An t-Oileánach/15

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
An t-Oileánach by Tomás Ó Criomhthain
Nodlaig ghrinn
[ 147 ]
XV
NODLAIG GHRINN

“Sin spóla agat, a bhean bheag,” Oidhche Nodlag, braon an tseoidh agus na h-amhráin, an báire comórtais, Diarmaid gearrtha, an dara báire, Tomás leointe, ceol go h-éirghe lae.

Maidean Oidhche Nodlag. “Is dócha,” arsa mise lem’ mháthair, “gur fearra dhom dul ag triall ar chaora, beag mór a bhfuil ann aca.”

“Ná téiri,” ar sise, “leig do Dhiarmaid na gaoithe. Beidh ’fhios againn an mbeidh sé do réir a chuid píopaireachta. Má mharbhuigheann sé an chaora mhór úd beidh dóthain an dá thighe innti ach tá eagla orm ná beidh sé do réir a ghothaí.”

Ba lugha an mhuinghin a bhí aici as ná bhí agam-sa go mór. Do bhí dóchas agam-sa, dá ndéanfadh sé an chaora mhór a threascairt, go ndéanfadh sé maith d’á fhocal. Búistéir déanta dob’ eadh é mar do bhíodh ana-thigh age sna dritheáracha so nuair a bhíodar i n-aon tigh amháin. Agus ba mhinic a sháidh an t-áilteóir seo scian i gceann maith d’á gcuid caorach agus gan aenne ’á rádh leis.

Turus dár thugas amach déanach tráthnóna féachaint an bhfeicfinn na ba ag gabháil anuas cad a chífinn ná an réic ag teacht fé’n dtigh agus leath na caorach móire thiar air. Do scoilt Diarmaid an chaora mhór comh lom díreach sin go raibh leath a’ chinn ceangailte de leath an chuirp aige. An uair a chuaidh isteach do scaoil uaidh an t-ualach.

[ 148 ]“Sin spóla agat, a bhean bheag, i gcomhair an Lae Bheannaithe,” ar seisean.

“Go mbeiri’ bliain ó indiu fé mhaise agus fé áthas ort, agus orainn go léir,” ar sise.

Le n-a linn sin seadh bhuaileas isteach. Thugas súil ar an dtabharthas.

“Dhera, mo ghraidhin do ghéaga, a shean-úncail!” arsa mise “Is agat atá an focal pé duine eile go bhfuil sé aige.”

“Ná dubhart libh go ndéanfainn a’ méid sin. Dar ndóigh mara mbeadh tusa agus congnamh Dé ní bheinn im’ beathaidh chun í mharbhú. Is mar onóir do Dhia do mharbhuigheas í agus chun í roinnt leat-sa. Ní scarfaidh cuimhne pholl a’ róin sin liom go deo,” ar seisean.

Do chasas uaidh agus do-chuas go dtí m’ bhosca, thógas amach buidéal de’n cheithre cinn a bhí fós ann agus thána ’n-a láthair. “Seadh, tá braon do so tuillte agat indiu nó riamh, a Dhiarmaid.”

“A Mhuire, ’Mháthair! cá bhfuairis é ar fad?” ar seisean.

“Nár bhuail aon bhuidéal ó sna daoine muinnteartha thu féin?”

“An diabhal é ach aon cheann amháin ó Mhuirisín Bhán, an seana-chara,” ar seisean.

Seadh, do líonas gloine go leith chuige mar dob’ é sin an tómhas a bhí insan árus a bhí im’ láimh. “A Rí na n-Aingeal! ná fuil ’fhios agat ná fuil mo sheana-chreatalach i gcumas an méid sin d’ól do gheit tar éis fuirse an lae.”

“Braon beag na Nodlag an braon so.”

Bheir sé ar an ngloine agus ní ró fhada go raibh a raibh innti i n-áit a choimeád é; agus dubhairt láithreach, “Tá súil le Dia againn go mbeidh Nodlaig mhaith againn agus Inid ’na dhiaidh,” ar seisean, ag preabadh ’n-a sheasamh agus ag bualadh an doras amach. Do phreabas féin ’n-a dhiaidh agus do chasas isteach é.

“Dhera! nach ort atá an deabhadh,” arsa mise.

[ 149 ]“Ó!” ar seisean, “ní mar a chéile an oidhche anocht agus aon oidhche eile agus níl sé ceart agam faillighe a thabhairt im’ ghramaisc bheag féin Oidhche Bheannaithe Dé.”

Do cheapas riamh ná raibh sé comh deaghmhóideach agus bhí sé san am san mar garbh-ghlórach ba ghnáthach leis bheith i gcomhnaidhe agus ana-mhinic gur síos ba ghnáth leis dul ag lorg cabhartha aon uair a thagadh paiseón air. Do mhéaduigh na cainnteanna san mo ghradam do fara mar bhí. I gcionn tamaill d’imigh sé.

An uair a bhí am na soillse lasadh “Oidhche Bheannaithe Dé,” dá raghfá thoir theas ar an mbaile, mar is ann atá aghaidh gach dorais agus fuinneóige, agus gach sórt soluis lasta an oidhche sin, ba dhóigh leat gur sciathán d’áit éigin naomhtha é agus an lanntán go bhfuil sé i lár na fairrge móire. Do chloisfá fuaim ins gach tigh an oidhche seo mar, beag mór é an braon a thagann, coimeádtar i dtómas na h-oidhche sin é. B’fhéidir go mbeadh amhrán age sean-duine nár mhuscail a ghuth le bliain roime sin. I dtaobh seana-mhná dho, bíd sin go minic ag duanaireacht.

Níorbh’ fhearr liom-sa féin an oidhche go léir do chaitheamh age baile ná bualadh amach tamall. Is é áit go rabhas chun m’aghaidh a thabhairt ná go dtí Paid Shéamais tamall mar ní raibh sé ró-shláintiúil fós. Do bhí fhios agam ná raibh aon deoir aige agus do bhuaileas chugham leath-phiúnt. Do bhí fáilte agus fiche romham. Fear go mbainfá ana-chaitheamh aimsire as dob eadh é ach dob’ é ná raibh sásta toisc ná raibh aon bhraon i gcomhair na Nodlag aige. An méid a thug sé ó’n nDaingean leis bhí sé diúgaithe aige toisc é dhul chun seachráin ’na shláinte de dhruim ragairne.

Shíneas an leath-phiúnt chuige. “Diúg é sin,” arsa mise leis, “mar caithfir amhrán a rádh.”

“Beir gan amhrán,” arsa Cáit, “má théigheann an leath-phiúnt siar aige.”

“Déarfad amhrán, leis,” arsa Tomás. Cnagaire d’ól sé agus ní amhrán adubhairt sé ach seacht gcinn.

[ 150 ]Lá Nodlag agus aimsir na Nodlag, bhíodh comórtas báire ar siubhal agus an baile go léir ceangailte isteach insa chluiche báire sin. Bhíodh beirt beartaithe, fear ó’n dtaobh ’na dhá maor. Bhíodh gach ’ra fear aca san ’á ghlaodhach nó go mbíodh a mbíodh ar an dtráigh roinnte aca le chéile. Camáin agus liathróid do bhíodh againn. Ar an dTráigh Bháin a bhíodh an báire gan stoca, ná bróg amach go muineál aon uair a théigheadh an liathróid ’on fhairrge. Ar feadh dhá lá dhéag na Nodlag ní bhíodh sé i gcumas aon fhir san Oileán an bhó a bhagairt chun cnuic le tinneas droma agus tinneas cnámh, cos dhubh age beirt, fear eile ar leath-chois go ceann mí.

An Lá Nodlag úd do bhí Diarmaid agus Tomás, mo dhá úncail, i gcoinne a chéile. Is ar thaobh Dhiarmada do bhíos féin agus is ann dob’ fhearr liom a bheith mar dá ráineochadh liom bheith ’n-a choinne ní fhéadfainn mo leath-dícheall a dhéanamh, dá mbeinn i ngoireacht do.

Do chuireamair trí bháire ortha i ndiaidh a chéile agus do bhí an dá thaobh ar buile—iad san d’iarraidh go mbeadh báire éigin aca féin ’e bharr an lae agus an taobh eile ag maoidheamh. Ag déanamh ar an slí dhúinn chun teacht abhaile—

“Mo náire é!” arsa Diarmaid, “níor leigeamair aon bháire ó mhaidean libh!”

Ar chaitheamh na cainnte seo do Dhiarmaid do bhí a dhritheáir Tomás roimis suas insa tslí. Do chas sé anuas agus do thóg an deárna agus do bhuail i bpoll na cluaise é agus do chuir síos ar an dtráigh in’ fhuairthnín marbh é, nach mór.

“Dar ndóigh, a dhiabhailín, ní tusa dhein an saothar san,” arsa Tomás.

Ní raibh an tuitim árd ach bhí an áit. anacair. Do stop a chainnt air mar baineadh de ar fad í agus do bhí uair a chluig ann sara raibh aon smitig aige agus a raibh ar an dtráigh timcheall air ach an té do bhuail é. Do bhí san imithe abhaile. Ní fada go raibh an fiteán glóir ag neartú aige [ 151 ]agus nuair a bhí ní raibh sí ar fónamh mar gurbh é an chéad rud adubhairt sé:

“Mo chorp agus m’anam, gur mise an sagart udhachta a bheidh air siúd!”

Do cuireadh ar a bhonnaibh é agus ba ghairid go raibh sé ag teacht chuige féin. Ní raibh air ach cúpla scrabhadh ar an mhalainn. Do bhuaileamair abhaile agus dob’ ar éigean a bhíomair ábalta ar é dhéanamh tar éis tuirse an lae.


Níor mhór é ár ngnó tar éis bháire mór Lae Nodlag ach gach nduine bhí ann scoth-bhacach go maith. Tinneas na gcos agus na gcnámh ortha; ach do bhí seachtain suainis againn go Lá Caille. An duine go raibh a chamán briste air bhí sé ag soláthar a mhalairt.

Ní mór na camáin a bhí ar an dtráigh ná gur ó Pharóiste Fionntrágha a tháinig sé, comáin aitinn go mbíodh cor cam ionnta agus liathróid déanta de shnáithín stoca agus í fuaighte le snáithín cnáibe. Is minic a bhuaileadh sí ins na rúitíní slataire fir agus bhíodh a chos ó úsáid an lá san aige. Pé maith a bhí ionnam-sa ní raibh mo chomán ar dtuathal. Ráinig dom bheith ar leath-imeall sa chluiche Lá Caille, thairrigíos lem’ acmhainn ar an liathróid agus cé ráineochadh fé n-a brághaid ach m’úncail Tomás, agus cá mbuailfeadh an liathróid é ná i bplaitín na glún agus do chuir an plaitín as ionad.

“Mo ghraidhin do ghéaga,” arsa Diarmaid, an chéad ghuth do chuala. Do cheap Diarmaid ná raibh an dritheáir comh h-aindis ach nuair a chonnaic sé go raibh do laguigh ar a ghreann agus ar a phíopaireacht. B’éigean m’úncail bocht a thabhairt abhaile le teannta daoine agus ní i gan fhios do Dhiarmaid a chuaidh sé abhaile.

Ag déanamh ar an dtigh dom féin, cé bheadh im’ dhiaidh insa chasán ná Diarmaid agus ní thabharfá dhá phinginn air tar éis fuirse an lae. Do stadas gur tháinig sé suas liom. [ 152 ]“Tá beagán gnótha agam go fóil díot,” arsa mise leis. Ba chuma leis cad é an gnó, do ghluais sé i n-éineacht liom.

Thairrig mo mháthair cos Thomáis chuige; nár mhór an buille fuair sí agus go mbeadh sé gan aon tairbhe insa mbliain seo; gur droch-áit plaitín na glún, agus gur mó ceann aca ná téigheann ’na cheart go deo.

“Déanfaidh sé bacach maith!” arsa Diarmaid.

“An b’ é sin do thruagh dho?” ar sise.

“Níl ach seachtain ó scaoil sé féin mo chuid fola-sa ar bheagán chúise,” arsa Diarmaid. “Tagadh sé chuige féin—ach go bhfuil truagh agam do sna páistí,” ar seisean.

Nuair a bhí an méid sin ráidhte aca do chuas go dtí an bosca agus thugas liom píopaire buidéil a bhí gan oscailt fós. Cheap Diarmaid nuair a chonnaic sé é gurbh’ ó Fhlaithis Dé anuas a thuit sé. Thugas gloine dho agus níor thug druim láimhe léi, mar ná raibh leath-scéal aige chuige, agus an uair a bhí sí thiar aige insan áit go raibh gádh léi, dubhairt sé: “M’anam ó’n fial! go mbeinn le cur indiu mara mbeadh pé rud a phrioc tu agus oiread a thabhairt leat do, ó’s dócha gurb é Dia é.”

“Ach is ’n-a bhronntanas a fuaireas an chuid ba mhó dho, a Dhiarmaid.”

“Ach, dar th’anam ’on diabhal! ná rabhas-sa ag tabhairt earraí uatha sara rugadh tu agus nach beag a shíneadar chugham,” ar seisean.

“Is dócha gurb amhlaidh a bhraithid siad ag dul chun deiridh thu agus nárbh’ aon mhaith dóibh a bheith ad bhreabadh chun aon ní d’fhagháil dod’ bharr!”

“Nár thuga’ Dia aon ní dhóibh siúd, an scata rógairí!” ar seisean.


Nuair a bhí m’úncail ar mo thóil agam—agus do bhí súd agus an fiteán glóir múscailte ag an mbraon ann—dubhart go dtabharfainn turus ar Phaid Shéamais. Cé ná raibh sé réidh fós leis an ngalar a fuair sé sa Daingean do bhí sé i [ 153 ]dtiomáint an bháire gach lá; agus níor mhaith ann é an Nodlaig sin—rud ná raibh le rádh go dtí san leis. Do dheineas machtnamh nárbh’ fhada le dul cnagaire agus go mbeadh a luach de sheódh agam ar Phaid. Do bhuaileas chugham é agus do bhaineas amach an tigh. Dob’ annsa liom roinnt le Paid, mar dá mbeadh sé aige do bheadh mo chuid agam-sa dhe gan amhras.

Do bhíos tamall istigh agus dubhart sa deire; “Níl scéal ná duain insan tigh seo anocht agus nár cheart rud éigin a bheith ar siubhal oidhche chinn bliana?”

“Níl fear a’ tighe ró mhisniúil fós,” arsa Cáit.

“Is dócha go bhfuil ceal a choda féin air,” arsa mise.

“Dá mbeadh rud éigin a bhogfadh a chroidhe aige b’fhéidir go mbeadh racaireacht éigin ar siubhal.”

“An diabhal an magadh san, a Thomáis Criomhthain,” arsa Paid, “pé freangaí eile atá ’ár gcnámha.”

Thugas seáp fé’n gcupa do bhí ar crochadh ar an dresser agus thugas liom é. Chuireas lán béil ann agus thugas do. Níor ghádh bheith ’á thathant air agus níor mhór an aga go raibh “Báb na gCraobh” ar siubhal aige agus níor stad sé ó cheann go ceann eile.

Níor ró fhada gur chuala glór na mbróg ag teacht agus cheapas gurbh’ é m’athair é ag glaodhach chun bidh orm, ach an uair a chuir sé a cheann isteach cé bheadh ann ná Diarmaid.

“Tá do chuid bídh ullamh,” ar seisean liom-sa. Bhí garsún leis féin i n-éineacht leis a tháinig ag glaodhach air ach ní raibh ró-fhonn abhaile ar Dhiarmaid ach is amhlaidh a shuidh sé síos ar stól do bhí ann ná raibh fé ach trí cosa.

“Mhuise is dócha,” ar seisean le Paid, “ná bheadh aon rann den ‘Súisín Bán’ agat? Is fad’ ó chuala é.”

“Dhera, léan ar do lár!” arsa mise leis, “ní foláir nach leis an amhrán san fhanfair-se agus garsún ag glaodhach chun prátaí ort uair a chluig ó shin.”

“Tása ’ge Dia, má deir sé é go bhfanfad agus le ceann eile ’n-a dhiaidh, agus go ngealfaidh sé anoir amáireach!” [ 154 ]arsan craiceálaidhe. “Is cuma dhuit-se ach téiri’ féin chun do chuid bídh.”

Ó’n uair nár dhein san rud orm-sa do dheineas-sa rud air sin agus bhuaileas amach agus d’fhágas annsan iad agus gan cíos, cás ná cathú ar aenne de bheirt aca. Ar dhul abhaile dhom bhí na prátaí lag-fhuar go maith romham.

“Is mairg duit nár fhan tamall eile ann,” arsa mo mháthair, “nó ar ghlaoidh an réic ort?”

“Do dhein ach is túisce an chú ná an teachtaire,” arsa mise. “Tá sé féin fós ann.”

“A Mhuire, nach é an fear fuar é!” ar sise.

Nuair a bhí mo chuid ithte agam do chrom an bheach ar bheith am’ priocadh arís chun tigh a’ tseoidh a bhaint amach. Do dheineas machtnamh ná tiocfadh an oidhche sin go ceann bliana arís.

As an machtnamh san d’innseas dom’ mháthair é—go rabhas ag dul go dtí tigh Phaid Shéamais arís agus má bheinn déanach ag teacht gan aon tsuim a chur ann.

“N’fheadar,” arsa mise leis an mbeirt aosta. “a’ dtabharfainn liom braon go ti’ Cháit?” ’Á mbraith a bhíos féachaint cad a cheapfaidís de’n scéal. M’athair ba mheasa liom a labhairt mar ní bheadh san ag cannrán go deo ach le duine do bheadh i bhfad as an slí.

“Is minic do h-óladh cuid mhaith ameasc na namhad agus, dar ndóigh, ní haon namhaid duit tigh di dhriféar; agus má tá t’úncail leis ann nach sibh féin sibh féin.”

Bhuaileas an doras amach. Ní bheinn sásta mo chroidhe féin a bheith leis gan toil na beirte aosta. Do bhí clos ar fhear an tseoidh agam i bhfad ó’n dtigh.

“Mhuise, Dé do bheatha-sa, pé scéal é!” ar seisean.

“Nár chuais abhaile fós?” arsa mise.

“Ná an diabhal é!” ar seisean. “Tá na daoine muinnteartha flúirseach, moladh le Dia, ar fuaid an bhaile. Deinim mo thigh féin do n-a lán aca. Tá mo chuid bidh caithte annso agam, a bhuachaill, agus mo chuid dighe ’n-a theannta.”

[ 155 ]“Raibh aon amhrán ó shin agaibh?”

“Bhí chúig cinn; agus beidh a thuille ó’n uair gur casadh tusa aríst chughainn. Oidhche d’ár saoghal iseadh í. Ní fios cé mhairfidh ar a teacht aríst.”

Scaoileas scíobas amach chucha. Rug Diarmaid ar an árus agus do chuir gotha ceoil air féin agus do ghaibh:

“Nach ró-bhreagh an t-oideas dochtúra
    An stuif seo ’s a’ lionn do bheith saor,
Mar tógann sé tuirse ’gus brón dínn
    Is deineann sé súgach a’ saoghal;
An chailleach a bhíonn bliain insa chúinne
    Is í caithte sa tsúsa le péin:
Nuair ólann sí lán a’ leath-phiúint di
    Go raideann sí ’n súsa san aer.”

Níor chrothadh lámh go dtí é age n-a raibh istigh—agus seacht crothadh nuair a bhí an bhéarsa críochnaithe aige.

“Abair-se amhrán, a Phaid,” arsa mise leis an bhfear eile. Dubhairt sé “Éamonn Mágáine” agus do thaithin sé go mór liom mar go raibh guth maith aige, sé sin nuair a glanfaí a scórnach leis an rud cóir. “Cosa buidhe árda dearga,” adubhairt an réic. Do phreab sé ’n-a sheasamh agus ar seisean: “Mhuise, beannacht Dé le h-anaman do mharbh agus abair ‘An Chuilt’ dom. Níor chuala riamh as a chéile í ó leig an file Ó Duinnshléibhe as a bhéal í.”

Ní mór an tathant d’iarras cé gur shuaidh “An Chuilt” go maith me. hOcht ranna déag: sin a ndubhart.

“A Rí na Glóire, moladh go deo Leis! conus a chuir sé le chéile í?” arsa Diarmaid.

Mar sin dúinn nó gur gheal an lá anoir orm. Do bhí an lá ag breacadh an uair a scaramair le chéile.

“Iarraim ar Dhia agus nár bhuailidh maisle ná máchail sibh go ceann bliana,” arsa Diarmaid, ag tabhairt aghaidh ar a thigh féin soir; mise siar. Do chuas a chodladh agus do bhí aimsir dinnéir ann le linn me mhúscailt.

[ 156 ]Tháinig an tráthnóna san glas láidir agus dubhairt m’athair liom féinig: “Is fearra dhuit bualadh suas i gcoinne na mba ó’n uair ná fuil aon ealadha eile agat,” ar seisean.

Do bhuaileas mo chasóg treasna ar mo ghualainn agus do bhuaileas an cnoc amach. Ar shroichstint an lanntáin dom go raibh na ba ann do bhí daoine romham ann agus ameasc na ndaoine do bhí an file agus maide ’n-a láimh aige, mar do bhí bó an uair seo aige ná raibh a leithéid ar aonach, bó chíordhubh shlachtmhar do líonadh trí fircíní gach bliain go mbíodh sí ar a ceart. Colann bhreagh ’na teannta aige.

“Seadh,” arsa mise liom féin, “ní chuirfidh an file gnó an lae indiu amú orm fé mar do chuir an lá cheana do bhuail sé liom, a lá do chuir sé as bhaint na móna me.” Níor bhuaileamair le chéile sa chnoc ó shin go dtí so.

“A’ bhfuil ao’ phioc d’Amhrán an Asail agat?” ar seisean liom-sa.

“Tá cuid agam di agus cuid bhuam,” arsa mise.

“A’ bhfuil aon pháipéar id’ phóca? Má tá, tairrig chughat é agus do pheann. Gach ar dheineas d’amhráin bhéarfad ’on uaigh iad mara bpriocfair-se suas iad,” ar seisean.

Níor thaithin a ghlór ró mhaith liom mar nár mhaith liom suidhe le h-ais túrtóige tráthnóna fuar glas; ach níor ró fhada an mhoill ar an bhfile rann a dhéanamh dom féin ná raghadh ró mhaith dhom. Do chaith a raibh ann dínn cois maolchlaidhe sinn féin agus do chrom mo bhuachaill ar an amhrán a mhúscailt.

Geallaim-se dhuit, a chara na n-árann, san am go raibh dosaon rann breac síos agam-sa tráthnóna millte fuar gurbh’ fhearr liom ná beadh an file ar an saoghal so fós mar pé duine gur tháinig gnóthaí an fhile bog air nár mhise é agus sara raibh an bhreacarnach déanta ar an bpáipéar go raibh dubh na hoidhche ann.

B’eo leis gach nduine againn ag baint na dtighthe amach. Do bhí na ba age baile romhainn.

[ 157 ]“Dhera!” arsa mo mháthair, “cad a choimeád chomh fada sibh i ndiaidh na mba a leithéid d’oidhche fhuar láidir?”

D’innseas an fhírinne dhi.

“Mhuise, ní mór don bhfile féin a bhfuil de chéill aige agus bheith i mullach cnuic go dtí anois,” ar sise. “Tá do chuid bidh fuar anois ort.”

Do chlabas siar dosaon práta do bhí lag-fhuar go maith ach go raibh braon de bhainne the agus iasc te agam leo agus annsan do bhuaileas amach dom féin arís. Do bhí tigh áirithe ar an mbaile go mbíodh na h-óga go léir bailithe ann, idir bhuachaillí is chailíní, go meán oidhche. Chun sórt tuairisce thabhairt ar a’ dtigh sin dom agus ar na h-ógaibh a bhíodh i dtreo a chéile ann, is laochas liom le rádh nár thuit aon rud riamh mí-cheart amach eatartha le seacht mbliana agus trí fichid dom.

Do chaitheamair an oidhche ag rangcás le chéile go raibh sé siar san oidhche go maith. Thánga abhaile agus do chuas a chodladh.