Page:An t-oileanach.djvu/157

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
XV
NODLAIG GHRINN

“Sin spóla agat, a bhean bheag,” Oidhche Nodlag, braon an tseoidh agus na h-amhráin, an báire comórtais, Diarmaid gearrtha, an dara báire, Tomás leointe, ceol go h-éirghe lae.

Maidean Oidhche Nodlag. “Is dócha,” arsa mise lem’ mháthair, “gur fearra dhom dul ag triall ar chaora, beag mór a bhfuil ann aca.”

“Ná téiri,” ar sise, “leig do Dhiarmaid na gaoithe. Beidh ’fhios againn an mbeidh sé do réir a chuid píopaireachta. Má mharbhuigheann sé an chaora mhór úd beidh dóthain an dá thighe innti ach tá eagla orm ná beidh sé do réir a ghothaí.”

Ba lugha an mhuinghin a bhí aici as ná bhí agam-sa go mór. Do bhí dóchas agam-sa, dá ndéanfadh sé an chaora mhór a threascairt, go ndéanfadh sé maith d’á fhocal. Búistéir déanta dob’ eadh é mar do bhíodh ana-thigh age sna dritheáracha so nuair a bhíodar i n-aon tigh amháin. Agus ba mhinic a sháidh an t-áilteóir seo scian i gceann maith d’á gcuid caorach agus gan aenne ’á rádh leis.

Turus dár thugas amach déanach tráthnóna féachaint an bhfeicfinn na ba ag gabháil anuas cad a chífinn ná an réic ag teacht fé’n dtigh agus leath na caorach móire thiar air. Do scoilt Diarmaid an chaora mhór comh lom díreach sin go raibh leath a’ chinn ceangailte de leath an chuirp aige. An uair a chuaidh isteach do scaoil uaidh an t-ualach.