An t-Oileánach/16

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
An t-Oileánach by Tomás Ó Criomhthain
An Inid, 1878
[ 158 ]
XVI
AN INID, 1878

Cleamhnaistí agus póstaí agus cóisirí, i gcás idir dhá chomhairle, cleamhnais, mé pósta, an cúram, an obair, an chlann agus an mí-ádh.

Inid ghearra do bhí an bhliain sin ann (1878) agus níor mhór cur chun gnótha cleamhnais níos túisce ins na h-oileánaibh ná ar an mín-tír, dar ndóigh. Leis sin do sheol lánamha amach as go luath. Is dócha ná raibh an spré ag cur mórán moille ortha mar ná raibh a leithéid eatartha.

An uair a chuaidh an dream so comh fada le tigh an tsagairt, agus an t-am chun a bpósta ann, ní raibh an cailín le fagháil, beo ná marbh, cé gur mhó duine do bhí ’á lorg. Fear ó Dhúnchaoin a ghaibh ó thuaidh ag dul ar phósadh eile, d’innis dóibh go raibh sí ’n-a choinne siar. Do cuireadh capall agus marcach insa tsiubhal chun teacht suas léi ach ar theacht chun Dúnchaoin do, bhí sí seolta go dtí an Blascaod i mbád a bhí ag dul ag iascach.

Níorbh’ fhada do bhí sí age baile san am gur sheol sí amach arís le fear dob’ annsa léi ná an chéad fhear. Níor mhór ar fad a lean iad toisc go raibh beagán aitis insa chúrsa aca. Níor lean aenne an cailín.

Cé gur bheirt fhear iad ná raibh rogha na díogh ortha thar n-a chéile féach gur dhein an cailín rogha mór do dhuine aca. An buachaill gur thug sí a cúl do níor leig sé a mhaidí ar lár. Go baile mór Thráighlí a chuaidh sé ag soláthar mná—inghean bhaintrighe ó Dhúnchaoin a bhí i n-aimsir ann.

[ 159 ]An baile céadna i nDúnchaoin go mbíodh staidéar ar an mbuachaill sin is ann a bhíodh sé orm-sa mar do bhí duine muinnteartha liom ann agus beirt. Is amhlaidh a rug an aimsir amuich orainn an babhta san tar éis pósadh an tseoidh seo thuas; mar bhíos-sa air, agus me gairid i ngaol leis an gcailín, leis, agus is agam ná raibh an milleán uirthi i dtaobh an ruda a dhein sí; mar beatha duine a thoil, agus is smut de é.

Sara ráinig linn-ne dul abhaile do bhí maighre Thráighlí i nDúnchaoin. Ar maidin amáireach do bhuail an t-óigfhear gur imigh an bhean uaidh an doras go rabhas.

“Is dócha,” ar seisean, “go mbeadh leisce ort dul ar an mBuailtín i n-éineacht liom.” Annsúd a bhí an sagart.

“Cad é an fáth go bhfuil dabhat agat ann?” arsa mise.

“Ó thu bheith cheana ann go geairid; agus rud eile, ó’n uair nár shroicheas féin agus do bhean mhuinnteartha a chéile,” ar seisean.

“Nach cuma dhuit má shroicheann an tarna bean chughat,” arsa mise.

“Am baiste, mhuise, b’fhéidir go bhfuil an ceart agat! agus níl sí agam fós,” ar seisean.

Ar shroichstint an Bhuailtín dúinn do bhí a lán daoine bailithe ann, fear an tarta, fear na gcleas, fear an ghrinn. An t-am go raibh beirt an Bhlascaeid le pósadh do lean a ndream féin iad. Sin é an uair a fuaireas aithne ar an óg-mhnaoi agus, geallaim-se dhuit, dábur ó phríomh-chathair Éireann í nár náireach do’n gcathair í. Tar éis an tséipéil tigh an tábhairne an tigh eile a baineadh amach, áit go raibh cnagarnach óil agus rinnce, amhráin agus gach cleas eile do bhain le caitheamh aimsire. An uair a bhí sé ag déanamh ar a deich do bhí na daoine ag scaipeadh. Chífeá fear idir bheirt fhear ag imeacht agus an bhean a bhain leis ’n-a dhiaidh aniar agus gan í sin ’n-a tost.

Aon lá amháin iseadh tháinig an dá chóisire isteach. Do bhí dóthain an Oileáin de gach ní aca; agus do bhí rangcás [ 160 ]agus greann agus caitheamh aimsire insa dá thigh age muinntir an bhaile go léir. N’fheadar an ndubharthas oiread amhrán Gaedhealach ar aon dá phósadh riamh leis an dá phósadh so. Níor stad guth go h-eadartha lár-na-mháireach insa dá thigh ach go ndubhairt cailín Thráighlí ceann nó dhó as Béarla. Do bhí athair a céile ag rinnce ar bhórd agus dob’ éigean gallúnach a chur fé’n mbórd do mar do bhí cuid mhaith ag rinnce roimis air. Rinnceóir iongantach dob’ eadh é; ach do bhí braon caithte aige agus níor mhór an gheáitseáil a bhí déanta aige an t-am gur baineadh dá bhonnaibh é ach má ’seadh do ghaibh sé a bhuinn ar an úrlár agus do chríochnuigh an step comh deas agus do chonnac riamh é.


Is nós insa Bhlascaod riamh agus fós é pé rud a chuireann cuid aca ar bun go mbíonn an chuid eile go léir d’iarraidh an rud céadna do dhéanamh. Bliain do phósfadh a mbeadh ann agus seacht mbliana ’n-a dhiaidh sin ná pósfadh aenne ann.

Ag tagairt do’n bhliain seo ar siubhal agam atáim—mar nár fhan cailín ná buachaill gan pósadh ann sara raibh an Inid amuich.

Tar éis mo thuruis dom féin ceann de sna h-oidhcheannta, agus smut maith de’n oidhche caithte, cé bhraithfinn istigh romham ná Diarmaid na gaoithe agus do bhí fuaim aige ’n-a ghuth má bhí riamh agus é ag déanamh leibhéil do’n mbeirt aosta cad é an ciotaighe dhéanfadh sé dhóibh a bheith bliain eile gan cabhair ná congnamh, “agus b’fhéidir dhá bhliain,” ar seisean. “Agus tá tuairisc agam-sa chughaibh ó’n gcailín is fearr do bhris an t-arán riamh, agus is fearr agus is breaghtha ar gach cuma.”

Níor leigeadar an scéal ar lár tar éis mise do dhul isteach agus do coimeádadh ar siubhal i bhfad é nó go raibh gach duine do bhí istigh sásta glan, adéarfá; cé go raibh scrúdú eile le bheith fós ar an scéal, mar ná raibh an chomhairle go léir láithreach. Pé aca san é do bhuail Diarmaid [ 161 ] amach agus ní bhrisfeadh sé ubh fiaidh fé n-a chosa. Dar leis go raibh an séala ar an ngnó.

Mo dhriofúr Máire do bhí i Meirice agus tagaithe abhaile agus pósta thar n-ais, do chualaidh sí go raibh Diarmaid, réic, ’ár dtigh-ne agus cleamhnas ar bun aige ann agus do ghluais sí féachaint arbh’ fhíor é. Do h-innseadh di mar bhí, ach ba bheag uirthi an scéal agus do bhreac sí amach do’n mbeirt aosta cad é an oibliogáid a leanfadh an té ná pósfadh duine béal-dorais ach a cheanglochadh le dream eile bhí i bhfad ó bhaile agus ná beadh cabhair ná congnamh le fagháil uatha lá an ghádhtair.

Do bhí cailín maith deigh-eolais beartaithe aici féin go raibh a muinntir ar an mbaile chun cabhair a thabhairt dúinn an uair ba ghádh é agus do chrom sí ar bheith ag léiriú mar seo dhúinn, fé mar bheadh bean ag léigheamh na Liodán, nó gur dhein sí comh mín le cat sinn, tré n-a chéile.

An chéad fhear do bhí pósta aici féin do bhí leanúnachas mór ar an dtreibh sin aici do shíor agus inghean dritheár do dob’ eadh an cailín seo bhí beartaithe aici dhúinn-ne go raibh an moladh go léir aici uirthi agus níor mholadh fallsa aici é. Drifiúr do’n Rí, atá ar an mBlascaod anois, í ach ná raibh an teideal rí aige an uair sin ná i bhfad ’n-a dhiaidh. Tá mo dhrifiúr Máire, a dhein an cleamhnas, curtha ó mhí na Nodlag 1923 agus í i n-aois a ceithre fichid an uair sin. Gur i bhFlaithis Dé d’á h-anam.


Seachtain ó’n lá san do bhí beirt againn pósta—Tomás Ó Criomhthain agus Máire Ní Chatháin—sa tseachtain deirinneach d’Inid, 1878. Níor lá go dtí é ar an mBuailtín. Bhí cheithre tigh ann agus bhí tamall ins gach tigh aca go raibh an lá mall go maith. Do bhí an tsráid-bhaile lán de dhaoine mar do bhí a lán de phóstaí eile ann. Do bhí cúig bheidhleadóirí ann, fear ins gach tigh ag mealladh dreama chuige féin agus bhí fear eile aca ná raibh i n-aon tigh ach i gcorp [ 162 ]na sráide agus níorbh’ é an fear ba mheasa aca bhí díolta é mar ba lasmuich do bhí an sluagh.

B’éigean dúinn scarúint leis an mBuailtín sa deire insan am ba mhó go raibh greann ann; ach ó ba rud go raibh an fhairrge mhór romhainn-ne agus cuid mhaith againn le tabhairt isteach b’éigean dúinn gluaiseacht.

Do lean mórán ó’n áit amuich sinn isteach—daoine muinnteartha. Do bhí amhráin flúirseach, agus rinnce ar siubhal agus gach uile ghreann, fuighleach dighe agus bídh go h-eadartha amáireach. Do bhailibh muinntir na tíorach leo.

Dubhairt daoine go raibh cúig bliana déag roime sin ó phós oiread aon bhliain amháin. Do bhí obair agus gnó ar siubhal an chuid eile de’n mbliain. Bliain mhór éisc dob’ eadh í. Ní raibh mairciréil ná gleamaigh ar siubhal ach iasc do bhí ’á mharbhú insa lá le báid mhóra agus saighne ins gach bád aca agus feirmeóirí na tuaithe ’á gceannach uatha.

Do bhínn-se ag cleachtadh na scoile gach tráth go mbíodh a leithéid le fagháil againn nó go rabhas ocht mbliana déag. Ní raibh mór-ghnó sa bhaile dhíom ar feadh an achair sin mar do bhí dritheáir liom sa tigh agus é pósta. Cailleadh a bhean san agus d’fhan beirt gharsún ’n-a diaidh. Do ghaibh mo mháthair leo nó go rabhadar chun reatha. Do chuaidh an dritheáir go Meirice.

B’éigean domh-sa, annsan, an scoil a thréigeant mar ní raibh aenne eile insa tigh ach m’athair. Trí bliana mar sin do bhíos ó scoil an uair a phósas. Bliain is fiche d’aois do bhíos. Ní mór de chúram an tsaoghail do bhí orm go dtí san ach rug sé orm ó’n lá san amach. Tháinig atharú an uair sin ar gach ní a bhain liom. Is mór an rud pósadh i saoghal duine. Athruigheann a mheon agus a thuiscint i dtaobh a lán rudaí agus thar gach ní eile cuireann sé faobhar chun an tsaoghail air. A ndubhairt siúd, do cheapainn-se gur ó Neamh do bhíodh an bheatha ag teacht chugham roime sin.

Do luigheas isteach go dian chun gnótha. B’eo go dtí an tráigh me chun leasaithe a dhéanamh chun breis phrátaí a chur [ 163 ]do mhuca. Bhíodh cúpla bó againn. Ar ghealadh an lae—caitheamh díom anuas, gan luid ach drárs, raca chun feamnaighe bhailiú agam, me amach go muineál sa bhfairrge; í chur ar bharra na h-aille annsan, í tharrac, í leathadh; gan té ná siuicre ach bainne, arán is iasc. Ba chomh-luath insa tráigh me nó insa chnoc, seal eile chun fairrge, seal ag marbhú róinte, seal i mbád mór saighne. A am féin ar gach gnó aca so. Do bhí na róinte cúntúrthach go maith. Bhíodh na daoine ag rith le n-a chéile go dtí iad am áirithe de’n bhliain; lá an tarraic mhóir i bPoll na Baise; gan sa pholl san ach slí duine ar faobhar d’iarraidh snáimh do dhéanamh ann; i scoilteán mara d’iarraidh róinte móra do mharbhú istigh agus iad a thabhairt amach thríd an scoilt sin. Ba dhóbair, lá, gurbh ann do bheadh deire mo shaoghail, fé mar innseas cheana, nuair a bhí m’úncail ’á bhádh’ agus an téad briste air.

Ó phósas do bhínn ar mo dhícheall mar sin d’iarraidh soláthar chun an tighe agus d’iarraidh mo chuid de gach ní bhíodh ag imeacht a bheith agam. Bhí m’athair i bhfad ’n-a chongnamh maith dom amuich is istigh.

Do saoluigheadh deichniúr clainne dhúinn ach níor lean an rath iad san, go bhfóiridh Dia orainn! An chéad duine riamh a baisteadh dom bhí sé a seacht nó a hocht de bhlianaibh nuair a thuit sé le faill agus marbhuigheadh é. As san amach níor thapúla duine orainn ná dinn. D’imigh beirt leis an mbruitínigh agus ní raibh galar d’á dtagadh ná beireadh duine éigin uaim. Bádh Domhnall d’iarraidh an bhean-uasal a thabhairt slán leis ar an dTráigh Bháin. Do bhí buachaill breagh eile agam, ag tarrac chugham. Ní ró fhada bhí an t-am gur tógadh uaim é.

Do ghoill buairt na neithe sin go léir ar an máthair bhoicht agus tógadh uaim í. Ní rabhas dall ar fad go dtí san. Nár dhallaidh Dia sinn. Bhí naoidhneán beag ’n-a diaidh—ach go raibh cailín beag fásta suas a thug aire dhi—ní raibh sí ach fásta suas san am gur glaodhadh uirthi chomh maith leo. [ 164 ]An cailín a thóg í sin do phós sí sa Dún Mór. Cailleadh í sin, leis, agus d’fhág seisear leanbh ’n-a diaidh. Buachaill amháin atá fanta faram annso sa bhaile. Buachaill eile i Meirice. Sin é crích d’imigh ar mo chlainn-se. Beannacht Dé leo—a bhfuil san uaigh aca—agus leis an mnaoi bhoicht gur bhris a misneach d’á ndeascaibh.