“Sin spóla agat, a bhean bheag, i gcomhair an Lae Bheannaithe,” ar seisean.
“Go mbeiri’ bliain ó indiu fé mhaise agus fé áthas ort, agus orainn go léir,” ar sise.
Le n-a linn sin seadh bhuaileas isteach. Thugas súil ar an dtabharthas.
“Dhera, mo ghraidhin do ghéaga, a shean-úncail!” arsa mise “Is agat atá an focal pé duine eile go bhfuil sé aige.”
“Ná dubhart libh go ndéanfainn a’ méid sin. Dar ndóigh mara mbeadh tusa agus congnamh Dé ní bheinn im’ beathaidh chun í mharbhú. Is mar onóir do Dhia do mharbhuigheas í agus chun í roinnt leat-sa. Ní scarfaidh cuimhne pholl a’ róin sin liom go deo,” ar seisean.
Do chasas uaidh agus do-chuas go dtí m’ bhosca, thógas amach buidéal de’n cheithre cinn a bhí fós ann agus thána ’n-a láthair. “Seadh, tá braon do so tuillte agat indiu nó riamh, a Dhiarmaid.”
“A Mhuire, ’Mháthair! cá bhfuairis é ar fad?” ar seisean.
“Nár bhuail aon bhuidéal ó sna daoine muinnteartha thu féin?”
“An diabhal é ach aon cheann amháin ó Mhuirisín Bhán, an seana-chara,” ar seisean.
Seadh, do líonas gloine go leith chuige mar dob’ é sin an tómhas a bhí insan árus a bhí im’ láimh. “A Rí na n-Aingeal! ná fuil ’fhios agat ná fuil mo sheana-chreatalach i gcumas an méid sin d’ól do gheit tar éis fuirse an lae.”
“Braon beag na Nodlag an braon so.”
Bheir sé ar an ngloine agus ní ró fhada go raibh a raibh innti i n-áit a choimeád é; agus dubhairt láithreach, “Tá súil le Dia againn go mbeidh Nodlaig mhaith againn agus Inid ’na dhiaidh,” ar seisean, ag preabadh ’n-a sheasamh agus ag bualadh an doras amach. Do phreabas féin ’n-a dhiaidh agus do chasas isteach é.
“Dhera! nach ort atá an deabhadh,” arsa mise.