This page has been validated.
146
An t‑Oileánach
aosta an tighe agus í seo anois go mbeadh sé féin tar éis í sholáthar ní ’n‑a choinne bheadh sí, ní foláir. Is minic roimis sin, agus fós, a chuir duine gotha simplidhe air féin ar mhaithe leis féin agus ba mhór é m’amhras go raibh cuid de rógaireacht bheag mar sin ag baint le Diarmaid san am san.
B’éigean dom breith ar ghualainn air agus é sheoladh an doras amach. Do chas sé isteach arís agus dubhairt sé: “Tá moltachán mór le marbhú agam Oidhche Nodlag agus do gheobhair-se leath bhuam”; agus do bhuail sé an doras amach agus do bhí sé i n‑am codlata go maith an uair sin.