do dhíol aiste go tapaidh. Is orm-sa do chuaidh an tarna deoch gan amhras—fear an airgid a dhéanamh, agus do chuaidh an tríú deoch ar Dhiarmaid, mar cheannuigheadar an t‑iasc uaidh sin leis.

Do bhí trí dheoch ólta agam féin agus age Diarmaid annsan agus mar bhí an t‑imeacht craiceálta i gcomhnaidhe fé sin ba dhóigh leat air go raibh sé ag ól le ráithe. Do bhuaileamair síos chun na slipe annsin mar a raibh an bád gan feistiú fós.

Ní rabhamair ach ann nuair a ghlaoidh m’úncail, Tomás, orm féin teacht i n‑éineacht leis go fóil mar go raibh an dá chaora gan díol aige.

“Raghad,” arsa mise.

“Dar Muire!” arsa Diarmaid, “tá comh maith agaibh an bád a chur ar sábháilt. Tá an lá mall agus beidh fear agaibh soir siar go lá aríst agus b’fhéidir gur b’é an t‑uisce bhéarfadh leis í.”

“T’anam do’n bhFear Mór!” arsa Tomás, “nach breagh nár fhanais féin timcheall a’ bháid nó go raibh do ghnó déanta agat; agus coimeád anois í nó leig uait í, a theallaire!”

Dubhart cheana insa scríbhinn seo go raibh siolla beag de’n ngaoith ag teacht im’ choinne ó’n lá do chuir an file agus a